An difríocht idir athruithe ar: "Camógaíocht"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Spórt]] Ceilteach is ea [[camógaíocht]] a imrítear in [[Éire|Éirinn]] don chuid is mó. Saghas [[iománaíocht]]a do mhná atá inti.
 
== An cluiche ==
[[ImageÍomhá:Hurling Ball and Hurley.JPG|thumb|200px|[[Camán]] agus [[sliotar]].]]
 
=== Uirlisí agus cultacha ===
Imrítear camógaíocht le [[camán]] cosúil leis an iomáint, ach amháin gurb iad na mná a imríonn an chamógaíocht. Imrítear an cluiche le [[liathróid]] nó [[sliotar]] a mheánn idir 90 agus 110 gram.
 
Tá sé riachtanach do gach imreoir san fhoireann an geansaí céanna a chaitheamh murab ionann agus an iománaíocht, áit a gcaitheann an cúl báire geansaí difriúil. Ar ndóigh is sciorta a chaitheann na mná sa chluiche camógaíochta.
 
Caitheann na himreoirí clogaid ar a gcloigne. D'uireasa an chlogad is féidir leis an gcluiche a bheith contúirteach agus d'fhéadfadh imreoir droch-ghortú a fháil sa chloigeann. Níl aon riail docht daingean ann áfach, sa chaoi is go mbeadh ar chuile imreoir [[clogad]] a chaitheamh. Pléadh rún faoin ábhar seo ag comhdháil [[Cumann Camógaíochta na nGael|Chumann Camógaíochta na nGael]] in Éirinn cúpla bliain ó shin ach níor ghlac an tromlach leis nuair a cuireadh ar bhóta é.
=== Rialacha ===
Tá roinnt mhaith cosúlachta arís idir an chamógaíochta agus an [[iomáint]]. De bharr nádúr an chluiche a imrítear le camán caitear a bheith dian ar na [[rialacha ]] . Faigheann imreoir cárta dearg má dhéanann sí drochfheall. Má bhronntar cárta dearg ar imreoir cuirtear an duine sin den pháirc agus déileálann an coiste smachta leis an gceist. Cárta buí a fhaigheann duine a dhéanann feall nach bhfuil baileach chomh tromchúiseach. Ciallaíonn dhá chárta bhuí, bata agus bóthar, ón bpáirc.
 
=== Cumann Camógaíochta na nGael ===
Cumann spóirt is ea Cumann Camogaíochta na nGael a chuireann an chamógaíocht chun cinn in [[Éirinn]]. Bunaíodh an Cumann i 1904, agus Máire Ní Chinnéide an chéad Uachtarán a toghadh air.
 
Imríodh an chéad chluiche poiblí camógaíochta faoin gCumann idir Craobh an Chéitinnigh agus Cúchulainn i gContae na Mí. Imríodh an chéad chluiche idir chontaetha sa bhliain 1912. Ba sa bhliain 1930 a himríodh Craobh Chamógaíochta na hÉireann den chéad uair; [[Baile Átha Cliath ]] a bhuaigh an cluiche sin agus faoin mbliain sin bhí an cluiche camógaíochta á imirt ar fud na dtríocha dó contae in Éirinn.
Faoin mbliain 1934 bhí [[Craobh na hÉireann ]] sa chamógaíocht dá imirt i bPáirc an Chrócaigh. Neartaíodh an Cumann ar fud na tíre agus faoin mbliain 1974 ghlac an Cumann Camógaíochta páirt i bhFéile na nGael. Bunaíodh [[Comhairle na mBunscoileanna ]] i 1977 agus ba í Sighle Nic an Ultaigh an chéad [[Uachtarán ]] ar an gcomhairle. Tá Ardstiúrthóir fostaithe ag an gCumann ó 1980 i leith agus tá oifig acu i bPáirc An Chrócaigh. Faoi láthair tugann [[Foras na Gaeilge ]] urraíocht do Chraobhchomórtas na hÉireann. Tá baint ag an gCumann le [[Cumann Lúthchleas Gael ]] .
 
