An difríocht idir athruithe ar: "Cath an tSléibhe Bháin"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: an:Batalla d'a Montanya Blanca
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Bhí '''Cath an tSléibhe Bháin''', [[8 Samhain]] [[1620]] (''Bílá hora'' a tugtar ar an Sliabh Bán sa t[[Seicis]]) ar cheann de na chéad cathanna a fearadh i g[[Cogadh na dTríocha Bliain]], mar a chuir arm 25,000 fear de chuid airm [[Ferdinand I|Fherdinand I]], [[Impire Naofa Rómhánach|Impire Naofa na Róimhe]] faoin gceannaire Karel Boneventura Buquoy, agus airm na Léige Caitlicí faoi Johan Tzerclaes Cúnta Tilly, an ruaig ar 20,000 Bóiméach agus amhas faoi Christian Anhalt ag Bíla Hora, láimh le [[Prág]]. Chuir an cath deireadh le tréimhse Bóihéimeach an Chogadh na dTriocha Bliain.
 
== Réamhrá ==
D’éirigh go maith ar dtús le héirí amach na [[Protastúnachas|bProtastúnach]] sa Bhóihéim, agus d’éirigh leo scóp an éirí amach a leathnú trí Fheardorcha V, Toghdóir na pailitíne a thogha mar rí orthu féin/ Ach d’iompaigh an taoide ina gcoinne nuair a chruinnigh Maximilian 1, Diúc na Báváire, fórsaí na Léige Caitlicí. Chuir sé siúd Tilly ar cheann airm go Prág. Lean Christian Anhalt é agus tháinig sé amach rompu ar bhóthar Phráig lena chuid fórsaí féin,
== An Cath ==
Chruinnigh an ceannaire Bóihéimeach, Christian Anhalt, a chuid saighdiúirí, agus ghlacadar seilbh ar an gcnoc (''Bílá Hora'' sa tSeicish, ''Weißer Berg'' sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]], nó an Sliabh Bán) ag dúnadh bhóthar Phráig ar Tilly. Bhí ionad maith cosanta acu, a eite dheas le caisleán seilge, sruthán lena eite chlé, agus sruthán is talamh riascach amach rompu.
 
Líne 14:
I measc na saighdiúirí a fuair moladh speisialta ón Impire mar gheall ar a gcrógacht sa chath bhí an captaen [[Somhairle Mac Domhnaill]] a bhí i gceannas ar chomplacht muscaed i reisimint Verdugo.
 
== Toradh an Chatha ==
Agus arm na Bóihéime briste, ghabh Tilly seilbh ar Phrág agus tháinig deireadh leis an éirí amach. D’ealaigh an rí Feardorcha agus a bhean Elizabeth (as sin a fuair sé an leas-ainm Rí an Gheimhridh). Cuireadh seachtar is fiche de na huaisle a bhí i gceannas an éirí amach chun báis i gCearnóg an tSeanbhaile i bPrág.
 
De réir a chéile cuireadh deireadh le saoirse chreidimh sa Bhóihéim agus theith na Protastúnaigh nó ruaigeadh iad as an tír. In iarracht na cúigí ceannairceacha san Ísiltír a thimpeallú ghabh arm na [[An Spáinn|Spáinne]] an Phailitín. Ba ansin, agus na Protastúnaigh i riocht a mbuailte sa ghearmáin, a tháinig [[an Danmhairg]] isteach sa chogadh.
 
== Cath an tSléibhe Bháin sa Litríocht ==
Tá Cath an tSléibhe Bháin mar chúlra le cuid mhór de na himeachtaí san úrscéal [[An Cléireach]] ([[Leabhar Breac]] 2007) le [[Darach Ó Scolaí]]
 
== Tagairtí ==
* La Bataille de la Montaigne Blanche, Olivier Chaline, Agnès Viénot Editions, 2000.
* [http://en.wikipedia.org/wiki/Battle_of_White_Mountain Alt Béarla i Wikipedia]