An difríocht idir athruithe ar: "CLG An Cheapach Mhór"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 26:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG An Cheapach Mhór'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste [[An Cheapach Mhór]] ag bun Sliabh Feidhlim in Oirthear [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 20km soir ó [[Luimneach|Cathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí as baile [[An Cheapach Mhór]] agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Tóin an Tairbh, Béal Átha Bó, Cnoc na Carraige agus Cuilleanach.
 
== Cluichí ==
Imrítear an [[peil Ghaelach|pheil]] agus an [[iománaíocht|iomáint]] sa Cheapach Mhór agus, d’ainneoin go bhfuil traidisiún na hiomána níos láidre sa cheanntair, cuireann an club an béim céanna ar an dá chód faoi láthair.
 
== Stair ==
Bunaíodh an club sa bhliain 1887 i gceartlár cheanntar láidir na hiomána ach bhí fóirne neamh-oifigiúil gníomhach san áit sna blianta roimhe sin. Toisc go raibh na clubanna iomána ba láidre sa chontae ag an an am, [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|Máigh Rua]] agus [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]], ar bhéal dorais An Cheapach Mhór, ba mhall é an fás ar dtús agus is cosúil go raibh roinnt imreaoirí ón bparóiste ar fhoireann Mháigh Rua a bhuaigh an chéad [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1887.
 
Líne 47:
Lasmuigh den bhliain 1925 nuair a bhuaigh [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|Faing]] orthu i gluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Chontae, ba bheag an suim a raibh ag an gclub sa pheil suas go dti blianta na 1990í nuair a bhuadar Craobh Faoi-21 an Chontae. Chailleadar cluiche cheannais Craobh Peile Sóisear an Chontae faoi thrí sular bhuadar é sa bhliain 2003.
 
== Páirc Imirthe ==
Ta páirc imirthe An Cheapach Mhór suite sa Phortán Ard, 1km ó thuaidh ón mbaile. Osclaíodh é le linn blianta na 1980í.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc imreoirí cáiliúile an chlub ar imir ar fhoireann chontae Luimnigh tá Dónall Ó Floinn (''Donie Flynn'', iománai blianta na 1960í), Micheál Ó Lonargáin (''Mick Lonergan'', iománaí blianta na 1980í) agus Diarmuid Mac Síthigh (''Diarmuid Sheehy'', peileadóir blianta na 1990í agus na 2000í).
 
 
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.geocities.com/cappamoregaa/ Cappamore G.A.A. Club (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}