An difríocht idir athruithe ar: "CLG Gallbhaile (Luimneach)"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Gallbhaile'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin atá suite i nDeisceart [[Contae Luimnigh|Contae Luimnigh]], i nGleann Eatharlaigh ar imeall Sléibhta na nGailtí, 45km soir ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tá leath eile an pharóiste i g[[CLG Chontae Thiobraid Árann|Contae Thiobraid Árann]], áit a bhfuil club dárbh ainm dó ''Eatharlach''.
 
Tagann formhór imreoirí an chluib as baile Gallbhaile, as na ceanntracha tuaithe an pahróiste maguaird ar nós Na Caológa, Dún Trí Liag, An Cnocán Breac agus An Caisleán Cria agus as baile Cnoc Loinge, sráidbhaile Garrdha Uí Spiolláin agus as ceanntracha tuaithe máguaird i bparóiste Cnoc Loinge/Gleann Bruacháin ar nós Baile Mhistéala na dTamhan agus Gleann Bruacháin.
 
== Cluichí ==
Imrítear ach an [[peil Ghaelach|pheil]] amháin sa chlub agus tá sé nascaithe le [[CLG Garrdha Uí Spiolláin|Garrdha Uí Spiolláin ]] i gcomhair na [[iománaíocht|an hiomána]].
 
== Stair ==
Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], imríodh an pheil go forleathan in oirdheisceart Chontae Luimnigh ach níl aon trácht faoi aon chlub bunaithe i leath thiar pharóiste Gallbhaile/Lios Fearnáin go dti an bhliain 1905 nuair a chláraigh ''Cnoc Mór na nGaibhlte'' le [[CLG Chontae Luimnigh|Coiste an Chontae]]. Tá tuairisc ann faoi chluiche ceannais comórtas peile Baile an Londraigh a chailleadar i gcoinne [[CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse|Cnoc na mBua, An tOspidéal]] i Mí Dheireadh Fomhair na bliana sin. Roimhe sin, is cosúil gur imir peileadóirí na háite le [[CLG Baile an Londraigh|Baile an Londraigh]] nó le Eatharlach i g[[CLG Chontae Thiobraid Árann|Contae Thiobraid Árann]].
 
Líne 44:
Bhí an bua acu arís trí bhliain ina dhiaidh sin, ní ar an bpáirc imirthe ach i ndiaidh achomhairc I gcoinne Ollscoil Luimnigh ach, d’ainneoin go raibh ag éirí leo i ngrádanna na nóg san am chéanna, thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2001. Bhí na seansanna acu filleadh ar an bpríomhghrád ach chailleadar cluiche ceannais Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh faoi dhó i gcoinne [[CLG Áth an tSléibhe|Áth an tSléibhe]] sna blianta 2002 agus 2007.
 
Cé ná raibh mórán traidisiún sa spórt sa pharóiste go dti sin, thosnaigh an iomáint sa chlub le linn blianta deiridh na 1970í. Shroich Gallbhaile cluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 1992 ach chailleadar i gcoinne [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Teampall an Ghleanntáin]]. D’éiríodar as an spórot sa bhliain 2000 nuair a thángadar le chéile le [[CLG Garrdha Uí Spiolláin|Garrdha Uí Spiolláin ]] . Bhí roinnt imreoirí as Gallbhaile ar fhoireann Garrdha Uí Spiolláin a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 2005.
 
== Páirc Imirthe ==
D’imir Gallbhaile le blianta ar páirc an phobail i lár an bhaile sular cheannaíodar a pháirc imirthe féin 1km laistiar ón sean-pháirc.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc peileadórií cáiliúla Gallbhaile, tá Mícheál Ó Coise (''Mike Quish''), ball foireann na Mumhan a bhuaigh Corn Idirchúigeach na Peile sa bhliain 1978 agus Tadhg Ó Coimín (''Timmy Cummins'') ar ir imir ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991. Is é Seán Ó Cadhla (''John Kiely'') an taon iománaí an chluib ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.geocities.com/galballygaa/ Galbally GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}