An difríocht idir athruithe ar: "Nuala Ní Dhomhnaill"

Content deleted Content added
rv - droch-Ghaeilge
Má tá aistriúchán ag teastáil uait, seo an leagan ceart....
Líne 16:
 
==Saol==
Rugadh i Lancashire [[Sasana|Shasana]] í sa bhliain [[1952]]. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí. Nuair nach raibh ach cúig bliana slánaithe aici bhog sí go Ceann Trá agus chónaigh lena haintín ar feadh dhá bhliain sular lean a tuismitheoirí í. Chomh maith le [[Gaeltacht]] [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhuibhne]] chaith sí tréimhsí i [[Luimneach]] agus in Aonach Urmhumhan le linn a hóige. Uncail léi is ea [[Pádraig Ó Fiannachta]]. Nuair a d'fhág sí Corca Duibhne chun dul go dtí an tAonach ar dtús bhí ionadh uirthi go raibh teanga eile, seachas an Ghaelainn, á labhairt. Uair amháin labhair banaltra san ospidéal Béarla léi agus d'fhiafraigh sise dá hathair: "Cad ina thaobh go bhfuil sí seo ag labhairt Béarla liomsa? Nach í seo Éire?". D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na Labhras i [[Luimneach|gCathair Luimnigh]] agus bhain sí BA amach sa [[Gaeilge|Ghaeilge]] agus sa [[Béarla|Bhéarla]] i g[[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh]] idir 1969 agus 1972. Bhí sí ar bhaicle ''Innti'' agus mhait tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta. Rinne sí an tArd-Teastas san Oideachas sa bhliain 1973. Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef, tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Ar dtús chuaigh an lánúin óg go dtí an Ollainn, áit a raibh Dogan ag críochnú dochtúireachta agus ansan thugadar aghaidh ar an Tuirc sa bhliain 1975. Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University nó Orta Doğu Teknik Üniversitesi ("Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir"), in [[Ancara]] agus thaitin an tír léi.
:''Bhí taithí agam ar mhuintir na Tuirce atá ana-fháiltiúil agus atá ana-mhuinteartha. Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.''
D'éirigh coimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar a míshuaimhneas dá bharr, go mór mhór anois agus beirt leanaí aici. Cheap sí freisin go raibh an Ghaelainn "ag éalú uaithi".