An difríocht idir athruithe ar: "Billy Joel"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
{{Bosca_Sonraí_banna |
ainm_an_bhanna= Billy Joel |
íomhá = [[FileÍomhá:Billy_Joel_Shankbone_NYC_2009.jpg|200px]] |
fotheideal = <small>Billy Joel ar 7 Mí na Samhna 2006</small> |
gníomhach = [[1964]] – anois |
tír = [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] |
seánra_ceoil = [[Rac-cheol]]<br />[[Popcheol]] <br />[[Ceol Clasaiceach]] |
lipéad_ceoil= [[Columbia]] |
idirlíon = [http://www.billyjoel.com Suíomh Oifigiúil]|
Líne 12:
Is [[amhránaí]], [[pianódóir]], [[scríbhneoir]], [[cumadóir]] agus [[ceoltóir]] Meiriceánach é '''William Joseph Martin "Billy" Joel''' (9 Bealtaine 1949 a rugadh é). D’eisigh sé a chéad amhrán mór-ráchairte, ''Piano Man'', sa bhliain 1973. Is é an séú ceoltóir is mó díol sna Stáit Aontaithe é, dar leis an RIAA. Bhí amhráin rathúla ag Joel san 1970idí, 1980idí agus na 1990idí. Tá sé Ghradam Grammy buaite aige agus díoladh breis is 150 milliún dá chuid go dtí seo. D’éirigh sé as rac-cheol a thaifeadadh sa bhliain 1993 ach lean sé air ag dul ar camchuairt. Bhí an cheolchoirm dheireanach dá chuid in Éirinn i bPáirc an Chrócaigh ar 29 Iúil 2006.
 
== Óige ==
 
Rugadh é sa [[An Bronx|Bronx]] i [[Nua-Eabhrac]] agus tógadh é i Hicksville, Nua-Eabhrac. Is duine de bhunadh Giúdach é agus tháinig a athair go Meiriceá ar dtús agus é ag teitheadh ó na Naitsithe sa Ghearmáin. Bhí suim mhór ag Billy sa cheol agus é óg, go háirithe sa cheol clasaiceach Eorpach. Thosaigh sé ar sheinm an phianó a fhoghlaim agus é an-óg. Rinneadh tromaíocht air go minic agus é ar scoil mar gheall ar an tsuim a bhí aige sa cheol, agus gan suim dá laghad aige sa spórt. Bhí sé ina dhornálaí ar feadh tamaill, scil a d’fhoghlaim sé chun é féin a chosaint. Ach d’éirigh sé as an spórt tar éis gur briseadh a shrón i dtroid amháin. D’fhág sé an mheánscoil gan cháilíocht agus chrom sé ar ghairm cheoil a bhaint amach dó féin.
 
== Gairm Cheoil ==
 
Chinn Billy ar bheith ina cheoltóir tar éis dó [[The Beatles]] a fheiceáil ar The Ed Sullivan Show sa bhliain 1964. Ba iad ‘The Echoes’ an chéad bhanna a mbíodh sé ag seinm leo. D’athraigh an banna a n-ainm dhá uair go dtí The Emeralds and ansin go dtí The Lost Souls. D’fhág sé an banna sin ansin le dul ag seinm leis an mbanna, The Hassles, arbh as Long Island iad. D’eisigh an banna sin dhá albam; The Hassles (1967) agus Hour of the Wolf (1968) chomh maith le ceithre shingil ó na halbaim sin. Theip go tubaisteach ar an hiarrachtaí ó thaobh díolachán de agus tháinig deireadh leis an mbanna sa bhliain 1969. Tar éis dó seo tarlú, chruthaigh Joel dísreach le drumadóir The Hassles, John Small, darbh ainm Attila. D’eisigh siad an t-aon albam amháin sa bhliain 1970 agus scoir ansin.
Líne 22:
Is gnách go mbíonn úinéireacht an taifeadta luaite leis an gcomhlacht ceirníní. Ach tá Billy Joel ar na ceoltóirí a bhfuil an n-ainm féin mar úinéir cóipchirt ar na ceirníní uaidh féin.
 
== Tionchar ar a Chuid Ceoil ==
 
Chuaigh go leor cineálacha ceoil i bhfeidhm ar Billy Joel agus é i mbun cumadóireachta. Ar dtús ba é an ceol clasaiceach a d’imir tionchar air. Ach ba iad na ceoltóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm air ná [[Ray Charles]] agus The Beatles, go háirithe [[Paul McCartney]].<ref>http://www.classicrockcentral.com/classic_rock_gimme5-Display.cfm?week=6</ref> Is é ‘Ray’ an dara ainm ag iníon Joel, Alexa Ray Joel, in onóir Ray Charles.
 
== Saol Pearsanta ==
 
[[ImageÍomhá:BillyJoel.jpg|right|thumb|Joel ag seinm sa bhliain [[2007]] i [[Florida]].]]
Phós Billy Joel trí huaire i ndiaidh a chéile. Bhí sé pósta lena bhainisteoir gnó, Elizabeth Webber (Elizabeth Small) ó 1973 go 1982, le Christie Brinkley ó 1985 go 1994 agus rugadh iníon amháin dóibh, mar atá, Alexa Ray Joel. Phós sé a bhean chéile reatha, Kate Lee, ar 2 Deireadh Fómhair 2004.<ref>http://www.msnbc.msn.com/id/6161304/</ref>
 
Tá fadhbanna alcóil ag Joel le fada an lá agus tá tréimhsí caite aige in ionaid athinmheacháin tríd na blianta.<ref>http://www.cbsnews.com/stories/2005/03/16/entertainment/main681053.shtml</ref>
 
== Albaim ==
 
 
=== Albaim Stiúideo ===
 
* Cold Spring Harbor (1971)
Líne 51:
* River of Dreams (1993)
 
=== Albaim Bheo ===
 
* Songs in the Attic (1981)
Líne 58:
* 12 Gardens Live (2006)
 
=== Albaim Dhíolama ===
 
* Greatest Hits, Vols. 1 & 2 (1985)
Líne 68:
* My Lives (2005)
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.youtube.com/watch?v=Oo9yRr0hrQk&feature=related Físeán de Billy Joel ag canadh Piano Man go beo i bPáirc an Chrócaigh sa bhliain 2006]
* [http://www.billyjoel.com/ Suíomh oifigiúil Billy Joel]
* [http://www.tonyawards.com/en_US/interactive/video/index.html#j Agallamh físeáin le Joel tar éis dó Gradam Tony a bhuachaint sa bhliain 2003]
* [http://www.rollingstone.com/artists/billyjoel/biography Beathaisnéis Joel ag Rolling Stone]
 
[[Catagóir:Popcheoltóirí Meiriceánacha|Joel, Billy]]