An difríocht idir athruithe ar: "Aosdána"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Acadamh neamhfhoirmiúil de [[Scríbhneoir|scríbhneoirí]], lucht léinn, agus ealaíontóirí Éireannacha is ea '''Aosdána'''. Bhunaigh [[an Chomhairle Ealaíon]] an grúpa sa bhliain 1981. Faigheann an t-acadamh agus a bhaill liúntais ó rialtas na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Aosdána aitheantas a thabhairt dá bhaill, chomh maith leis na healaíona a chur chun cinn in [[Éire|Éirinn]].
 
== Coinníollacha Ballraíochta ==
 
Tá uimhir theoranta cheadaithe de 250 ball san acadamh seo agus tá 228 ball ann i láthair na huaire.<ref>http://aosdana.artscouncil.ie/Home.aspx?lang=ga-ie</ref> Is gá gur rugadh na baill in Éirinn nó go bhfuil siad ina gcónaí anseo le cúig bliana anuas ar a laghad. Roghnaítear baill nua ar ainmniú baill amháin agus le vótáil i measc na mball go léir. Tharla sé le déanaí, gur tugadh cead d'[[ailtire|ailtirí]] agus do [[córagrafaí|chóragrafaithe]] a bheith ina mball.
 
== Saoithe ==
 
Tugtar an teideal 'Saoi' (.i. duine críonna) ar bhaill áirithe, mar aitheantas dá n-éachtaí ealaíne. Ní bhíonn an onóir seo bronnta ach ar chúigear ball ar a mhéid, ag aon am amháin. Ag na baill féin a bhíonn na Saoithe á dtoghadh. Bronnann [[Uachtarán na hÉireann]] an teideal seo (i bhfoirm Torc Óir) ar dhuine agus coinníonn an duine an stádas seo ar feadh a s(h)aoil.
 
== Cnuas ==
 
Bronntar Cnuas (deontas) ar na baill, ar choinníollacha áirithe. Is deontas é seo a cheapadh le cur ar chumas na n-ealaíontóirí a n-aird go léir a dhíriú ar a gcuid ealaíne, gan a bheith buartha faoi airgead maireachtála. Déantar athbhreithniú ar an teidlíocht i leith an chnuais, gach cúig bliana. Bhí luach €12,180 ar an gCnuas sa bhliain 2006.<ref>http://aosdana.artscouncil.ie/Cnuas.aspx</ref> In éineacht leis sin, tá scéim sochar pinsin á cur ar fáil do na baill chomh maith ag an gComhairle Ealaíon.
 
== Tionól Ginearálta ==
 
Bíonn baill Aosdána ag teacht le chéile uair sa bhliain chun baill nua a thoghadh agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí agus ar obair na heagraíochta. San áireamh leis sin, déantar plé ar chás na n-ealaíontóirí agus na n-ealaíon i saol na linne.
 
== Conspóid ==
 
Spreagadh conspóid san eagraíocht seo sa bhliain 1997, nuair a rinne ball amháin, an file [[Máire Mhac an tSaoi]], iarracht tabhairt ar na baill go léir an scríbhneoir Francis Stewart a chaitheamh amach as an ngrúpa. Theip ar an rún agus d'éirigh Mhac an tSaoi as a ballraíocht féin san eagraíocht mar agóid ina choinne seo.<ref>[http://www.artscouncil.ie/Publications/An_Chomhairle_Eala%C3%ADon_1997.pdf Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Ealaíon, 1997, lth 12]</ref> Ba é an chúis leis seo ná an mhíshástacht a bhí ar Mhac an tSaoi i leith na bainte a bhí ag Francis Stewart leis na [[Naitsíochas|Naitsithe]] sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]] le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]].<ref>http://www.rte.ie/news/2000/0202/writer.html</ref>
 
== Tagairtí ==
 
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://aosdana.artscouncil.ie/Home.aspx?lang=ga-ie Suíomh gréasáin ''Aosdána'' as Gaeilge]
 
 
[[Catagóir:Cultúr na hÉireann]]