An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Beacháin"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fy:Brendan Behan
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 15:
Rugadh i m[[Baile Átha Cliath]] é sa bhliain 1923. Bhí sé ina phéintéir tithe agus é óg. Bhí baint aige leis an [[IRA]] óna óige agus gabhadh i [[Sasana]] é le linn feachtais bhuamála ag tús [[an Dara Cogadh Domhanda]]. Chaith sé cúpla bliain i ngéibheann ina dhiaidh sin, i Sasana is in Éirinn. Bhain sé ardchlú amach dó féin leis an dráma ''Quare Fellow'' agus ina dhiaidh sin leis an dráma 'The Hostage', bunaithe ar 'An Giall', a céad-scríobhadh i nGaeilge. Bhí clú idirnáisiúnta air ina dhiaidh sin. Chum sé filíocht agus aistí, i mBéarla is i nGaeilge. Bhí aithne air mar ragairne is bhí sé le feiscint i dtithe tábhairne timpeall Bhaile Átha Cliath le leithéidí [[Patrick Kavanagh]], ach scar siad óna chéíle ansin.
 
== Saol ==
Rugadh Breandán Ó Beacháin i lár chathair [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] ar an [[9 Feabhra]] 1923. Bhí cónaí ar an teaghlach i dteach a sheanmháthar, bean a raibh roinnt tithe aici sa cheantar.
 
Líne 22:
D'fhág Breandán an scoil agus é tri bliana déag agus lean sé lorg a athar sa phéintéireacht.
 
== Gníomhaíocht Phoblachtach ==
I 1937 bhog an teaghlach amach chun cónaí i scéim nua tithíochta de chuid an údaráis áitiúil i gCromghlinn, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuaigh Breandán isteach i bhFianna Éireann, eagraíocht aos óg an [[IRA]] agus foilsíodh filíocht agus prós dá chuid den chéad uair in iris na heagraíochta sin ''Fianna: the Voice of Young Ireland''. Gabhadh Ó Beacháin i Learpholl i 1939 agus ábhar pléasctha le haghaidh fheachtas buamála an IRA ina sheilbh aige. Gearradh trí bliana i scoil cheartúcháin air agus níor fhill sé ar Éirinn go dtí 1941. Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag air i 1942 ar chúis go ndearna sé iarracht beirt bhleachtairí a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé ar dtús ach aistríodh go campa géibhinn an Churraigh é níos déanaí. Ligeadh saor i 1946 é nuair a cuireadh pardún ginearálta do phríosúnaigh phoblachtacha i bhfeidhm. Chaith sé seal i bpríosún i [[Manchain]] i 1947 de bharr iarracht a dhéanamh comrádaí poblachtach leis a shaoradh ó phríosún.
 
== An Scríbhneoir ==
[[Íomhá:Brendan Behan and Jackie Gleason NYWTS.jpg|clé|250px|thumb|Breandán le [[Jackie Gleason]].]]
D'imir a tharla dó sa phríosún an-tionchar ar scríbhneoireacht Uí Bheacháin. Scríobh sé a chéad dráma, ''The Landlady'', i Muinseo agus thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus próis eile ann freisin. Cuireadh cuid dá shaothar i gcló in The Bell príomhiris litríochta na hÉireann na linne sin. D'fhoghlaim sé Gaeilge sa phríosún agus, tar éis dó bheith scaoilte saor i 1946, chaith sé tamall i n[[Gaeltacht|nGaeltachtaí]] na Gaillimhe agus Chiarraí, áit ar thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGaeilge. Faoi thús na gcaogaidí bhí sé in ann teacht i dtír ar a scríbhneoireacht don raidió agus do na nuachtáin agus bhí cáil bainte amach aige mar fhear barrúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus i measc lucht litríochta.
Líne 31:
Tháinig ardú mór ar a cháil i 1954 nuair a léiríodh dráma leis, ''The Quare Fella'' (béarlagair príosúin ar ‘duine daortha chun báis’), sa Pike Theatre i mBaile Átha Cliath. Mhair sé ar stáitse ar feadh sé mhí. I 1956 léiríodh sa [[West End]] i [[Londain]] agus ar Broadway i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] é agus bhain an Beachánach clú idirnáisiúnta amach dá bharr. I 1958 léiríodh dráma beag Gaeilge leis, ''An Giall'' (tháinig an leagan Béarla 'The Hostage' níos deanaí sa bhliain), in amharclann an Damer agus foilsíodh a úrscéal dírbheathaisnéise ''Borstal Boy''. Bhí Breandán Ó Beacháin anois ar dhuine de phríomhscríbhneoirí Éireannacha na linne. I measc shaothair eile Uí Bheacháin tá dráma, Richard’s Cork Leg, agus roinnt drámaí don raidió chomh maith le roinnt leabhar. Chum sé dhá amhrán chlúiteacha freisin, ''The Auld Triangle'' agus ''The Captains and the Kings''.
 
== Deireadh Ré ==
D'ól Breandán Ó Beacháin go trom ar feadh na mblianta. Bualadh tinn é le diaibéiteas go luath sna seascaidí. Ina dhiaidh sin, ba mhinic é ar meisce go poiblí, ar an stáitse agus fiú ar teilifís i 1956. Bhí gach leabhar dá chuid a foilsíodh tar éis 1957 bunaithe ar thaifeadadh a rinneadh leis, nó a scríobhadh i bhfad roimhe sin iad.
 
Líne 37:
 
== Saothar ==
=== Drámaí ===
* ''[[The Quare Fellow]]'' (1954)
* ''[[An Giall]]'' (1958), (dráma le gníomh amháin)
** Scríobh sé as Gaeilge é, agus d'aistrigh sé é go mBéarla, (''The Hostage'') ach é a bheith i bhfad níos faide.
* ''[[Richard's Cork Leg]]'' (1972)
* ''[[Moving Out]]'' (dráma le gníomh amháin)
* ''[[A Garden Party]]'' (dráma le gníomh amháin)
* ''[[The Big House]]'' 1957 (dráma le gníomh amháin)
 
=== Leabhair ===
* ''[[Borstal Boy]]'' (1958)
* ''[[Brendan Behan's Island]]'' (1962)
* ''[[Hold Your Hour and Have Another]]'' (1963)
* ''[[Brendan Behan's New York]]'' (1964)
* ''[[Confessions of an Irish Rebel]]'' (1965)
 
=== Amhráin ===
* ''[[The Auld Triangle]]''
* ''[[The Captain and the Kings]]''
* ''[[Streams of Whiskey]]'' ([[The Pogues]])
 
=== Beathaisnéis ===
* ''[[My Brother Brendan]]'' le [[Dominic Behan]]
* ''[[Brendan Behan]]'' le [[Ulick O'Connor]] 1970
* ''[[The Brothers Behan]]'' le [[Brian Behan]]
* ''[[With Brendan Behan]]'' le Peter Arthurs
* ''[[Brendan Behan A life]]'' le Michael O'Sullivan 1997
== Féach freisin ==
* [[An Giall]]
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Beacháin, Breandán Ó]]
[[Catagóir:Drámadóirí Éireannacha|Beacháin, Breandán Ó]]