An difríocht idir athruithe ar: "Christopher Nolan (scríbhneoir)"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (róbat ag suimiú: br:Christopher Nolan)
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
}}
 
Ba scríbhneoir agus file [[Éire|Éireannach]]annach é '''Christopher Nolan''' ([[6 Meán Fómhair]] [[1965]] - [[20 Feabhra]] [[2009]]<ref>http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2009/0220/breaking29.htm</ref>). Bhain sé ardcháil amach nuair a ghnóthaigh sé duais litríochta Whitbread dá leabhar dírbheathaisnéiseach, ''Under the Eye of the Clock'', sa bhliain [[1988]]. Bhí [[pairilis cheirbreach]] air ó rugadh é, mar gheall ar easpa ocsaigine a bhí air le linn na breithe agus ní raibh lúth na ngéag ná a choirp aige dá bharr. Ach níor mhaolaigh an mháchail fhisiceach sin ar a intleacht in aon chor, rud a bhí soiléir óna shaothar scríofa.
 
== Óige ==
Rugadh Christopher Nolan do Joseph agus Bernadette Nolan agus bhí deirfiúr amháin aige, darb ainm Yvonne. Tógadh é sa [[An Muileann gCearr|Mhuileann gCearr]], i g[[Contae na hIarmhí]], ach bhog sé go [[Baile Átha Cliath]] dá oideachas. Agus é ag cur faoi sa phríomhchathair, d'fhreastail sé ar Scoil an Chlinic Lárnaigh Íocshláintigh, ar Scoil Chuimsitheach Mount Temple agus ar [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]].
 
== Saol agus Saothar ==
 
Cé nach raibh cumas corpartha aige, bhíodh sé in ann a cheann a bhogadh méid áirithe agus d'úsáideadh sé gléas scríofa speisialta a bhíodh ceangailte dá cheann, le bheith ag scríobh. Ceapadh é ina bhall d'[[Aosdána]] i [[1998]]. Bhronn Cumann Scríbhneoirí [[Na Náisiúin Aontaithe|na Náisiún Aontaithe]] Bonn Feabhais air agus bhronn Ollscoil Lancaster dochtúireacht oinigh air sa bhliain [[1991]].
 
== Bás ==
 
Fuair an Nuallánach bás tar éis dó tachtadh ar a chuid bia. Shíothlaigh sé ag 2.30am ar [[20 Feabhra]] [[2009]], in Ospidéal Beaumont, i mBaile Átha Cliath.
 
== Leabhair ==
* ''Dam-Burst of Dreams'' - Dánta agus gearrscéalta ([[1981]])
* ''Under the Eye of the Clock'' - Dírbheathaisnéis ([[1987]])
* ''The Banyan Tree'' - Úrscéal ([[1999]])
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.irishwriters-online.com/christophernolan.html Próifíl Christopher Nolan ag ''Irish Writers Online'']
* [http://www.artscouncil.ie/ga/news/news.aspx?article=4615225c-d9a0-48d9-87e1-8a3dc2e325d9 Is oth leis an gComhairle Ealaíon bás Christopher Nolan, a bhí ina bhall de Aosdána] - [[Aosdána]]
19,799

edits