An difríocht idir athruithe ar: "CLG Pailís na Gréine"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Pailís na Gréine'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin in Oirthear Luimnigh, 22km soir ó dheas ó [[Luimneach|Cathair Luimnigh]] thart ar bhóthar an [[N24]]. Tagann formhór dá imreoirí ó na bailte Pailiís Na Gréine, An Seanphailís agus An Coinicéar agus sna ceanntracha tuaithe maguaird ar nós Rás, An Bhreac-choill agus An Garrán Mór. Tá club eile, [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An Cnocán]], sa leath theas den pharósite timpeall Carraig an tSáirséalaigh ach is féidir le gach peileadóir agus iománaí as paróiste uile Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin imirt le Pailís na Gréine.
 
== Cluichí ==
Cé go raibh traidisiún na peile níos láidre sa pharóiste suas go dti [[An Dara Chogadh Domhanda]], tá an béim céanna ar an dá chód sa chlub faoi láthair.
 
== Stair ==
Bunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1887 i gceanntar ina raibh cluichí Gaelacha á imirt ar feadh blianta roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael]]. Bhí trí fhoireann peile láidir ann le linn blianta na 1890í agus d’aistirgh imreoirí idir Pailís na Gréine, [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An Cnocán]] agus [[CLG Úlla|Úlla]] ó bhliain go bliain. San am chéanna, bhí mór-tradisiúin lúthchleasaíochta sa pharóiste chomh maith, go mór mór i gcaitheamh an mheácain, an chasúir agus an teasc, agus é eagraithe mar chuid den chlub. D’éirigh le fear as an bPailís, Pádraig Ó Riain, bonn ór a bhuachaint sa chasúr i g[[Cluichí Oilimpeacha]] na bliana 1920 agus é ar fhoireann [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Mheiriceá]].
 
Líne 41:
Níor éirigh go maith leis an bpeil i bPailís na Gréine ó bhlianta na 1960í suas go go dti an bhlian 1994 nuair a bhuadar Croabh Peile Sóisear an Chontae don tríú uair sa bhliain 1994. I ndiaidh bhuachaint ar [[CLG Baile Stiabhana|Bhaile Stiabhana]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil sa bhliain 2005, shroicheadar cluiche ceannais Croabh Peile na gClub Idirmheánach na Mumhan ach chailleadar i goinne Raonaithe Caribre as Corcaigh.
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imirthe Paili na Gréine suite i mbaile Pailís na Gréine ar bhóthar Cathair Fuinse.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc imreoiri cáiliúile Pailís na Gréine, tá Risteárd de Stóc (''Dick Stokes''), iománaí ar fhoireann iomána Luimnigh le linn blianta na 1940í, agus Lorcán Ó Duibhír (''Lorcan O’Dwyer'') atá ar fhoireann peile an chontae faoi láthair.
 
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://pallasgreen.limerick.gaa.ie/ Pallasgreen GAA Club (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
* ''“Face the Ball, Pallas”'', O’Connell, Gerard , 2004, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}