=== Uachtaráin ===
* Is í [[Liz Howard ]] , Uachtarán Chumann Chamógaíochta na nGael ó mhí Márta na bliana seo. Ba imreoir den scoth a bhí i Liz i gcónaí. Níor spáráil sí í féin ná an camán ná an sliotar ariamh. Táthar cinnte go mbláthóidh an cluiche faoina stiúir.
* Leanann Liz Miriam Ní Cheallacháin a bhí sa chathaoir ar feadh trí bliana roimpi. Rinne Miriam obair éachtach ar son na camógaíochta ó cheann ceann na tíre.
* Bean eile a rinne obair na gcapall ná Pat Rafferty le linn a tréimhse mar Uachtarán.
* Ar ndóigh tá na céadta daoine eile ann a bhfuil obair íontach ceann ródaíochta déanta acu ar son an chluiche seo.
 
=== Go hidirnáisiúnta ===
Imrítear camógaíocht chomh fada ó bhaile leis [[an Astráil]]. Tá club bunaithe i Sydney agus sí Ruth Ní Challanáin, iarimreoir na Gaillimhe atá ina bhun agus ina bharr. Imrítear an cluiche san [[an Eoraip|Eoraip]] agus i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceá]] freisin.
Bíonn an-ghearán ag lucht na camógaíochta faoi na [[meáin chumarsáide]]. Is beag poiblíocht a fhaigheann cluichí na mban i gcomparáid le cluichí na bhfear. Is iad na meáin Ghaeilge is fearr a thugann poiblíocht do chluichí na mban. Tá [[Raidió na Gaeltachta|raidio na Gaeltachta]] go maith agus déanann [[TG4]] iarracht anois agus arís. Chomh maith leis sin is minic faillí dá dhéanamh ag tuismitheoirí mar gur fíorbheagán acu a thagann chun breathnú ar a gclann iníon ag greadadh na fuinseoige. Níor fhreastal ach 23,000 duine ar chraobh na hÉireann sa chamógaíocht anuraidh.
 
=== Féile na nGael ===
Is Féile náisiúnta don óige é [[Féile na nGael]] a dhéanann freastal ar an gcamógaíocht chomh maith leis an [[iománaíocht]] agus an [[liathróid láimhe]]. Cailíní faoi 14 a ghlacann páirt sa chamógaíocht san Fhéile. Bhunaigh triúr fear, Séamus Ó Riain, Éamonn De Stafford agus Tommy Barrett an Fhéile chomh fada siar le 1971. Thosaigh an Fhéile i [[Contae Thiobraid Árann|dTiobraid Árann]] ach reachtáiltear i gcontaetha eile anois chomh maith é. Beidh sé ar bun i gCorcaigh i mí Meithimh na bliana seo.
Anuraidh d'fhreastail 25,000 idir chailíní agus bhuachaillí as na 32 condae ar an bhFéile. Bhí club cailíní as Londain agus [[Warwickshire]] Shasana páirteach chomh maith. Bíonn réamhbhabhtaí sa [[Chondae]] baile agus téann an fhoireann a bhuann ar aghaidh go dtí an Fhéile. Fanann na hiomaitheoirí ar fad le clanna áitiúla atá páirteach sa chlub camógaíochta sa cheantar sin. Tugann Coco Cola urraíocht bhliantúil don Fhéile ó bunaíodh í.
 
Cuireann an Fhéile an-tábhacht le páirtíocht fheiliúnach, cur i láthair, spóirtiúlacht agus dea-thréithe an chluiche. Baineann an Fhéile leis an bpobal ar fad ar fud an náisiúin agus déantar iarracht clubanna, scoileanna, grúpaí sóisialta, grúpaí cultúrtha, na gárdaí, bannaí ceoil áitiúla, an chléir agus na clanna a bheith lárnach san Fhéile. Cabhraíonn sé le traenáil agus ceannasaíocht mhaith a thabhairt don óige chun mórtas a spreaghadh iontu ó thaobh a gceantar agus a gcondaetha féin.
 
