An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile Brún"

15 bytes added ,  10 mbliana ó shin
m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Baile Brún '''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe sa chuid thuaidh de pharóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, 8km siar ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Clár Aidhne agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Broisceach, Tír Bhú, Carraig Ó gCoinneall agus Baile Brún. Cé go bhfuil club eile, [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Phádraig]] ann i bparóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, is féidir le gach peileadóir agus iománaí as an bparóiste uile imirt le Baile Brún.
 
== Cluichí ==
Imrítear an [[peil Ghaelach|pheil]] agus an [[iománaíocht|iomáint]] i mBaile Brún ach bhí béim an chlub dírithe i gcónaí go láidir i dtreo na hiomána óna bhunú.
 
== Stair ==
Ba limistéar iomána i gcónaí é paróiste Tobar Phádraig/Baile Brún agus bunaíodh an club go hoifigiúil faoin ainm ''Droichead an Chalaidh'' sa bhliain 1890. Tá tuairiscí ann fúthu ag glacadh páirt i gcomórtaisí le linn blianta na 1900í ach tugadh ''Baile Brún'' orthu nuair a bhuadar ar [[CLG Cill Mocheallóg|Chill Mocheallóg]] i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear Contae Luimnigh na bliana 1915. Chuir [[An Chéad Cogadh Domhanda]] agus [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Na Trioblóidí]] go mór astu agus, nuair a thosnaigh craobhacha sóisir an chontae arís le teacht na síochána, ba é [[CLG Cill Díoma|Cill Díoma]] an club ba láidre sa cheanntar.
 
Thosnaigh ré na peile i ndáiríre i mBaile Brún sa bhliain 1981 nuair a bhuadh Craobh Sóisear A Contae Luimnigh agus ghabhadar seilbh ar chorn idirmheánach an chontae seacht mbliain ina dhiaidh sin ach thit suim sa pheil le linn bliainta na 1990í
 
== Páirc Imirthe ==
Tá príomhpháirc imirthe an chluib suite 200m ó dheas ó Chrosbhóthar Clár Aidhne agus osclaíodh clubtheach mór ann le linn blianta na 1980í. Osclaíodh páirc imeartha eile idir Crosbhóthar Clár Aidhne agus séipéal Bhaile Brún sa bhliain 2007.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc iománaithe cáiliúile an chlub, tá iarbhainisteoir foireann Luimnigh Tomás Ó Riain (''Tom Ryan'') a bhuaigh bonn [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|Craobh na hÉireann]] sa bhliain 1973 agus Traolach Ó Cionnaith (''Terence Kenny''), Uinseann Ó Conchúir (''Ollie O’Connor'') agus Seosamh Ó Conchúir (''Joe O’Connor'') a d'imir ar fhoireann sinsear an chontae le linn blianta na 1980í agus blianta na 1990í. D’imir Traolach Ó Cionnaith ar fhoireann peile Luimnigh chomh maith. Is ball Baile Brún é Séamus Ó hArtagáin, Rúnaí [[CLG Coiste Luimneach|Coiste Chontae Luimnigh]] idir na blianta 1986 agus 2007.
 
== Naisc Seachtracha ==
* [http://www.ballybrown.com/GAA.htm Ballybrown GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}
20,103

edits