An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag mionathrú: es:Guerra de Independencia Irlandesa
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 10:
|comhraiceoir1=[[Poblacht na hÉireann (1919)|Poblacht na hÉireann]]
|comhraiceoir2=[[Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann|An Ríocht Aontaithe]]
|ceannasaí1=[[Mícheál Ó Coileáin]]
[[Risteard Ó Maolchatha]]
[[Cathal Brugha]]
|ceannasaí2=[[David Lloyd George]]
[[Henry Hugh Tudor]]
[[Winston Churchill]]
|líon_comhraic1=IRA: ~15,000
|líon_comhraic2=[[Arm na Breataine]]: ~20,000
[[Constáblacht Ríoga na hÉireann|RIC]]: ~9,700
[[Dúchrónaigh]]: ~7,000
[[ADRIC]]: ~1,400
[[USC]]: ~4,000
|taismigh1=Básanna: ~550
|taismigh2=Básanna: 714
Líne 21:
Tugtar '''Cogadh na Saoirse''' (nó an '''Cogadh Angla-Éireannach''') ar an [[treallchogadh]] idir [[Rialtas na Breataine]] in [[Éirinn]] agus [[Óglaigh na hÉireann]], a bhí faoi smacht na [[An Chéad Dáil|Chéad Dála]]. Pairlimint neamhspleách a bhí ann, agus í curtha i dtoll le chéile as feisirí Éireannacha a vótáladh isteach in olltoghchán [[Westminster]] sa bhliain [[1918]], an tromlach acu a thoiligh le dul ar an [[Dáil]] mar theachtaí. Thosaigh an cogadh nuair a mharaigh cathlán de chuid an [[IRA]] beirt oifigeach de chuid [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|Chonstáblacht Ríoga na hÉireann]] ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] ar an [[19 Eanáir|19ú lá d'Eanáir]] [[1919]]. Tháinig an chéad Dáil le chéile ar an lá céanna agus ghlac siad le [[Forógra na Cásca]] ó [[1916]]. Ar an ócáid chéanna, thug siad foláireamh do na fórsaí [[An Bhreatain Mhór|Gallda]] a bhí ar garastún in Éirinn imeacht as an tír. Thairis sin, d'iarr siad ar thíortha saora an domhain aitheantas a thabhairt don [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht]] úrbhunaithe. Cuireadh deireadh leis an gcogadh, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm ar an [[21 Iúil|21ú lá de Mhí Iúil]] [[1921]]. Tugtar "an sean-IRA" ar na fórsaí armtha a ghnóthaigh an cogadh seo don Phoblacht, le béim a chur ar an difríocht idir iad agus na [[IRA Sealadach|Sealadaigh]], is é sin, an tIRA nua a tháinig chun cinn i d[[Tuaisceart Éireann]] sna [[1970í]].

== Leathnú an fhoréigin ==

I dtús na cogaíochta, ní raibh na hÓglaigh ach ag déanamh loitiméireacht agus sabaitéireacht ar mhaoin shaolta de chuid Rialtas na Breataine, ag bailiú airgid, airm agus lón cogaidh nó ag feallmharú feidhmeannaigh mhór le rá de chuid an rialtais. Rinne siad aithris ar an oirbheartaíocht a thuill a gclú do na [[Cogadh na mBórach|Bóraigh]], is é sin, bhí Óglaigh ag déanamh ionsaithe treallchogaíochta i dtoibinne gan sainéide mhíleata a chaitheamh. Ní raibh gach duine de na hÉireannaigh féin sásta leis an gcineál seo cogaíochta, ós rud é gur fágadh a chead ag na Sasanaigh, de réir dhlíthe agus chonarthaí idirnáisiúnta cogaidh, aon Óglach a chimeofaí a chur chun báis mar shabaitéir, gan stádas oifigiúil an chime cogaidh a ghéilleadh dó. Bhí [[Éamon de Valera]] i bhfách le cogaíocht chomhghnásach faoi shainéide le haitheantas na dtíortha eile a chinntiú don Phoblacht, ach má bhí féin, ní raibh neart aige ar an oirbheartaíocht a bhí á cleachtadh. Na ceannairí eile, go háirithe [[Mícheál Ó Coileáin]] a raibh an lámh in uachtar aige, d'fhoghlaim siad a gceacht féin nuair a chlis ar [[Éirí Amach na Cásca]], thiar sa bhliain 1916. Bhí bunús phobal na hÉireann go mór i gcoinne an fhoréigin ar dtús. De réir a chéile, áfach, tháinig malairt tuairim acu, agus an dóigh a ndeachaigh ruathair fhuillteacha na saighdiúirí Gallda i bhfeidhm orthu. Ba mhinic nach n-aithníodh na Sasanaigh an sibhialtach thar an Óglach, agus iad ag rith damhsa ar fud na tíre. In áit cogadh ciallmhar a chur, ba ghnách leo daoine a chéasadh agus foirgnimh a chur trí thine gan chúis cheart. Is iomaí Éireannach, agus é idir dhá chomhairle faoi chúis na Poblachta ar dtús, a thug tacaíocht don ghluaiseacht sa deireadh, i bhfianaise an léirscrios a bhí fórsaí an Rí a dhéanamh ar an tír. I dtús na bliana 1920, bhí Éire ar fad ar bharr lasrach le trioblóidí is le foréigean den chineál seo.

