An difríocht idir athruithe ar: "Bulla- agus béarmhargadh"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Tugtar '''bullamhargadh''' agus '''béarmhargadh''' ar an dá chineál treocht ar an stocmhalartán nó ar an margadh.
 
== Bullamhargadh ==
Is é is '''bullamhargadh''' ann ná margadh ina bhfuil na praghsanna ag dul in airde. ''"Bulla"'' a thugtar ar an amhantraí atá ag iarraidh [[airgead]] a shaothrú ar an mbullamhargadh. I n[[Gaeilge]] na Gaeltachta, déarfaí freisin go bhfuil ''"fuadach ar an margadh"''. Níl stádas oifigiúil ag an leagan seo, áfach. Chloisfeá ar aonach an bheostoic é, sna laethanta a bhí.
 
Ar [[an stocmhalartán]], bíonn an bullamhargadh ann nuair a bhíonn na hinfheisteoirí dóchasach as an todhchaí agus iad ag súil le tuilleadh ardú ar na praghsanna. Mar sin, bíonn siad ag iarraidh scaireanna a cheannach le go bhféadfaidís iad a dhíol níos daoire níos déanaí, sin nó airgead a shaothrú ar na díbhinní.
 
== Béarmhargadh ==
Is éard is '''béarmhargadh''' ann ná margadh ina bhfuil praghsanna na scaireanna nó na dtráchtearraí ag titim. Tugtar ''"béar"'' ar an amhantraí atá ag iarraidh airgead a shaothrú ar an mbéarmhargadh. Téarma [[Béarla]] is ea é an focal sin "béarmhargadh" a haistríodh focal ar fhocal go Gaeilge. ''Aonach briosc'' an téarma dúchasach, ach dealraíonn sé nach bhfuair na téarmadóirí an leagan seo sách soiléir le stádas oifigiúil a bhronnadh air. Téarma traidisiúnta de chuid na n-aontaí beostoic é.
 
Ar an mbéarmhargadh, tá gach infheisteoir ag dul in éadóchas faoin todhchaí, agus é ag iarraidh fáil réitithe dá chuid scaireanna ar phraghas chomh buntáisteach agus is féidir, sula gcaillfidh siad a bhfuil fágtha den luach iontu. Dá thoradh sin, leathfaidh an dearcadh duairc ar fud an mhargaidh, agus sa deireadh, is féidir go n-iompóidh an béarmhargadh ina chliseadh mhór agus na hinfheisteoirí ag iompairc le chéile ag iarraidh na scaireanna a dhíol uathu.
 
== Léim an chait mhairbh ==
 
Má thagann feabhas beag gearrshaolach ar na praghsanna i ndiaidh dóibh titim fhada a chur díobh, tabharfaidh na hanailiseoirí stocmhalartáin '''léim an chait mhairbh''' air, más é an tuairim atá acu nach leor é le deireadh a chur leis an mbéarmhargadh. Tá an leagan cainte seo bunaithe ar an meafar "go léimfeadh an cat marbh féin dá dtitfeadh sé ó airde mhór anuas."
Líne 22:
[[de:Bullen- und Bärenmarkt]]
[[en:Market trends]]
[[fi:Markkinatrendit]]
[[fr:Tendance (économie)]]
[[it:Mercato rialzista e mercato ribassista]]
[[fi:Markkinatrendit]]
[[sv:Marknadstrender]]
[[zh:市場趨勢]]