An difríocht idir athruithe ar: "Atmaisféar an Domhain"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ceb:Kahanginan
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
{{glanadh}}
[[ImageÍomhá:PIA04866 modest.jpg|thumb|right|Radharc ar atmaisféar gníomhach [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatair]], an [[Deargspota Mór]] san áireamh.]]
Is éard is '''atmaisféar''' ann (Gréigis: ἀτμός - atmos "gal" agus σφαῖρα - sphaira "sféar") ná ciseal de [[gáis|gháis]] a d'fhéadfadh [[Rinn réalteolaíoch|rinn]] ábhartha le dóthanacha [[Mais|maise]] a thimpeallú,<ref>[http://www.ontariosciencecentre.ca/school/clc/visits/glossary.asp Ontario Science Centre website]</ref> faoi réir [[Domhantarraingt|dhomhantarraingt]] na reanna, agus a bhíonn coinnithe le haghaidh tréimhse ama níos faide, más rud é go bhfuil an domhantarraingt ard agus teocht an atmaisféir íseal. Bíonn roinnt [[pláinéid]] comhdhéanta, den chuid is mó, de gháis éagsúla, ach sonraítear an ciseal seachtrach amháin mar atmaisféar (féach [[Gásfhathaigh]]).
 
Cuireann an téarma [[Atmaisféar réaltach|atmaisféar réaltach]] síos ar an réigiún lasmuigh de réalta, agus go tipiciúil áirítear an chuid ag tosú amach ón bhfótaisféar teimhneach. Féadfaidh réaltaí le teocht sách íseal móilíní cumaisc a chruthú in a n-atmaisféar lasmuigh. Cosnaíonn atmaisféar an Domhain, a choinníonn [[ocsaigin]] a n-úsáideann formhór na [[orgánach|n-orgánach]] i gcomhair [[riospráid|riospráide]]e agus [[dé-ocsaíd charbóin]] a n-úsáideann [[Planda|plandaí]], [[algaí]] agus [[cianbhaictéir]] i gcomhair [[Fótaisintéis|fótaisintéise]] , a chosnaíonn freisin orgánach beo ó dhamáiste géiniteach ag radaíocht ultraivialait gréine. Is í a chomhdhéanamh reatha ná toradh táirge na mbilliúin bliana de mhodhnú bithcheimiceach ar an phailéatmaisféar ag orgánach beo.
 
== Brú atmaisféarach ==
Is éard is brú atmaisféarach ann ná an fórsa in aghaidh an aonaidachair, atá i bhfeidhm go hingearach ar dhromchla, ag an gás máguaird. Aimsítear é ó fhórsa imtharraingthe an phláinéid i gcomhar le mais iomlán cholún aeir os cionn suímh. Tá [[aonad brú an aeir|aonaid brú an aeir]] bunaithe ar chaighdeán atá aitheanta go hidirnáisiúnta, sé sin 'an [[Atmaisféar Caighdeánach|tAtmaisféar Caighdeánach']], a shainmhínítear mar 101,325 Pa (nó 1,013,250 díneacha in aghaidh cm ²).
Laghdaíonn brú ghás atmaisféarach le hairde mar gheall ar laghdú mhais an gháis os cionn an tsuímh.
 
Tugtar an [[Airde scála|airde scála]] ar an airde ag a bhfuil an brú atmaisféarach laghduithe ag fachtóir de ''''e'''' ( uimhir éagóimheasta le luach de 2.71828 ..) ar a dtugtar ''''H'''' air. Nuair atá atmaisféar ann le teocht aonfhoirmeach, tá an 'airde scála' comhréireach leis an teocht agus i gcomhréireach contrártha leis an mais mhóilíneach mheánach
d'aer tirim oiread luasghéarú imtharraingteach an phláinéid. I gcás den sórt sin samhail atmaisféir eiseamláir, titeann an brú go heaspónantúil le airde na hairde. Níl, áfach, atmaisféir aonfhoirmeach i teochta, mar sin tá cinneadh cruinn ar bhrú an atmaisféir ag aon airde áirithe níos casta fós.
== Éalaitheach atmaisféarach ==
Tá difríocht shubstaintiúil idir [[Imtharraingt dromchla]] i measc na bpláinéad, an fórsa a choinníonn síos an t-atmaisféar. Mar shampla, tá fórsa mór imtharraingthe an [[ollphláinéad|ollphláinéid]] [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]] in ann gáis éadroma, mar [[Hidrigin|hidrigin]] agus [[Héiliam|héiliam]] a choinneáil, a éalaíonn ó réada le himtharraingt níos ísle. 'Fad ón ghrian' a chinneann an fuinneamh atá ar fáil chun gás atmaisféarach a théamh go dtí an pointe nuair a sháraíonn [[Gluaisne theirmeach|gluaisne theirmeach]] a mhóilíní [[Treoluas éalaithe|treoluas éalaithe]] an phláinéid, (''.i. an luas ina sáraíonn móilíní gáis greim imtharraingthe an phláinéid''). Dá bhrí sin, tá [[Tíotán (gealach)|Tiotán]], [[Tríotón (gealach)|Tríotón]] agus [[Plútón (abhacphláinéad)|Plútón]] in ann a n-atmaisféar a choinneáil, in ainneoin imtharraingtí réasúnta íseal. Féadfaidh pláinéid idir-réaltacha, go teoiriciúil, atmaisféir tiubha a choimeád freisin.
 
