An difríocht idir athruithe ar: "CLG Tobar Phádraig"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 25:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Tobar Phádraig '''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe sa chuid theas de pharóiste [[Tobar Phádraig]]/Baile Brún, 10km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Tobar Phádraig agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Fhaiche, Áit Tí Flainn agus An Bheárna Choill. Cé go bhfuil club eile, [[CLG Baile Brún|Baile Brún]], ann i bparóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, is féidir le gach peileadóir agus iománaí as an bparóiste uile imirt le Tobar Phádraig.
 
== Cluichí ==
Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]] ach bhí béim an chlub i gcónaí go láidir ar an iomáint óna bhunú. Is é Tobar Phádraig an club iomána is láidre sa chontae le daichead bliain anuas agus ba é an taon chlub amháin i Luimneach a raibh foireann sinsear agus idirmheánach aige (chomh maith le foireann sóisear B) go dtí gur thit an dara fhoireann síos go dti grád sóisear A sa bhliain 2008.
 
== Stair ==
Cé go raibh an-shuim ag muintir na háite i gcónaí san iomáint, ní raibh aon chlub dá gcuid féin acu roimh an mbliain 1943. D'imir foireann faoin ainm ''Tobar Phádraig'' i roinnt comórtaisí iomána le linn blianta na 1890í agus is cosúil gur chláraíodh club faoin ainm sin mar gur ghlacadar páirt i g[[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] na bliana 1895. Tá cúntas ann chomh maith faoi chuiche a chailleadar i gcoinne [[CLG Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean|Béal Átha Grean]] i gcomórtas i g[[Cill Mocheallóg]] i Mí Mhárta na bliana céanna ach níl aon trácht ann faoin gclub ina dhiaidh sin. Le linn blianta tosaigh an 20ú aois, d’imir iománaithe na háite san am sin leis an gclub eile sa pharóiste, [[CLG Baile Brún|Baile Brún]], agus le clubanna paróistí eile i ngar don sráidbhaile ar nós [[CLG Mungairit|Mungairit]], [[CLG Áth Dara|Áth Dara]] agus [[CLG Craobh Chumhra|Craobh Chumhra]].
 
Líne 45:
B’iad blianta na 1960í agus na 1970í ré órga peile Tobar Phádraig nuair a bhuadar Craobh Peile Sóisear A an chontae sna blianta 1964, 1970 agus 1978. Cé gur bhuadar Craobh Peile Sóisear A na Cathrach ar roinnt ócáid le linn blianta na 1990í agus na 2000í, cuireadh suim sa pheil ach amháin nuair ná raibh na hiománaithe fós ar thóir craobh an chontae.
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imeartha an chlub suite i gceartlár shráidbhaile Tobar Phádraig. Ceannaíodh le linn blianta na 1950í í agus tá sí ainmnithe i gcuimhne Antóin Uí Bhriain (''Tony O'Brien''), an chéad iománaí as Tobar Phádraig ar imir ar fhoireann sinsear an chontae.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc iománaithe cáiliúla an chlub, tá iar-bainisteoir foireann Luimnigh Risteárd Ó Binéid (''Richie Bennis'') agus Proinsias Ó Nualáin (''Frankie Nolan'') a bhuaigh bonn [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|Craobh na hÉireann]] sa bhliain 1973 agus Leonárd Ó hIonrachtaigh (''Leonard Enright''), Gearóid Ó Ciarba (''Gary Kirby''), Ciarán Ó Ciardha (''Ciarán Carey'') agus Brian Ó Muirí (''Brian Murray'').
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://patrickswellgaa.com/ Patrickswell GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
Líne 57:
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}