An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: eu:C. S. Lewis
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 14:
Scríbhneoir ó [[Tuaisceart na hÉireann|Thuaisceart na hÉireann]] ab ea é '''Clive Staples Lewis'''. B'eisean a scríobh na húrscéalta faoi Narnia agus an tríológ spáis faoi [[Mars (pláinéad)|Malacandra]], [[Véineas (pláinéad)|Perelandra]] agus [[An Domhan|Thulcandra]], is é sin, ''Out of the Silent Planet'', ''Perelandra'', agus ''That Hideous Strength''. Rugadh i m[[Béal Feirste]] [[29 Samhain|29 Mí na Samhna]] [[1898]] é, agus fuair sé bás [[22 Samhain|22 Mí na Samhna]] [[1963]]. Bhí sé ina bhall de na h''Inklings'', club comhchaidrimh do lucht litríochta in Oxford, agus aithne aige ar [[J. R. R. Tolkien]].
 
== A Shaol ==
 
=== A Chéad Óige ===
 
Saolaíodh Clive Staples Lewis i mBéal Feirste d'Albert James Lewis agus Flora Augusta Hamilton Lewis. Nuair a bhí Clive óg ceithre bliana d'aois, bhuail gluaisteán a mhadra a d'éag sa teagmháil. Jacksie a bhí ar an madra, agus bhí Clive chomh mór sin faoi mhéala is gur éiligh sé ar a thuismitheoirí gan ach Jacksie a thabhairt air feasta. De réir a chéile, rinneadh Jacks nó Jack den leasainm sin, agus is é Jack an t-ainm a thugadh a chuid cairde air, conablach a shaoil.
Líne 28:
Sa bhliain 1916, bhain Lewis amach scoláireacht a cheadódh dó staidéar a dhéanamh in Oxford. Bhí an chéad chogadh domhanda ar siúl ina thimpeall, áfach. Mar sin, liostáil sé san arm sa chéad bhliain eile. Fuair sé coimisiún oifigigh sa Tríú Cathlán de Chos-Slua Éadrom Somerset. Bhí sé díreach ag slánú naoi mbliana déag d'aois, nuair a bhain sé amach Gleann Somme sa Fhrainc.
 
=== Siobhán Uí Mhórdha ===
 
Nuair a bhí sé ag traenáil in oirchill an fhiannais, d'éirigh sé mór le saighdiúir eile arbh ainm dó Páidín Ó Mórdha (Paddy Moore), agus chuir seisean Lewis in aithne dá mháthair, Siobhán Uí Mhórdha (Jane King Moore). Fuair Páidín bás i machaire an áir, agus ghlac Siobhán leis mar shórt mac altrama in éiric a mic féin. Agus Lewis féin ag éileamh in ospidéal míleata, thagadh Siobhán ar cuairt chuige, agus bhí an caidreamh seo an-tábhachtach dó, ó dhiúltaigh a athair cuairt a thabhairt ar an otharlann.
Líne 40:
Ag dul anonn sa saol di, thosaigh a cuimhne ag teip ar Shiobhán, agus sa deireadh, cuireadh i dteach banaltrais í, áit a dtagadh Lewis ar cuairt chuici gach lá, go dtí gur bhásaigh sí sa bhliain [[1951]].
 
=== Saol Éireannach C. S. Lewis ===
 
Nuair a tháinig sé go Sasana an chéad uair, baineadh cineál geit chultúrtha as. Ina leabhar ''Surprised by Joy'', scríobh sé: "Ní féidir le haon Sasanach a thuiscint cad é mar a chuaigh Sasana i bhfeidhm orm i dtús báire. An blas aisteach Béarla a bhí le cloisteáil i mo thimpeall, ba chosúil le caint na ndeamhan é, dar liom. Ach b'é an tírdhreach ba mheasa. Idir an dá linn, rinne mé cairdeas le Sasana arís, ach d'fhág an chéad teagmháil seo goimh orm le Sasana, goimh a bhí i bhfad ag cneasú."
Líne 53:
Ó bhí sé ag obair in ollscoil Oxford, áfach, b'éigean do Lewis a shaol a chaitheamh agus a bhás a fháil i measc cine eile, agus ba mhinic a deireadh sé gur cúis aiféaltais ab ea é dó gurbh éigean dó Éire a thréigean. Bhí sé riamh ar lorg chuideachta na nÉireannach, agus thagadh sé go Tuaisceart Éireann go tráthrialta. B'ansin a chaith sé a mhí mheala, fiú. "Mo shaol Éireannach" a thugadh sé air seo.
 
