An difríocht idir athruithe ar: "CLG Fánaithe na Camóige"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Fánaithe na Camóige'''.
 
== Suíomh ==
Tá sé bunaithe sa chuid thiar thuaidh de pharóiste Brú na Déise/Meánas/An Ghráinsigh i lár [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 20km ó dheas ó [[Luimneach|Cathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Meánas agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar bhruach Abhann na Camóige ar nós An Crián, Cathair an Ghiolla Mhóir agus Cúil Fhionn agus Cuilleanach ach is féidir le iomanaithe agus peileadóirí ón gcuid eile den pharóiste timpeall baile [[An Brú|Brú na Déise]] imirt leo freisin.
 
== Cluichí ==
Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]] agus d’ainneoin traidisiún na hiomána a bheith níos láidre sa cheanntair, cuireann an club an béim céanna ar an dá chód faoi láthair.
 
Níl aon club na nóg dá gcuid féin ag Fánaithe na Camóige agus imríonn peileadóirí agus iománaithe uile an pharóiste le Brú na Déise. Tugtar an t-ainm ''An Ghráinsigh'' ar an bhfoireann faoi-21 nuair a bhíonn sí nascaithe le club ó pharóiste eile.
 
== Stair ==
Bunaíodh an club sa bhliain 1925 nuair a bhí CLG sa chontae ag teacht ar ais chuige féin i ndiaidh na [[Cogadh na Saoirse|dTrioblóidí]]. Roimhe sin, ní raibh ach an club amháin sa pharóiste, [[CLG Brú na Déise|Brú na Déise]], ach is cosúil gur thárla achrann inmheánach iontu i ndiaidh iad cluiche ceannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1925 a chailliúint i gcoinne [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]].
 
Líne 39:
Bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt sa bhliain 1970 agus bhuaigh [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Gallbhaile]] orthu i gcluiche ceannais na bliana dár gcionn ach thit imirt an dá chód siar le linn blianta na 1980í. Ós rud é go rabhadar i gconaí faoi scáth Brú na Déise, tá Na Fánaithe ag imirt na peile agus na hiomána sa ghrád sóisear B ón am sin i leith. Tar éis dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar {{CLG Garrdha Uí Spiolláin|Gharrdha Uí Spiolláin]] chun Croabh an Deiscirt a ghabháil, bhuaigh [[CLG An Cheapach (Luimneach)|An Cheapach]] orthu i gcluiche cheannais Craobh Peile Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1995. Shroicheadar cluiche leath-cheannais craobh an chontae sa ghrád sin san iomáint sa bhliain 2002 nuair a bhuadar Craobh Sóisear B an Deiscirt.
 
== Páirc Imirthe ==
Cheannaigh Fánaithe na Camóige a bpáirc imirthe lámh le sráidbhaile Meánas le linn blianta na 1950í.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
D’imir Pádraig Mac Aodha (''Patsy Keyes'') ar fhoireann peile Luimnigh le linn blianta na 1990í.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.geocities.com/camogueroversgaa/ Camogue Rovers GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
Líne 51:
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}