=== Blianta tábhachtacha sa chamógaíocht in Éirinn ===
 
* [[1904]] Cuireadh tús oifigiúil leis an gcamógaíocht mar chluiche sainiúil i gcontae na Mí mí Iúil 1904.
 
* [[1905]] Toghadh Máire Ní Chinnéide mar chéad Uachtarán ar Chumann Chamógaíochta na nGael.
 
* [[1912]] Imríodh an chéad chluiche idirchontae idir [[Baile Átha Cliath]] agus [[Contae Lú]].
 
* [[1913]] Bunaíodh Club na gColáistí i gColáiste na hOllsoile Baile Atha Cliath.
 
* [[1915]] Cuireadh tús leis an gcomórtas camógaíochta idir [[ollscoile]] nuair a himríodh ar son corn [[Ashbourne]].
 
* [[1930]] Cuireadh tús le cumann camógaíochta i Meiriceá.
 
* [[1932]] Imríodh cluiche craoibhe uile Éireann agus bhuaigh Baile Átha Cliath.
 
* [[1934]] Imríodh craobh uile Éireann i [[Páirc an Chrócaigh|bPáirc an Chrócaigh]] den chéad uair.
 
* [[1956]] Cuireadh tús le comórtas idirchúige [[Ghael Linn ]] .
 
* [[1964]] Bhí ceiliúradh seasca bliain a mbunaithe ag lucht leanúna an chluiche.
 
* [[1966]] Cuireadh tús le clár traenála do thraeneálaithe.
 
* [[1968]] Cuireadh tús le comórtas uile Éireann dona sóisír agus bhuaigh contae an Dúin.
 
* [[1974]] Ghlac an cumann páirt i bhFéile na nGael.
 
* [[1977]] Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna agus ba í Sighle Nic an Ultaigh a bhí mar [[Uachtarán]].
 
* [[1979]] Bhí ceiliúradh 75 bliain ag an gcumann.
 
* [[1980]] Osclaíodh oifig i bPáirc an Chrócaigh]].
 
* [[1986]] Cuireadh clár traenála ar fáil.
 
* [[1992]] Cuireadh tús leis an gCraobh Idirmheánach agus bhuaigh [[Baile Átha Cliath]].
 
* [[1995]] Thug [[Bord na Gaeilge]] nó [[Foras na Gaeilge]] mar a ghlaoitear air anois urraíocht non chluiche.
 
* [[1999]] Imríodh an cluiche le 15 imreoir ar gach taobh ar pháirc iomlán.
 
* [[2000]] Tosaíodh ar Chraobh na Mionúr B agus bhuaigh Laois.
 
* [[2004]] Bhí ceiliúradh 100 bliain a mbunaithe ag lucht na Camógaíochta
 
Líne 87:
[[Íomhá:Croke Park from the hill.jpg|center|thumb|500px|Páirc an Chrócaigh, an áit a n-imrítear Craobh na hÉireann gach bliain]]
 
=== Buaiteoirí Craobh na hÉireann ===
 
{| class="wikitable"
Líne 126:
|}
 
=== Buaiteoirí Léig na hÉireann ===
 
{| class="wikitable"
Líne 160:
|}
 
== Féach ar ==
* [[Iománaíocht]]
* [[Liathróid láimhe ]]
* [[Spórt]]
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.gaa.ie/page/hurling.html Cumann Lúthchleas Gael] - nuacht na camógaíochta (as Béarla)
* [http://www.camogie.ie/camogie_history.html Cumann Camógaíochta na nGael] - Stair na camógaíochta (as Béarla)
 
{{Múnla:Cluichí Ghaelacha}}