[[Íomhá:Éamon de Valera 03.jpg|thumb|left|200px|Eamon de Valera
[[Príomh-Aire]] (1919-Lúnasa 1921)
agus
[[Uachtarán Phoblacht na hÉireann]] (Lúnasa-Nollaig 1921)]]

Líne 32:
Is iomaí ruathar a thug an tIRA faoi [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|Chonstáblacht Ríoga na hÉireann]] (RIC). As measc na nGael Caitliceach a hearcaíodh an chuid is mó de bhaill an fhórsa seo, agus meas na bhfealltóirí ag an IRA orthu dá réir. Ba ghnách leis an IRA beairicí de chuid na Constáblachta a ionsaí, go h-áirithe na cinn a bhí suite in áiteanna iargúlta. Bhí 9,700 ball ag an bhfórsa, agus iad lonnaithe i 1,500 beairic ar fud na tíre. Thug baill áirithe den fhórsa cabhair - idir airm is eolas - don IRA. Maraíodh 165 agus gortaíodh 251 duine acu i rith an chogaidh.

== Mícheál Ó Coileáin agus an tIRA ==
[[Íomhá:Portrait_of_Micheál_Ó_Coileáin.jpg|thumb|200px|right|'''Mícheál Ó Coileáin''', mar phríomh-cheannfort an airm ag sochraid [[Art Ó Gríofa|Airt Uí Ghríofa]], seachtain amháin roimh a bhás féin.]]

Líne 50:
Chaith Éamon de Valera tús an chogaidh sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], agus é ag iarraidh tacaíocht na Meiriceánach a bhaint amach don Phoblacht úr. Nuair a tháinig sé abhaile i ndeireadh na bliana 1920, d'éiligh sé in óráid a thug sé sa Dáil go n-éireodh na hÓglaigh as an treallchogaíocht, as na luíocháin agus as an eadarnaí. Bhí sé inbharúla nach ndéanfadh a leithéid ach dochar is damáiste do chúis na hÉireann, ó ba chruthúnas é ar iarrachtaí na bolscaireachta Gallda an tIRA a chur os comhair an tsaoil mhóir mar dhrong de sceimhlitheoirí. B'fhearr, dar leis, cogaíocht chomhghnásach a chleachtadh. Ar ndóigh, ní bhfuair sé ón Dáil ach diúltú glan, nó ní fhéadfadh an tIRA bua a bhreith ar shaighdiúirí na Breataine Móire, agus an taithí oibre a fuair siadsan sa [[Chéad Chogadh Domhanda]], ach dul i dtuilleamaí oirbheartaíocht an treallchogaidh.