Ós rud é, ag aon teocht ar leith, go mbíonn móilíní gháis ag bogadh ar raon leathan treoluasanna, beidh roinnt mall-sceitheadh de gháis amuigh sa spás ag titim amach, beagnach go leanúnach. Bogann móilíní a bhíonn níos éadroime níos tapúla ná na cinn níos troime leis an [[Fuinneamh cinéiteach|bhfuinneamh cinéiteach]] céanna , agus mar sin, bíonn gáis de mheáchan móilíneach íseal a chailleadh níos tapúla ná iad siúd de mheáchan móilíneach ard. Síltear go mbéidir gur chaill [[Véineas (pláinéad)|Véineas]] agus [[Mars (pláinéad)|Mars]] a gcuid uisce go léir beagnach nuair, tar éis a bheith fótai-díthiomsaithe chuig [[Hidrigin|hidrigin]] agus [[Ocsaigin|ocsaigin]] ag solas ultraivialait na Gréine, d'éalaígh an hidrigin.
 
== Comhshuíomh ==
[[ImageÍomhá:Top of Atmosphere.jpg|thumb|290px|right|Scaipeann gáis atmaisféarach solas gorm níos mó ná tonnfhaid eile, ag tabhairt luan gorm ar an Domhan nuair a fheictear air ó spás.]]Is é is cúis le comhshuíomh ceimiceach atmaisféir tosaigh ná go ginearálta ceimiceáin agus teochtaí an [[Réaltnéal|réaltnéil]] áitiúil, i rith fhoirmíocht phláinéadach, agus an t-éalaíoch gháis ón taobh istigh ina dhiaidh sin. Tháinig éabhlóid nach beag ar na hatmaisféir bunaidh thar tréimhse ama, le hairíonna éagsúla na bpláinéad mar thoradh ar na torthaí an-difriúil atá fágtha.
 
Tá atmaisféir na bpláinéad [[Véineas (pláinéad)|Véineas]] agus [[Mars (pláinéad)|Mars]] comhdhéanta go príomha de [[Dé-ocsaíd charbóin|dhé-ocsaíd charbóin]], le cainníochtaí beaga de [[Nítrigin|nítrigine]], [[Argón|argón]], [[Ocsaigin|ocsaigin]] agus rianta de gáis eile.
 
== Comhdhéanamh ==
=== An Domhan ===
Cuimsíonn atmaisféar an Domhain, ón dtalamh aníos, an [[Trópaisféar|trópaisféar]] (a chuimsíonn an tsraithe ar fhódchiseal an phláinéid nó an peploisféar mar an tsraith is ísle), an [[Strataisféar|strataisféar]], an [[Méisisféar|méisisféar]], an [[Teirmisféar|teirmisféar]] (ina bhfuil an [[ianaisféar|t-ianaisféar]] agus an [[Eisisféar| t-eisisféar]]) agus freisin an [[Maighnéadaisféar|maighnéadaisféar]]. Tá [[Ráta laghdaithe|ráta laghdaithe]] éagsúla ag gach ceann de na sraitheanna, a shainíonn an ráta athraithe teochta le hairde.
 
Luíonn trí cheathrú den atmaisféar istigh sa trópaisféar, agus athraíonn doimhneacht an chisil idir 17 km ag an Mheánchiorcal agus 7 km ag na moil. Is é an [[Ciseal ózóin|ciseal ózóin]], a ionsúnn fuinneamh ultraivialait ón Ghrian, atá lonnaithe go príomha ins an strataisféar, ar airde de 15-35 km. Úsáidtear go coitianta an [[Líne Kármán|líne Kármán]], atá suite laistigh den atmaisféar ag airde de 100 km, chun an teorainn idir atmaisféar an Domhain agus an spás lasmuigh a shainmhíniú. Ach, is féidir leis an eisisféar leathnú ó 500 suas go dtí 10,000 km thuas ar an dromchla, áit a n-idirghníomhaíonn sé le maighnéadaisféar an phláinéid.
=== Eile ===
 
Tá atmaisféir aitheanta ag reanna réalteolaíocha eile mar seo a leanas.
==== Laistigh d'ár gcrianchóras ====
 
* Atmaisféar [[Mearcair (pláinéad)|Mhearcair]]
* Atmaisféar [[Véineas]]
* Atmaisféar an [[Domhan|Domhain]]
** Atmaisféar na [[Gealach|Gealaí]]
* Atmaisféar [[Mars|Mharsa]]
* Atmaisféar [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatair]]
Líne 43:
* Atmaisféar [[Satarn|Shatairn]]
** Atmaisféar [[Tíotán (gealach)|Thíotáin]]
** Atmaisféar [[Enceladus]]
* Atmaisféar [[Úránas (pláinéad)|Úránais]]
** Atmaisféar [[Titania (gealach)|Thitania]]
* Atmaisféar [[Neiptiún|Neiptiúin]]
** Atmaisféar [[Tríotón (gealach)|Thríotóin]]
* Atmaisféar [[Plútón|Phlútóin]]
 
==== Lasmuigh d'ár gchrianchóras ====
 
* Atmaisféar [[HD 209458 b]]
 
== Cúrsaíocht ==
Tarlaíonn cúrsaíocht an atmaisféir mar gheall ar dhifríochtaí theirmigh má éiríonn [[Comhiompar|comhiompar]] níos éifeachtaí mar iompróir teasa ná [[Radaíocht theirmeach|radaíocht theirmeach]]. Ar phláinéid ina mbíonn radaíocht na gréine ina phríomhfhoinse teasa, iompraítear iomarca teasa ó na Trópaicí go domhanleithidí níos airde. Nuair a ghineann pláinéad méid suntasach teasa go hinmheánach, mar atá an cás le [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]], is féidir le cúrsaíocht an atmaisféir fuinneamh teirmeach a iompair ón taobh istigh suas go dtí an dromchla.
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
Líne 62:
[[Catagóir:Atmaisféir pláinéadacha]]
[[Catagóir:Atmaisféar| ]]
[[Catagóir: Iasachtaí Gréigise]]
 
[[als:Atmosphäre]]