An difríocht idir athruithe ar: "CLG Naomh Ciarán (Luimneach)"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Naomh Ciarán'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste Cúil Cheapach/Cill Cholmán in Iarthar [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]] idir Ráth Caola agus [[Faing]], 40km siar ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór a imreoirí as ceanntracha tuaithe an pharóiste ar nós Cill Cholmáin, Cúil Cheapach, An Chraobh agus An Coinicéar agus as sráidbhailte Ardach agus Carraig Chiarraí agus na ceanntracha tuaith máguaird i bparóiste Ardach/Carraig Chiarraí ar nós Dún gConmhaoile, Cnoc na Boithe agus Ráth Rónáin. Is féidir le iománaithe as na paróistí [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Gleann]], [[CLG Naomh Seanán (Luimneach)|Faing/Seanghualainn]], [[CLG Gearóid Ó Gríofa|Leamhchoill/Baile Dhá Thuile]] agus [[CLG Áth an tSléibhe|Áth an tSléibhe]] imirt le Naomh Ciarán chomh maith.
 
== Cluichí ==
Tá traidisiún láidir [[peil Ghaelach|peile]] agus [[iománaíocht|iomána]] sa dá pharóiste agus bhí an béim céanna sa chlub ar an dá chód suas go dti blianta na 1970í nuair a shroich Naomh Ciarán cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] don chéad uair. Cé gur imrítear an iomáint fós, tá an pheil níos láidre sa chlub ón am sin i leith.
 
== Stair ==
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imirthe Naomh Ciarán suite I gCúil Cheapach, lámh leis an séipéal agus an scoil náisiúnta. Baintear úsáid ar ócáid as seanpháirc Ardaigh atá suite i mbaile Ardach.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc peileadóirí cáiliúla an chluib ar imir ar fhoireann sinsear Luimnigh, tá Pádraig Ó Laochdha (''Pa Leahy'') as blianta na 1970í, Liam Baróid (''Liam Barrett'') as blianta na 1980í agus Seán Mac Cárthaigh (''Johnny McCarthy'') as blianta na 2000í.
 
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/CoolcappaKilcolman.htm Coolcappa-Kilcolman Parish (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}
20,103

edits