== Na Dúchrónaigh is na Póilíní Cúnta: An Bhreatain Mhór ag Imirt a Díoltais ==

Nuair a bhí Constáblacht Ríoga na hÉireann ag titim as a chéile, cuireadh fórsaí cúltaca chucu mar chuidiú - na [[Dúchrónaigh]] agus na [[Póilíní Cúnta]]. Ba iar-shaighdiúirí Gallda iad na Dúchrónaigh ó aimsir an chéad chogadh domhanda, fir a chaith seal i ndiaidh seala sna trinsí i rith an chogaidh. Tugadh an t-ainm sin orthu mar gheall ar dhath a n-éide, nó bhí sórt éide thobchumtha orthu nach raibh cosúil le sainéide an tsaighdiúra ná an phóilín. 7,000 fear a bhí ann. Bhí aithne orthu mar shlua míthrócaireach, fuilteach agus rinne siad go leor damáiste d'íomhá an rialtais Bhriotanaigh in Éirinn. Mar sin féin, níor spáráil [[Winston Churchill]] na focail mholta orthu ar aon nós, agus é den tuairim gurbh iad togha agus rogha fear na Breataine Móire iad.
Líne 60:
Lá amháin, i Mí na Samhna 1920, mharaigh gníomhairí de chuid an Choileánaigh naonúr fear déag de chuid rúnseirbhísí na Breataine Móire - "[[drong Chaireo]]", mar a thugtaí orthu. D'imir na Póilíní Cúnta díoltas uafásach ar na sibhialtaigh. Tháinig díorma acu isteach ar [[Páirc an Chrócaigh|Pháirc an Chrócaigh]] le linn báire agus loisc siad meaisínghunnaí ar an lucht féachana, ionas gur maraíodh ceathrar déag. Fágadh 65 duine gonta i ndiaidh an ionsaí, leis. Ar an lá céanna, maraíodh beirt Óglach agus a gcara i gCaisleán Bhaile Átha Cliath "agus iad ag iarraidh éalú". Baisteadh [[Domhnach na Fola (1920)|Domhnach na Fola]] ar lá na n-imeachtaí seo. Inniu, tugtar Seastán Uí Ógáin ar cheann de na seastáin i bPáirc an Chrócaigh, i ndilchuimhne ar an imreoir ó [[Tiobraid Árann|Thiobraid Árann]] a fuair bás san ionsaí.

== [[Contae Chorcaí]] ar Bharr Lasrach ==

Taobh amuigh de [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], b'i gContae Chorcaí ba mhó a bhí an cath á chur. Ansin a baineadh an chéad triail as cuid mhaith de na drochnósanna cogaíochta a chuir na Gaill i bhfeidhm ina dhiaidh sin, cosúil leis an loitiméireacht mar dhíoltas as ionsaithe de chuid na nÓglach, nó le feallmharú na bPoblachtánach mór le rá. I Mí na Samhna, 1919, chuir fórsaí na Corónach lár chathair Chorcaí trí thine, agus iad ag stopadh na bhfear dóiteáin ón tine a mhúchadh. I Mí na Márta, 1920, mharaigh fir a raibh dath dubh curtha ar a n-aghaidheanna [[Tomás Mac Cuirtín]], Ard-Mhéara Chathair Chorcaí, os comhair shúile a mhná céile, siocair is gur ball de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] ab ea é an Méara. Ina dhiaidh sin, chonacthas na fir chéanna ag filleadh ar bheairic na bpéas. An fear a tháinig i gcomharbas ar an gCuirtíneach mar Ard-Mhéara, [[Tarlach Mac Suibhne]], shíothlaigh seisean i bPríosún [[Brixton]] sa Bhreatain Mhór agus é ar stailc ocrais. An giúiré a d'fhiosraigh imthoscaí a bháis, chuir sé dúnmharú toilghnústa i leith [[David Lloyd George]] agus an Chigire Ceantair Swanzy; agus ina dhiaidh sin, mharaigh na hÓglaigh Swanzy i Lios na gCearbhach, Co. Aontroma.
Líne 72:
Sna chéad ocht mí eile, go dtí an sos cogaidh, bhí na maruithe ag dul i líonmhaireacht. Básaíodh míle de dhaoine ó Mhí Eanáir go Mhí Iúil den bhliain 1921. Saighdiúirí dubha nó dearga iad trí chéad acu, agus an chuid eile ba sibhialtaigh nó Óglaigh iad. Thar an tréimhse chéanna, caitheadh ceithre mhíle go leith de dhaoine i dtóin phríosúin, de dheasca an drochamhrais go raibh siad ag cabhrú leis na hÓglaigh nó ina mbaill den IRA.

== "Anois, caithigí bhur gcuid pléascán linn!" ==

Idir an 15ú agus an 17ú lá de Mhí Eanáir, 1921, chuir na saighdiúirí Gallda [[cuirfiú]] i bhfeidhm ar an gcuid de Bhaile Átha Cliath idir [[Sráid Capel]], [[Sráid an Teampaill]], [[Sráid an Rí Thuaidh]] agus [[na Céanna]] i lár na cathrach. Cuireadh imdhúnadh iomlán ar an limistéar seo gan aon duine a ligean thar na pointí seiceála. Ansin, cuardaíodh gach aon teach ó úrlár go síleáil, ach níor thángthas trasna ar mhórán arm ná lón cogaidh. Is dócha gur chuir an turas in aistear seo le frustrachas na saighdiúirí, agus iad ag éirí níos brúidiúla in aghaidh an lae: i ndeireadh Mhí Eanáir, thosaigh siad ag tabhairt príosúnaigh Phoblachtacha mar ghialla ar a gcuid trucailí, agus gach trucail ag taispeáint an téacs ''Bomb us Now!'' ar an taobh amuigh. Ó thug na hiriseoirí coimhthíocha tuairisc air seo do na nuachtáin, éiríodh as an gcleachtadh go sciobtha.
Líne 80:
Ar an dara lá de Mhí Feabhra, 1921, cuireadh an chéad Óglach chun báis go hoifigiúil agus go poiblí. B'é [[Cornelius Ó Murchú]] é, ó Shráid an Mhuilinn i g[[Corcaigh]]. Básaíodh seisear eile ar an dóigh seo i gCorcaigh ar an 28ú lá den mhí chéanna. An lá arna mhárach, mharaigh an tIRA dháréag duine de shaighdiúirí neamharmtha Briotanacha mar éiric.

