An difríocht idir athruithe ar: "Ceoldráma spáis"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: ro:Space opera
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
'''Ceoldráma spáis''', scéal eipiciúil atá suite amuigh sa spás, agus eachtraíocht éadromchroíoch [[An tIarthar Fiáin|an Iarthair Fhiáin]] ag baint leis.
 
== An Coincheap ==
 
B'é Wilson Tucker, thiar sna [[1940í|daichidí]], an chéad duine a bhain úsáid as an téarma sin ''space opera'', nó ceoldráma spáis. Tá an téarma féin bunaithe ar ''soap opera'', is é sin, gallúntraí nó [[sobalscéal]], agus blas dímheasúil ag baint leis. Nuair a chum Tucker an téarma seo, bhí clasaicigh an [[ficsean eolaíochta|fhicsin eolaíochta]], cosúil le [[Robert Anson Heinlein]] agus [[Isaac Asimov]] (gan aon trácht a dhéanamh ar [[Arthur C. Clarke]] sa [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]]), díreach ag teacht i mbun a méide mar scríbhneoirí, agus Tucker ag tabhairt le fios gur scríbhneoireacht dháiríre nua-aimseartha a bhí idir lámhaibh acu seo, i gcomparáid leis na húdair a tháinig rompu. Nó ní raibh iontusan, dar le Tucker, ach sclábhaithe d'údair agus iad ag táirgiú earraí do na hirisí éadroma lónléitheoireachta ar bhealach thionsclaíoch. Mar sin féin, ní raibh leithéidí Asimov chomh difriúil sin leis na ceoldrámadóirí spáis. Bhain Asimov féin amach a chlú is a cháil le tríológ [[úrscéal|d'úrscéalta]] a dtugtar [[Tríológ na Fundúireachta]], nó ''The Foundation Trilogy'', uirthi, agus is ar éigean is féidir a mhaíomh nach bhfuil sa tríológ seo ach ceoldrámadóireacht spáis den chineál is follasaí. Ar a laghad, tá go leor de phríomh-mhóitífeanna an cheoldráma spáis le haithint uirthi, cosúil le hImpireacht na Bó Finne - impireacht a shíneann ó cheann ceann [[Bealach na Bó Finne|ár réaltra féin]] - agus leis na cathanna spásárthaí idir na pláinéid a chuirfeadh cathanna na ngnátheitleán sa dá Chogadh Dhomhanda i gcuimhne duit.
 
Is é an cineál scéal atá i gceist leis an cheoldráma spáis ná scéal eipiciúil eachtraíochta nár sparáladh an canbhás leathan air, agus imeachtaí an scéil seo ag titim amach sa spás. Go minic, ní bhíonn mórán "eolaíochtúlachta" ag roinnt leis na scéalta seo. Níl sna léasarghunnaí, na spásárthaí ná na cultacha brúchóirithe ach feistiú stáitse le cuma na hardteicneolaíochta a chur ar scéalta laochais den chineál thraidisiúnta. Déanta na fírinne, ní bheadh sé doiligh ná dodhéanta na scéalta [[Fiannaíocht]]a agus [[Rúraíocht]]a - na [[Miotaseolaíocht na nGael|miotais Ghaelacha]] - a iompú ina gceoldrámaí spáis.
Líne 13:
Is iomaí scríbhneoir ficsin eolaíochta a ghlac buntáiste ar an iarmhairt amleata seo - nó "paradacsa an chupla", mar a bheirthear air fosta - le haghaidh plotála, ach ní spás-cheoldrámadóirí a bhí iontu. Is coinbhinsiún tábhachtach é de chuid an cheoldráma spáis a bheag a dhéanamh den amleathadh nó fiú gléas éigin teicneolaíochta a thabhairt isteach a chuireann ar ceal é - [[taisteal forsholasach]], go bunúsach. Nó beidh sé i bhfad níos simplí gnáthscéal laochais faoin troid eadar Maith agus Olc a phlotáil gan chuimhne a choinneáil ar an dóigh a gcuirfeadh [[teoiric na coibhneasachta]] an t-am as a riocht.
 
== "Doc" Smith ==
[[FileÍomhá:Amazing Stories October 1930.jpg|thumb|''Amazing Stories'' ón bhliain 1930 - le ''Skylark Three'' ó Edward Elmer Smith]]
Glactar leis gurbh é [[Edward Elmer Smith]] - "Doc" - a chuir an chéad tús leis an gceoldráma spáis. Thosaigh sé ar an gceird leis an tríológ udaí Skylark, is é sin, tríológ na Fuiseoige. Is deacair, áfach, scéalta na Fuiseoige a ghlacadh dáiríre a thuilleadh, nó níl craiceann na fírinne ná na hinchreidteachta ar an bpríomhlaoch - tá sé i bhfad rófhoirfe, róshaor ó laigí daonna.
 
