An difríocht idir athruithe ar: "CLG Eas Géibhtine"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Eas Géibhtine'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste Eas Géibhtine/Baile Stiabhana in Iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]] ar bhruach theas [[An tSionainn|Bhéal na Sionainne]], 28km siar ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí as baile Eas Géibhtine, as sráidbhaile Baile Stiabhana agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Bán Riamhach, Baile an Naisigh, Máigh an Iarla agus Cluain Riasc.
 
== Cluichí ==
Tá cáil níos mó bainte amach ag Eas Géibhtine sa pheil ach imrítear ach an [[iománaíocht|iomáint]] amháin sa chlub faoi láthair agus tá sé nascaithe le [[CLG Baile Stiabhana|Baile Stiabhana]] i gcomhair na [[peil Ghaelach|peile]]. Cé go bhfuil an beirt acu bunaithe sa pharóiste chéanna, is clubanna ar leith iad le coistí riaracháin ar leith acu.
 
== Stair ==
Cé go bhfuil tagairtí ann faoi imirit na hiomána idir Eas Géibhtine agus [[CLG Cill Díoma|Cill Díoma]] roimh bhunú CLG sa bhliain 1884, ceaptar gur bhunáiodh an club timpeall na bliana 1890 mar ''Deasúnaigh Eas Géibhtine'' agus d’imríodar iomáint agus peil ó thús. D'eagraigh Na Deasúnaigh comórtas iomána sa bhliain 1891 agus tá tuairiscí ann faoi chluichí a d'imríodar i gcoinne [[CLG Saor Theas|Saor Theas]] agus [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|An tAthair Ó Murchú Faing]]. Ghlacadar páirt i g[[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1895 nuair a atheagraíodh [[CLG Chontae Luimnigh|coiste na chontae]] i ndiaidh scoilt [[Charles Stewart Parnell|An Pháirnéalaigh]] agus bhíodar gníomhach i gcomórtaisí peile agus iomána a eagraíodh in iarthar agus i lár an chontae le linn blianta na 1890í.
 
Líne 41:
Ba chlub sinsear peile é Eas Géibhtine suas go dti an bhliain 1992 ach bhíodar ar ais sa ghrád uachtar nuair a bhuadar Craobh Peile Idirmheánach an Chontae sa bhliain céanna. Thiteadar síos arís sa bhliain 1998 agus bhí Eas Géibhtine ar tí ísliú go dti grád sóisear A sa bhliain 2001 nuair a chin an club ar éirí as an bpeil agus imirt ach an iomáint amháin sa ghrád sóisear A. Bhí an dá chlub ag imirt le chéile i gcomórtaisí óga chomh maith le [[CLG Cill Chuarnáin|Cill Chuarnáin]] faoin ainm ''Na Deasúnaigh'' le linn na mblianta díreach roimhe sin.
 
== Páirc Imirthe ==
D’imir Eas Géibhtine i “bPáirc na Siúicre” i Máigh an Iarla, leath-bhealach idir Eas Géibhtine agus Baile Stiabhana, ar dtús ach cheannaíodar a bpáirc imirthe féin ar Shráid na hEaglaise i mbaile Eas Géibhtine sa bhliain 1954. Imríonn [[CLG Baile Stiabhana|Baile Stiabhana]] ar an bpáirc céanna. Le linn blianta na 1980í, d’imir foireann peile an chontae formhór dá cuid cluichí ansin.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc peileadórií cáiliúile Eas Géibhtine, tá Pádraig Baróid (''Paddy Barrett'') ar imir ar fhoireann na hÉireann i gcoinne na hAstráile sa bhliain 1988 agus Seán Ó Gallachóir (''Shane Gallagher'') agus Pádraig Ó Reannacháin (''Pa Ranahan'') atá ar fhoireann sinsear an chontae faoi láthair.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://askeaton.limerick.gaa.ie/ Askeaton GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
Líne 53:
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}