Ar an gceathrú lá de Mhí Bhealtaine, d'fhág an tIRA corpán Thomáis Uí Shúilleabháin mar bhaoite do na péas ar ghruaimhín bóthair in aice le [[Ráth Mór]]. Seanfhear ochtó bliain d'aois a bhí ann agus é maraithe ag na hÓglaigh mar bhrathadóir. Nuair a tháinig na saighdiúirí dubha ag fiosrú, fuair ochtar fear acu bás sa teagmháil, agus níor tháinig ach aon duine amháin de na péas slán. Ansin, chuir na Sasanaigh cúig theach agus uachtarlann amháin trí thine mar éiric. Ceithre lá ina dhiaidh sin, rinne na hÓglaigh iarracht beirt saighdiúirí dubha a mharú in Oileán Chiarraí. Bhí na constáblaí seo ag filleadh abhaile i ndiaidh an Aifrinn, agus d'éirigh leis an IRA fear acu a mharú. An fear eile, áfach, fágadh ina bheo é, ó chuaigh a bhean chéile idir é agus urchar a mharaithe. Ar an deichiú lá de Mhí Bhealtaine, chuaigh ceal i mbeirt chonstáblaí eile de chuid an RIC agus iad ag spaisteoireacht leo cois farraige i g[[Cluain Maine]] i g[[Contae Dhún na nGall|Co. Dhún na nGall]]. Tháinig corpán duine acu i dtír ar an lá arna mhárach.

I Mí Bhealtaine 1921, freisin, shealbhaigh na hÓglaigh [[Teach an Chustaim]] i mBaile Átha Cliath agus chuir siad an áit ar fad trí thine. Is é an cuspóir a bhí leis an ngníomh siombaileach seo ná a thaispeáint do na Gaill go gcaithfidís a ngreim a scaoileadh d'Éirinn sa deireadh. D'íoc na hÓglaigh an-deachú, áfach, nó maraíodh cúigear acu, agus chimigh na Sasanaigh breis is ceithre scór d'fhir de chuid an IRA. Is é an rud a thaispeáin siad, dháiríre, ná nach raibh na hÓglaigh ábalta na Sasanaigh a chur i sáinn gan dul i dtuilleamaí na treallchogaíochta. Bhí na gunnaí gann agus an lón cogaidh féin ag rith orthu, agus mar a dúirt [[Risteard Ó Maolchatha]], dá fheabhas a bhí na hÓglaigh ag cur cogadh eadarnaíoch, "ní raibh siad in ann na Gaill a chaitheamh amach as aon áit ba mhó ná gnáthbhearaic de chuid na bpéas". Nuair a tháinig an Sos Cogaidh, bhí formhór na gceannairí, Mícheál Ó Coileán ach go háirithe, suite siúráilte nach raibh mórán teacht aniar fágtha san IRA, agus an cineál eagraíocht a bhí air. Mar sin, b'é an rún a bhí acu ná an cogadh a fhairsingiú go Sasana féin. Ar dtús, bhí siad meáite ar duganna [[Learphall|Learphaill]] a bhuamáil agus targaidí tábhachtacha eacnamaíochta eile a ionsaí. Bhí réamhshampla ann cheana, nó bhí naoi dteach stóir déag i Learphall curtha trí thine ag an IRA i Mí na Samhna den bhliain roimhe sin. Na tascfhórsaí a chuirfí go Sasana le hobair den chineál seo a dhéanamh, ba dócha leis na ceannairí nach gceapfadh na Sasanaigh iad, ós rud é nach raibh dlí an chogaidh curtha i bhfeidhm ar Shasana, ná muintir na tíre sásta glacadh lena leithéid, ach oiread. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh gá leis an gcineál seo feachtas sceimhlitheoireachta ag an am, nó tháinig an Sos Cogaidh sula raibh d'uain ag an gCoileánach agus na ceannairí eile na pleananna seo a chur i gcrích.

