An difríocht idir athruithe ar: "CLG Áth an tSléibhe"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Áth an tSléibhe'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste Áth an tSléibhe idir An Gleann agus [[Mainistir na Féile]] in Iarthar [[Contae Luimnigh|gContae Luimnigh]], 60km siar ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór imreoirí an chluib as baile Áth an tSléibhe agus as na ceanntracha tuaithe maguaird ar nós Gort na gCros, An Chúil, Cnoc na gCoirneach agus Gleann an Ghabhair.
 
== Cluichí ==
Tá paróiste Áth an tSléibhe suite díreach ar theorann [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]] agus tá traidisiún láidir [[peil Ghaelach|peile]] sa cheanntar. Ós rud é ná imrítear an [[iománaíocht|iomáint]] go forleathan sa pharóiste, imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Is iad [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Naomh Ciarán]], [[CLG Tuar na Fola|Tuar na Fola]], [[CLG Teampall an Ghleanntáin|Teampall an Ghleanntáin]] agus [[CLG Móin na nGé|Móin na nGé]] na clubanna iomána is gaire do Áth an tSléibhe.
 
== Stair ==
Cé go raibh an pheil á imirt go forleathan sa cheanntar le linn blianta deiridh an 19ú céad, níor bhunaíodh aon club i bparóiste Áth an tSléibhe go dti an bliain 1905. Roimhe sin, d’imir peileadóirí na háite le [[CLG An tAthair Ó Cathasaigh|Mainistir na Féile]], [[CLG An Gleann (Luimneach)|An Gleann]] agus Máigh Mheáin i g[[Contae Chiarraí]]. Níl aon tagairt ann d'fhóirne ag imirt faoi ainm ''Áth an tSléibhe'' nó faoi aon ainm eile gaolmhar leis an bparóiste i gcomórtaisí a eagraíodh in Iarthar Luimnigh nó i dtuaisceart Chiarraí le linn blianta na 1990í.
 
Líne 39:
Tháinig corn sóisear an chontae chuig an bparóiste don dara uair sa bhliain 1963 tar éis dóibh [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] a chloí agus bhí Áth an tSléibhe ar ais sa ghrád sinsear don dara uair. Cúig bhliain ina dhiaidh sin, bhuadar ar Sháirséalaigh an Chonartha i gcluiche cannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] ach, nuair a thosnaigh an fhoireann sin ag titim as a chéile, bhíodar ar ar ag imirt peile sóisir arís le linn blianta na 1980í.
 
Tháinig feabhas ar an scéal le blianta na 1990í nuair a tháinig glún nua le chéile chun Craobh Faoi-21B an Chontae a ghabháil sa bhliain 1995. Buadh Craobh Peile Sóisear A an Chontae sa bhliain 1997 tar éis dhá athimirt i gcoinne [[CLG Drom Chollachair/Béal an Átha| Drom Chollachair/Béal an Átha]] agus Craobh Peile Idirmheánach Chontae Luimnigh sa bhliain 2002 le bua ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] agus shoicheadar cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] na bliana dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Drom Chollachair/Béal an Átha. Thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2006, bhíodar ar ais sa phríomhghrád láithreach bonn tar éis buachaint ar Ghallbhaile arís i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach na bliana 2007 ach níor fhanadar ach bliain amháin ann sular thiteadar síos arís.
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imirthe Áth an tSléibhe suite i dTeampall an tSléibhe, 2km soir ó lár an bhaile ar bhóthar Charraig Chiarraí.
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc peileadóirí cáiliúla an chluib, tá Tadhg de Bhulbh (''Timmy Woulfe'') agus Seán Ó Maoláin (''Johnny Mullane'') a d'imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bliain 1965 agus Pádraig Ó hEathairn (''Pat Ahern'') a bhí ar an bhfoireann i gcluiche ceannais na bliana 2003.
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.atheagaa.com/index.html Athea GAA (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.limerickdioceseheritage.org/Athea.htm Athea Parish (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}