An difríocht idir athruithe ar: "CLG Átháin"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 24:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''CLG Átháin'''.
 
== Suíomh ==
Tá an club bunaithe i bparóiste Chaisleáin Uí Chonaill, an taon paróiste amháin sa chontae gur chuid de Dheoise Chill Dálua é, ar bhruach thoir [[An tSionainn|na Sionainne]] i dTuaisceart [[Contae Luimnigh|Chontae Luimnigh]], 10km soir ó thuaidh ó lár [[Luimneach|Chathair Luimnigh]] ar [[N7|bhóthar Bhaile Átha Cliath]]. Tagann formhór dá imreoirí as baile Caisleán Uí Chonaill, as sráidbhaile Montpelier agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios na Graí, Baile an Bharraigh, Átháin agus Guaig.
 
== Cluichí ==
Imrítear an [[iománaíocht|iomáint]] agus an [[peil Ghaelach|pheil]] in Átháin agus tá craobhacha sinsir an chontae buaite acu sa dá chód ach bhí béim an chlub dírithe i gcónaí go láidir óna bhunú i dtreo na hiomána.
 
== Stair ==
Fiú amháin roimh bhunú oifigiúl [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]], bhí traidisiún bríomhar iomána sa limistéar díreach soir ón g[[Luimneach|cathair]]. I measc na gclubanna ba láidre sa chontae le linn blianta deiridh an 19ú déag, bhí dhá cheann ó pharóiste Caisleán Uí Chonaill, ''Caisleán Uí Chonaill'' agus ''Cnoc na Sailí''. D'éirigh leis an mbeirt acu [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh]] a bhuachaint, Cnoc na Sailí i ndiaidh dóibh sárú ar [[CLG Ráth Caola|Abrahamaigh Ráth Caola]] sa bhliain 1900, agus Caisleán Uí Chonaill nuair a fuaradar an lámh in uachtar ar [[CLG Cromadh|Chromadh]] i gcluiche ceannais na bliana 1909.
 
Líne 48:
Is beag toradh, áfach, a raibh ag peileadóirí Átháin ó shin i leith. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, be chlub peile idirmheánach iad agus shroicheadar cluiche ceannais an chontae sa ghrád sin cúpla bliain ina dhiaidh ach thiteadar síos go dti an grád sóisear A sa bhliain 2001.
 
== Páirc Imirthe ==
Tá páirc imirthe Átháin, Páirc Mhic Aodha, suite sa Gharraí Nua, Lios na Graí agus osclaíodh an clubáras sa bhliain 1995. Ainmníodh í i gcuimhne [[Mícheál Mac Aodha|Mhichíl Mhic Aodha]] (1912-1982).
 
== Imreoirí Cáiliúile ==
I measc na niománaithe cáiliúile Átháin, tá [[Mícheál Mac Aodha]] (''Mick Mackey''),
a dheartháir Seán Mac Aodha (''John Mackey''), [[Seán de Paor]] (''Jackie Power''), Pádraig Ó Scanláin (''Paddy Scanlon'') agus Tadhg Ó Riain (''Timmy Ryan Goodbye''), baill foireann iomána Luimnigh le linn blianta na 1930í, agus Oilibhéar Ó Móráin (''Ollie Moran'') atá ag imirt ar fhoireann sinsear an chontae ón mbliain 1997. Sé Seán Ó Catháin (''John Keane''), lán-taca ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1980í agus na 1990í, an peileadóir is mó le rá a tháinig as Átháin le seasca bliain anuas.
 
== Rosc Catha ==
Tá cáil faoi leith ar rosc catha Átháin, ''Ar aghaidh, Átháin! Tá na prátaí ag beiriú!'' (''Come on Ahane! The spuds are boiling!'' as Béarla), i mbéaloideas iomána Luimnigh.
 
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://ahane.limerick.gaa.ie/ Ahane GAA Club (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/sports-recreation/sport/o-ceallaigh-gaa-collectio/content-of-the-o-ceallaig/ Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
* ''“One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”'', Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
* ''“Come on Ahane, the Spuds are Boiling”'', Murphy, Seán, 2002, (Béarla).
 
{{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}