D'éirigh ní b'fhearr le sraith Lensman, a tháinig ó pheann Doc Smith i ndeireadh na dtríochaidí agus sna daicheadaí. Is é an cineál scéal atá i gceist le leabhair na sraithe seo ná cur síos ar choimhlint atá ag dul suas ón leibhéal is ísle, go dtí go bhfaighfidh an léitheoir é féin i bpianpháis fá dtaobh de chinniúint na hOllchruinne ar fad. Nuair a chuaigh Doc Smith i gceann na sraithe seo, bhí sé i ndiaidh a chuid ceachtanna scríbhneoireachta a fhoghlaim ó laetha na Fuiseoige i leith, agus líofacht na scéalaíochta aige anois. Mar sin féin, bhí seanlocht an cheoldráma spáis ar na leabhair i gcónaí, mar atá, an teicneachabaireacht, mar a deir lucht na ceirde. Is é sin, bhí laochra an scéil ag síorchaint fá dtaobh den mhaisíocht ardteicneolaíochta a bhí ag dul leis an scéal, rud a bhain go mór mór de chraiceann an scéil - nó ba léir gur leis an léitheoir a bhí siad ag labhairt, gan aon tucaid inmheánach de chuid an scéil féin leis an gcabaireacht seo.
 
== Edmond Hamilton ==
 
Maidir le h[[Edmond Hamilton]], príomhchomharba Smith , bhí seisean ina cheardaí shároilte scríbhneoireachta, i gcomparáid lenar tháinig roimhe de cheoldrámadóirí spáis, Doc Smith féin san áireamh. Bhí Edward Hamilton tugtha do stáitsiú an fhicsin eolaíochta a chur i bhfeidhm ar chlasaicigh ghnáthléitheoireachta na litríochta Béarla - tá úrscéal aige, mar shampla - ''The Star Kings'' - nach bhfuil ann go bunúsach ach ''[[The Prisoner of Zenda]]'' le h[[Anthony Hope]]-Hawkins, agus é curtha in oiriúint do thimpeallacht an cheoldráma spáis. Tá blas áirithe den scigaithris agus den ghreann le haithne ar an leabhar.
Líne 25:
Sna caogaidí, áfach, tharraing Hamilton gnúis ní ba dáiríre air féin. Anois, chuaigh sé a thabhairt cur síos ar iompairc chumhachta na gcoilíneachtaí éagsúla spáis. Tá na coilíneachtaí seo i ndiaidh a neamhspleáchas a bhaint amach ón Domhan, ach anois, tá ag éirí eatarthu, agus gach aon choilíneacht ag iarraidh an Domhan a ghabháil di féin, ós rud é go dtabhódh seanphláinéad dúchais an chine dhaonna an-chlú d'aon spásríocht a shealbhódh é. ''Battle for the Stars'' is teideal don úrscéal seo, agus tháinig sé i gcló an chéad uair sa bhliain 1956. Is é ''The Haunted Stars'' an t-úrscéal is tábhachtaí dár bhreac Hamilton síos lá a shaoil, áfach. Sa leabhar seo, tuirlingíonn na spásairí ar an nGealach, agus is é an rud a fhaigheann siad rompu thuas ansin ná iarsmaí i ndiaidh sárshibhialtachta eachtardhomhanda. De réir a chéile, iompaíonn sé amach gurb í an tsárshibhialtacht seo a chuir an chéad bhun leis an gcine daonna riamh, mar choilíneacht nó mar phlandáil. Is móitíf é seo atá spíonta inniu ag lucht na hasarlaíochta agus na húfó-eolaíochta, cosúil le h[[Erich von Däniken]], ach nuair a bhí Hamilton i mbun pinn, is dócha gur smaoineamh úr a bhí ann go fóill.
 
== Géarchéim an Cheoldráma Spáis ==
 
Thosaigh an ceoldráma spáis den chineál "thraidisiúnta" ag rith gann faoin am sin. Ní raibh an oiread sin de na hirisí garrfhicsin fágtha ar an saol a thuilleadh, agus mar sin, ní fhéadfá do chuid a shaothrú chomh réidh sin ar an chineál seo scríbhneoireachta ní ba mhó. Iad siúd a bhí ag cromadh ar fhicsean eolaíochta a scríobh san am, bhí uaillmhian liteartha orthu, agus iad ag déanamh a bheag den cheoldráma spáis, nach raibh ann, dar leofa, ach gnáth[[éalúchas]].
Líne 31:
Mar sin féin, tháinig scríbhneoirí úra ar an bhfód sna caogaidí féin agus iad ag scríobh litríocht den chineál áirithe seo. I dtús na gcaogaidí, bhain [[Poul Anderson]] - Meiriceánach de phór na Danmhairge - amach an-cháil agus é ag cumadh ceoldrámaí spáis a raibh an-gháifeacht iontu. D'fhéach sé leis na dlíthe nádúrtha a urramú ina chuid scríbhinní, ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne, níor éirigh leis gan déanamh in uireasa rudaí dodhéanta cosúil leis an taisteal forsholais. (Féach an t-úrscéal ''Tau Zero'', mar shampla.) Ina dhiaidh sin féin, is dócha gurb é ''The Starman of Llyrdis'' le [[Leigh Brackett]] an ceoldráma spáis is tábhachtaí dár foilsíodh sna caogaidí. Fear óg é an laoch, agus coimhthíos air roimh an ngnáthshaol. Faigheann sé amach, ansin, nach duine daonna ón Domhan é ar aon nós, ach duine de scothaicme idir-réaltach spástaistil.
 
