An difríocht idir athruithe ar: "CLG Saor Theas"

Content deleted Content added
m →‎Imreoirí Cáiliúile: nasc: Pádraig Ó hArtagáin
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Saor Theas'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe sa pharóiste thuathach Domhnach Mór/Cnoc Aodha ar imeall theas [[Luimneach|Cathair Luimnigh]], 8km ó dheas ó lár na cathrach. Tagann formhór dá imreoirí ó na sráidbailte Baile an Fhaoitigh, Drom Bainne, Carn Fhearaígh agus Baile Síoda agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Ráth Shiúird, Lios an Fháltaigh agus Baile an Róistigh ina bhfuil an-chuid tithe aonair suite.
 
== Cluichí ==
Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]] sa chlub ach bhí an béim dírithe i gconaí go láidir i dtreo na hiomána.
 
== Stair ==
Bunaíodh an club go hoifigiúil i mí Bealtaine na bliana 1884, sé mhí roimh bhunú [[Cumann Lúthchleas Gael]] féin agus ceaptar gurb é an dara chlub an is sine sa chontae i ndiaidh [[CLG Cromadh|Chromadh]]. Ós rud é ná fuil baile ceart sa pharóiste, bhí mór-dhíospóireacht faoi ainm an chlub agus cinneadh ar ainm ársa na háite nuair ba chuid de saoirsí [[Luimneach|na cathrach]] í.
 
Líne 45:
Ghlac Saor Theas páirt i [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|gCraobh Peile Sinsear an chontae]] go dti gur tháinig grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988. Ba pheileadóirí idirmheánacha iad ina dhaiadh sin, thiteadar síos go dti an grád sóisear A sa bhliain 1990, d'fhilleadar ar bpeil idirmheánach tar éis dóibh an bua d'fháil ar [[CLG Átháin|Átháin]] igcluiche ceannais Craobh Peile Sósear A Chontae Luimnigh na bliana 2002 ach thiteadar síos arís i ndiaidh na bliana 2008.
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imirthe Saor Theas, Páirc Uí Dubhlaoigh, suite i gceartlár an pharósite i gCnoc Aodha.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc iománaithe cáiliúile Saor Theas, tá Éamonn Ó Greacháin (''Eamon Grimes''), captaen Luimnigh a bhuaigh [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|craobh sinsear na hÉireann]] sa bhliain 1973, agus a chomráidí ar an bfhoireann sin [[Pádraig Ó hArtagáin]] (''Pat Hartigan'') agus Seosamh Mac Cionnaith (''Joe McKenna'') ar a bhronnadh an gradam [[Sárimreoirí na Bliana]] orthu aon uair déag eatarthu.
 
== Dathanna ==
Chítear na stríocanna glasa is ór go minic ar ráschúrsaí na hÉireann agus na hEorpa mar is iad dathanna an airgeadóra SP Mac Mánais (''JP McManus''). Ba chathaoirleach an chluib Saor Theas é SP le linn blianta na 1970í agus d'aimnigh sé roinnt dá chapaill ar nós ''Joe McKenna'' agus ''Grimes'' i ndiaidh iománaithe cáiliúile an chluib.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://southliberties.limerick.gaa.ie/ South Liberties GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
Líne 60:
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
* ''“Up The Souths: History of South Liberties GAA Club”'', Greensmyth, Harry, 1984.
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}
Líne 71:
[[Catagóir:Clubanna CLG i gContae Luimnigh|Saor Theas]]
 
[[en: South Liberties GAA]]