An difríocht idir athruithe ar: "CLG Móin na nGé"

Content deleted Content added
suaitheantas
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 23:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Móin na nGé'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe sa pharóiste thuathach Móin na nGé in Iarthar Luimnigh idir [[An Caisleán Nua Thiar]] agus Tuar Na Fola, 52km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó na sráidbailte Trá agus Móin na Gé agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile Sheáin, Goirtín an Gharraí agus Baile Uí Chionaoith agus téann teorainn an pharóiste suas go dti imeall An Chaisleáin Nua Thiar. Imríonn iománaithe ó pharóiste [[CLG Áth an tSléibhe|Áth an tSléibhe]] agus peileadóirí ó pharóiste [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Teampall an Ghleanntáin]] leo ó am go ham.
 
== Cluichí ==
Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]] agus, cé go bhfuil traidisiún na hiomána níos láidre sa chlub, tá an béim céanna ar na dá chod faoi láthair.
 
== Stair ==
Bhí mórán clubanna peile agus iomána sa cheanntar mórthimpeall Móin na nGé le linn blianta tosaigh [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]] agus bunaíodh club faoin ainm ''Liam Uí Bhriain'' sa pharóiste sa bhliain 1896. Tá tuairisc fúthu ag glacadh páirt i gluiche iomána i gcoinne [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]] i Mí Márta na bliana 1899 agus bhíodar an-ghníomhach i gcomórtaisí iomána ar fud iarthair an chontae sna blianta dár gcionn.
 
Líne 38:
Bhí na himreoirí céanna ar na fóirne iomána agus peile le linn blianta na 1990í agus, nuair a tháinig an aois anuas orthu, thit iománaithe Mhóin na nGé síos go dti an grád sóisear A sa bhliain 2004 agus lean na peileadóirí iad sa bhliain dár gcionn. Ach i ndiaidh glún nua tar éis teacht chun chinn, d'fhill na hiománaithe ar an dara grád nuair a bhuadar ar [[CLG Stáicéirí de Bhailís|Stáicéirí de Bhailís]] chun Chraobh Sóisear A an chontae a ghabháil don dara uair sa bhliain 2008.
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imirthe an chluib, Páirc na nGael, suite i sráidbhaile Móin na nGé.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc imreoirí cáiliúla an pharóiste, tá Liam Ó hEochaidh (''Willie Haugh'', ball foireann Luimnigh a bhuaigh [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|Craobh Iomána Sinsear na hÉirann]] sna bliain 1918, nuair ba chaptaen é, agus arís sa bhliain 1921), Labhrás Ó Síocháin (''Larry Sheehan'' a bhuaigh bonn [[Corn Sam Mhic Uidhir|Craobh Peile Sinsear na hÉireann]] sa bhliain 1896) agus Seán Ó Flaithimhín (''John Flavin'', fear ionad ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche ceannias [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|iomána sinsear na hÉireann]] na bliana 1994).
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://homepage.eircom.net/~monageagaa/index.html/ Monagea GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
Líne 50:
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}