An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Chaistil"

Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: eu:Ballycastle (Antrim)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 6:
Labhrann an chuid is mó de mhuintir Bhaile an Chaistil an [[Béarla]]. Tá naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge ann anois agus aitheantas oifigiúil acu. Bhí [[Gaeilge]] beo sna Glinntí go dtí [[1960]] d’ainneoin gur chríochnaigh sí mar theanga phobail timpeall an Chéad Chogadh Mór. Bailíodh béaloideas i n[[Gleann Seisce]] sna [[1930í]].
 
Tá leacht chuimhneacháin sa chalafort i gcuimhne ar [[Guglielmo Marconi]], a rinne an chéad chraoladh raidió ar domhain nuair a chraol sé ó Bhaile an Chaistil go [[Reachraí]]. Tá clú agus cáil ar Bhaile an Chaistil mar gheall ar an bhFéile Lúnasa a théann ar aghaidh gach bliain [[Féile Sean-Lammas |Fhéile Sean-Lammas ]] (''Ould Lammas Fair''), titeann seo ar an [[Luan]] agus ar an [[Máirt]] deireanach de mhí [[Lúnasa]] gach bliain.
 
Tá an baile suite sa ghleann a osclaíonn i dtreo na hAlban ar shleasa thuaidh Gleann Seisce, [[Cnoc Leithid]], agus [[Gleann Taise]]. Is é [[Ráth Muadháin]] ainm an pharóiste agus ba é [[Naomh Éanán]] mac le Muadháin agus sagart de chuid [[Naomh Pádraig]] a bhunaigh é. Titeann a lá Féile ar an 24ú Márta.