== Seo chugainn na Berserkers! ==
 
Sa chéad leath de na seascaidí a tháinig an chéad scéal le [[Fred Saberhagen]] fá dtaobh de na Berserkers i gcló. An-smaoineamh a bhí sna Berserkers seo le haghaidh spás-cheoldrámadóireachta, nó is é an cineál rud a bhí iontu ná naimhde bagarthacha contúirteacha nach bhféadfá trua ar bith a ghlacadh leo. Meaisíní uathoibrithe troda a bhí iontu, agus iad fágtha mar iarsmaí i ndiaidh mórchogadh éigin spáis a bhí ligthe i ndearmad fadó. Anois, bhí siad ag dul timpeall an spáis ag déanamh ródaigh rompu, de réir a ríomhchláir, ar aon neach bheo a mbeadh de mhí-ádh air casadh orthu. Ar ndóigh, ní raibh sé deacair ag Saberhagen an dúrud de scéalta troda agus laochais a fháscadh as an mbunsuíomh seo.
 
== An Ceoldráma Spáis Nua ==
 
Chuir an ceoldráma spáis a chraiceann de sna seascaidí. Is iomaí íol a briseadh san am sin, agus ba dual do na hógánaigh cheannairceacha an-locht a fháil ar na scríbhneoirí ficsin eolaíochta a tháinig rompu. Is beag is ábhar iontais é gur cuireadh Faisisteachas agus gach aon mhioscais eile síos dóibh siúd. Mar sin féin, níor thréig lucht an tseascaideachais an ceoldráma spáis, bíodh is go samhlófá leofa nach n-aithneoidís aon tsuáilce ar an ''genre''. Nó bhí siad inbharúla gur scéalta príomhshamhaltacha laochais a bhí sna ceoldrámaí spáis agus go bhféadfaidís a n-úsáid féin a bhaint astu.
Líne 41:
Tháinig spáscheoldrámadóireacht nua na Breataine Móire i gcrann sna seachtóidí, nuair a scríobh [[Brian M. Stableford]] tríológ ''Dies Irae'', ina gcuireann na daoine cogadh ar ainmhithe saorga. San am céanna, bhí [[Barrington J. Bayley]] ag breacadh síos a chuid scéalta fá dtaobh den amthaisteal. Is é an suíomh a bhí ina chuid leabhar ná dhá impireacht agus iad ag cur "cogadh ama" ar a chéile, ó bhí longa amthaistil ag an dá ríocht, agus iad ag iarraidh an stair a chlaonadh de réir a leasa féin.
 
== Bujold agus Banks ==
 
Cad é a tharla ins na hochtóidí, ansin? Thar aon duine eile, ní mór [[Lois McMaster Bujold]] agus [[Iain M. Banks]] a lua. D'fhéadfá a rá gur poil chontrártha iad. Is spás-cheoldramadóir éadrom í Bujold, agus Banks ag iarraidh uaillmhian ardliteartha a shásamh. Is Meiriceánach í Bujold, agus is í an Bhreatain Mhór is tír dhúchais d'Iain M. Banks. Ní thráchtar ach ar dhaoine daonna i leabhair Bhujold, ach tá úrscéalta Bhanks ag cur thar maoil le neacha eachtardhomhanda, idir dhaonchosúil agus eile. Agus an cineál saoil a bhíonn ag na laochra in úrscéalta Bhujold, níl sé doiligh do chomhionannú a dhéanamh leofa, ach maidir le Banks, is duairc, dothuigthe, suaithní, scanrúil an sórt ollchruinne a chuireann sé os ár gcoinne.
 
== Lois McMaster Bujold ==
[[FileÍomhá:Ddb 199603 043-09-wiki.jpg|thumb|Lois McMaster Bujold]]
{{main|Lois McMaster Bujold}}
Tá blas láidir an tsobalscéil ar a bhfuil scríofa ag Bujold. Na daoine a chastar orainn sa tsraith a chum sí fá dtaobh d'eachtraí an abhaic uasail udaí [[Miles Vorkosigan]], faigheann an léitheoir dlúthaithne ar gach aon mhac máthar agus iníon athar acu, agus is deacair gan éirí fiosrúil i dtaobh a gcinniúna i ndiaidh an chéad chupla leabhar den tsraith a léamh.