An difríocht idir athruithe ar: "Ciarán Ó Con Cheanainn"

Content deleted Content added
Catagóir nua.
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Ba scoláire [[Gaeilge]] agus [[amhránaí]] ar an sean-nós é '''Ciarán Ó Con Cheanainn''' ([[Iúil]] [[1981]] - [[3 Feabhra]] [[2009]]<ref>http://www.rip.ie/death_notices_detail.asp?NoticeID=67065</ref>). Shaothraigh sé cáil i measc lucht na Gaeilge nuair a bhuaigh sé Comórtas Chorn Uí Riada agus é ar an duine ab óige riamh chun a gradam sin a bhuachan. Cailleadh go tobann é agus é ina fhear óg.
 
== Óige ==
Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sail Chuanna sa [[An Spidéal|Spidéal]], i n[[An Ghaeltacht|Gaeltacht]] na [[Contae na Gaillimhe|Gaillimhe]]. Cuireadh oideachas air i Scoil Sailearna agus i gColáiste Cholm Cille in [[Indreabhán]]. Bhain sé céim amach ansin i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh sa bhliain [[2002]], sa Ghaeilge agus sa [[Tíreolaíocht]]. Anuas air sin, bhain sé MA agus MLitt amach i [[UCD]] agus bhí sé ag obair ar a dhochtúireacht le linn dó a bheith ag obair mar léachtóir Gaeilge ansin, go dtí go bhfuair sé bás gan choinne.
 
== Corn Uí Riada ==
D'éirigh leis an svae a thabhairt leis i bpríomhchomórtas sean-nóis na hÉireann ag [[Oireachtas na Gaeilge]] sa bhliain [[2008]], tar éis dó teacht sa dara háit sna blianta [[1999]] agus [[2003]].<ref>http://www.irishtimes.com/newspaper/obituaries/2009/0228/1224241983518.html</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1312 Agallamh le Ciarán Ó Con Cheanainn ar ''Beo.ie'']
* [http://www.youtube.com/watch?v=3Hi9CbYNCV8 Físeán faoi Chiarán Ó Con Cheanainn, in ómós dó tar éis a bháis]