An difríocht idir athruithe ar: "Aogán Ó Rathaille"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Ba [[Filíocht|file]] é '''Aogán Ó Rathaille''' ([[1675]]? – [[1729]]), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na [[Gaeilge]] ar a dtugtar ''[[aisling]]''. Rugadh Ó Rathaille i [[Screathan an Mhil]] ( ''Béarla: Scrahanavee''), [[Sliabh Luachra]], [[Contae Chiarraí]]. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.

Fuair sé teagasc sa [[Laidin]] agus sa [[Béarla|Bhéarla]] agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na [[dán|dánta]]ta ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain [[1714]] a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach [[Seoirse I]] (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i g[[Cúige Mumhan]] anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa [[17ú haois|seachtú haois déag]] nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.

Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, [[Cill Airne]], Co Chiarraí.

== Saothar ==
=== Aislingí ===
* 'Gile na Gile'
* 'Mac an Cheannaí'
* 'An Aisling'
=== Dánta Eile ===
* 'Cabhair ní Ghairfead'
* 'Is fada liom Oíche Fhírfhliuch',

'''Is fada liom Oíche Fhírfhliuch'''

Is fada liom oíche fhírfhliuch gan suan, gan srann,
gan ceathra, gan maoin caoire ná buaibh na mbeann;

anfa ar toinn taoibh liom do bhuair mo cheann,

's nár chleachtas im naíon, fiogaigh ná ruacain abhann.

Dá maireadh an rí díomhair ó bhruach na Leamhan

's an ghasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall

i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gcam,

go dealbh í dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.

An Carathach groí fíochmhar lér fuadh an mheang

is Carathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann;

Carathach, rí Chinn Toirc, in uaigh 's a chlann,

's is atuirse trím chroí gan a dtuairisc ann.

Do shearg mo chroí im chlíteach, do bhuair mo leann,

na seabhaic nár fríth cinnte, agár dhual an eang

ó Chaiseal go Toinn Chlíona 's go Tuamhain thall,

a mbailte 's a dtír díthchreachta ag sluaghaibh Gall.

A thonnsa thíos is airde géim go hard,

meabhair mo chinnse cloíte ód bhéiceach tá;

cabhair dá dtíodh arís ar Éirinn bhán,

do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid.

== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.rte.ie/radio1/scribhneoiri/1195689.html De hAoine 28 Márta 2008, An tOll. Breandán Ó Buachalla ag plé ar fhilíocht Uí Rathaille.]
* [http://www.geocities.com/Athens/Library/9107/aogan.html Saol agus dhá dhán (i mBéarla)]
* [http://www.feasta.ie/2006/deiref/alt5.html Léirmheas le Frainc Ó Murchadha ar Ghile na Gile le Paddy Bush ]

{{síol}}
19,799

edits