=== A Iompú leis an gCríostaíocht ===
 
Cé go ngnáthaíodh muintir Lewis seirbhísí [[Eaglais na hÉireann]] go dílis, chuaigh Lewis le handiachas nuair a bhí sé trí bliana déag, agus ní dheachaigh sé le creideamh arís sula raibh aon bhliain déag is fiche slánaithe aige. Ghlac sé col leis an gCríostaíocht nuair a thosaigh sé ag dearcadh ar na deasghnátha reiligiúnda mar dhualgas trom leadránach. San am céanna, chuir sé spéis san asarlaíocht, ó cheadaigh a chuid staidéir dó tuilleadh a fháil amach faoi rudaí den chineál sin. Ba nós leis focail Lucretius a tharraingt air mar mhíniú cén fáth a raibh sé féin ina aindiachaí:
Líne 74:
Bhí dáimhe ag Lewis fosta le coincheap Caitliceach na [[Purgadóir|Purgadóra]], cé nach bhfuil glacadh leis sa Phrotastúnachas. Sa leabhar deireanach a scríobh sé, mar atá, ''Letters to Malcolm'', bhí sé go mór faoi thionchar [[John Henry Newman]], an diagaire Caitliceach, ó thaobh na Purgadóra de.
 
=== Joy Gresham ===
 
Bhí Lewis ag dul anonn sna blianta cheana, nuair a tháinig Joy Davidman Gresham go Sasana le cor a chur ina chinniúint. Scríbhneoir Meiriceánach ab ea í, de phór Ghiúdach, a d'iompaigh ón gCumannachas leis an gCríostaíocht. Bhí sí dealaithe óna fear céile, agus beirt mhac aici, mar atá, David agus Douglas Gresham. Ar dtús, is é an meas a bhí ag Lewis uirthi ná gur compánach taithneamhach intleachtúil a bhí inti, agus thoiligh sé conradh saolta pósta a shíniú léi, le go bhféadfadh sí fanacht sa Ríocht Aontaithe. Ansin, d'iompaigh sé amach go raibh ailse na gcnámh ag luí uirthi, agus tháinig athrú ar an gcaidreamh eatarthu, an oiread is gur chinn siad pósadh Críostaí a fháil. Ó bhí sí i ndiaidh colscaradh a fháil, ní raibh sé furasta toiliú Eaglais na hÉireann a lorg don chleamhnas, ach sa deireadh thiar, phós cara le Lewis, an Ministir Peter Bide, iad cois leaba ospidéil Joy.
Líne 82:
Nuair a bhí Joy tar éis bháis, thug Lewis aire don bheirt mhac a d'fhág sí ina diaidh. Inniu, tá Douglas Gresham ina Chríostaí ghníomhach, agus é sáite i gcúrsaí reachtála eastát Lewis. D'fhill an deartháir eile, David, ar an gcreideamh Giúdach, agus níl caidreamh ag an mbeirt le chéile inniu.
 
=== Blianta Deireanacha a Shaoil ===
 
I dtús Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1961]], thosaigh a shláinte ag teip ar Lewis. Bhí athlasadh na nduán air a chuaigh an oiread chun donais is gur tháinig nimhiú fola air. Agus an galar ag luí air, ní raibh sé ábalta freastal ar a obair i dtéarma fómhair Ollscoil Cambridge, ach bhisigh sé arís sa bhliain [[1962]], agus chuaigh sé ar ais go dtí an ollscoil in Aibreán na bliana sin. Bhí sé ar a sheanléim arís in Earrach na bliana céanna. Mar sin féin, buaileadh breoite é arís ar an 15 Iúil, [[1963]], agus tugadh isteach san ospidéal é. An lá arna mhárach, ag a cúig a chlog iarnóna, thit Lewis i gcóma i ndiaidh taom croí, ach, rud nach rabhthas ag súil leis, tháinig sé chuige féin arís an chéad lá eile ag a dó a chlog iarnóna. Cé nach raibh sé in ann a bheith ag obair a thuilleadh, d'fhill sé abhaile, agus i Mí Lúnasa, d'éirigh sé as a chuid oibre i gCambridge ar chúiseanna slándála. Ní raibh a shláinte ag teacht ar ais, agus i Mí na Samhna, diagnóisíodh go raibh a dhuáin ag teip air go doleigheasta. Fuair sé bás ar an 22 Samhain, [[1963]]. Bhí seachtain ag teastáil uaidh le cúig bliana is trí scór a shlánú. Adhlacadh i reilig Eaglais na Tríonóide Naofa é in Oxford. De thaisme, d'éag [[Aldous Huxley]] agus an tUachtarán [[John F. Kennedy]] ar an lá céanna.
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí as Tuaisceart Éireann|Lewis, C.S.]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Aontroma|Lewis, C.S.]]