== Cogadh na Bolscaireachta ==

Ócáid mhór bolscaireachta ab ea é Cogadh na Saoirse don dá thaobh. Le dílseacht a chothú i measc na bProtastúnach, chuir Rialtas Shasana in iúl go raibh na hÓglaigh ag iarraidh cearta na bProtastúnach a chur ar ceal. Má mharaigh an tIRA duine Protastúnach mar bhrathadóir, rinne bolscaireacht Shasana scúp an lae de, ach más Caitliceach a bhí i gceist, níor bacadh leis ar an dóigh chéanna. Is é an tátal a bhainfeá as an scéal gur [[cinedhíothú]] (nó [[cineghlanadh]], mar a deirtear inniu) a bhí idir lámhaibh ag an IRA. Is iomaí alt faoi staid na hÉireann a foilsíodh sna nuachtáin i Sasana a tháinig as biúró bolscaireachta na bpéas, mar sin.
Líne 92:
Bhí [[Deasún Mac Gearailt]] agus [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] ag foilsiú an ''Irish Bulletin'' nó Ráiteas na hÉireann, iris oifigiúil Phoblacht na hÉireann, a thugadh cumhdach nuachta do na himeachtaí nach raibh rialtas Shasana sásta a chur os comhair an tsaoil mhóir, go háirithe an loitiméireacht agus an t-éirleach a bhí fórsaí slándála na Breataine Móire a dhéanamh ar fud na hÉireann. Chuirtí an Ráiteas i gcló i bhfolach agus scaiptí ar fud na hÉireann é. D'fhaigheadh na preasghníomhaireachtaí a gcuid cóipeanna freisin, chomh maith le polaiteoirí Eorpacha agus Meiriceánacha, nó fiú Sasanacha, an chuid acu a bhí sásta cás na nÉireannach a thuiscint.

== An Sos Cogaidh ==

Tháinig sórt deiridh leis an gcogadh ar an chéad lá dhéag de Mhí Iúil, sa bhliain 1921. Ar bhealach, bhí an cogadh ina [[leamhsháinn]] faoin am seo. Na comhchainteanna ar baineadh triail astu sa bhliain roimhe sin, níor tháinig aon toradh orthu, ó bhí sé éilithe ag an bPríomh-Aire [[David Lloyd George]] ná go gcuirfeadh na hÓglaigh a gcuid arm uathu roimh aon rud eile. Nuair a fuair an Príomh-Aire é féin faoi bhrú ag an bhFreasúra Liobrálach faoi cheannas [[Herbert Asquith|Herbert Henry Asquith]], ag [[Páirtí an Lucht Oibre (Breatain)|Páirtí an Lucht Oibre]] agus ag Comhdháil na gCeardchumann, chrom sé ar ais ar na comhchainteanna, agus cuireadh an chéad chríoch leis an gcogaíocht.
Líne 102:
Chuaigh an óráid go mór mór i bhfeidhm ar na daoine ar an dá thaobh, agus thapaigh Lloyd George an deis. I Mí Iúil den bhliain 1921, phoibligh sé achainí d'[[Éamon de Valera]] comhchainteanna síochána a atosú. Ní raibh a fhios ag na hÉireannaigh nach raibh formhór na n-airí rialtais ag tacú leis an mbeart ach ar éigean. Thoiligh siad leis an tairiscint, agus shocraigh de Valera agus Lloyd George sos cogaidh a chur ar bun a chuideodh leo teacht ar chomhghéilleadh sa deireadh.

== Leabhair ==
* An tOllamh Tomás Ó Máille, ''An tIomaire Rua: Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara''
* Mac Aonghusa, Proinsias. ''Ros Muc agus Cogadh na Saoirse'' (Conradh na Gaeilge 1992)
Líne 118:
* Comerford, Richard. ''Ireland: Inventing the Nation'' (Hodder, 2003).

== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.warofindependence.net/ An cogadh sa Chlár agus i nGaillimh]
* [http://webpages.dcu.ie/~foxs/irhist Stair na hÉireann 1919 - 1923]
* [http://homepage.eircom.net/~corkcounty/index.html An cogadh i gcontae Chorcaí]
* [http://www.limerick-leader.ie/issues/20000101/s1920.html Eleven killed in an IRA gun ambush outside Dromkeen] 3 February 1921, on the [[Limerick Leader]] web site.

[[Catagóir:Cogadh na Saoirse in Éirinn| ]]

[[an:Guerra Anglo-Irlandesa]]