An difríocht idir athruithe ar: "Cumann na nGaedheal"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Páirtí polaitiúil ab ea é '''Cumann na nGaedheal''' ('''Cumann na nGael''' a bheadh ann de réir litriú an lae inniu) a bhí ag obair ón mbliain [[1923]] go dtí an bhliain [[1933]]. B'é ba bhunús leis an bpáirtí ná an chuid de [[Shinn Féin|Sinn Féin]] a bhí sásta glacadh leis an g[[Conradh Angla-Éireannach]], faoi [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Ó Coileáin]]. Bhí sé i gcumhacht sna blianta [[1923]] go [[1932]], ar dtús mar rialtas sealadach agus ansin mar rialtas tofa, go dtí gur chaill siad toghchán na bliana 1932 d'[[Fianna Fáil|Fhianna Fáil]]. Chomhcheangail siad leis an [[Lár-Pháirtí Náisiúnta]] agus le Lucht na [[Léinte Gorma]] chun [[Fine Gael]] a bhunú i Meán Fómhair 1933.
 
== Roimh an gConradh ==
 
Bhunaigh [[Art Ó Gríofa]] eagraíocht darbh ainm Cumann na nGaedhael sa bhliain [[1900]]. Sa bhliain [[1905]], chuaigh an cumann seo agus a lán eagraíochtaí náisiúnaíocha eile le chéile le Sinn Féin a bhunú.
 
== An Páirtí tar éis an Chonartha Angla-Éireannaigh ==
[[ImageÍomhá:WTCosgrave2.jpg|frame|right|[[Liam T. Mac Cosgair]], Ceannasaí]]
Tháinig an dara leagan de Chumann na nGaedhael ar an bhfód tar éis na scoilte a chuaigh ar Shinn Féin de thoradh an Chonartha Angla-Éireannaigh sa bhliain [[1921]]. Ghlac an tromlach leis an gConradh i n[[Dáil Éireann]], agus thréig an mionlach an Dáil faoi cheannas Eamon de Valera. Bhí rialtas sealadach i mbun chúrsaí na tíre sna blianta 1921 go 1923, agus ansin bhunaigh na teachtaí a thacaigh leis an gConradh Cumann na nGaedhael mar pháirtí. Páirtí ar an eite dheis ab ea é don chuid is mó. I measc na gceannairí a thacaigh leis an gConradh bhí Art Ó Gríofa agus Micheál Ó Coileáin, ach tar éis dheireadh an Chogaidh Chathartha, bhí an bheirt acu ar shlí an fhírinne. Fágadh [[Liam T. Mac Cosgair]] mar cheannasaí ar an bpáirtí, agus b'eisean a bhí ar an chéad Uachtarán ar Choiste Feidhmitheach [[Saorstát Éireann|Shaorstát Éireann]].
 
== Atógáil ==
 
Tar éis dóibh dul i gcumhacht, thosaigh an pháirtí ag tógáil bonneagair don Stát nua. Chuir siad an dlí i bhfeidhm arís le roinnt gníomhaithe sábháilte phobail. Cuireadh [[Óglaigh na hÉireann]] faoi chois, agus tháinig síocháin i bhfeidhm arís tar eís an Chogaidh Chathartha. D'oíbrigh [[Caoimhín Ó hUiginn]] go dian mar Aire Gnóthaí Inmheánacha chun na hÓglaigh nár ghlac leis an gConradh a chloí. Bhunaigh sé an [[Garda Síochána]] (in áit [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|Chonstáblacht Ríoga na hÉireann]]) chun an dlí a choinneáil i bhfeidhm agus an tsíocháin a choimeád. Fórsa póilíneachta gan airm a bhí ann, rud a chuidigh leo gnaoi na cosmhuintire a fháil. Agus é ina Aire Gnóthaí Eachtracha, d'éirigh leis an Uiginneach níos mó féinrialtais a bhaint amach d'Éirinn ó [[Sasana|Shasana]].
 
== Comhdhlúthú ==
 
Mar cheannasaí, thug an Cosgrach síocháin agus suaimhneas inmheánach don tír, agus d'éirigh leis aontas an Stáit a chosaint, cé go raibh an phobal scoilte go nimhneach tar eís an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogaidh Chathartha]].
 
Sa bhliain 1927, d'eagraigh an Rialtas scéim na [[Sionainn|Sionainne]]e, scéim hídrileictreachais a bhain leas as cumhacht na habhainn chun aibhléis a chruthú agus fostaíocht a sholáthar. Faoin am céanna, bhí scéimeanna forbartha ar an gcuma chéanna á gcur i gcrích san [[An Eoraip|Eoraip]] (mar shampla, draenáil na riasc Pointíneach san [[An Iodáil|Iodáil]]), ach cé gur thug sé fostaíocht don phobal in am an [[An Spealadh Mór|Spealta Mhóir]], chuir sé an iomarca brú ar an ngeilleagar tar éis chostaisí an Cogadh Cathartha. Bhí ar an Rialtas beartais a thabhairt isteach nach raibh dúil ag na daoine iontu. Tháinig ísliú scillinge ar an bpinsean stáit agus bhí ar an bpáirtí polasaithe coimeádacha eacnamaíochta a leanúint. Thit seasamh an pháirtí in aigne an phobal de thoradh na mbeartas seo.
 
== Meath an Pháirtí ==
 
D'éirigh go dona le Cumann na nGaedheal san olltoghchán a bhí ann i Mí an Mheithimh, 1927. Thit an méid suíochán a bhí acu ó 63 cinn (39% den iomlán) go 47 gcinn (27% den iomlán), ach bhí siad ábalta fanacht i gceann na tíre toisc gur dhiúltaigh Fianna Fáil a suíocháin a líonadh de dheasca na mionn dílseachta a chaithfeadh na Teachtaí Dála a mhóidiú do Rí Shasana. Nuair a feallmharaíodh Caoimhín Ó hUiginn, dhearc an páirtí air mar fheillbheart mór. B'iad na [[Poblachtánachas in Éirinn|Poblachtánaigh]] a mharaigh an tUiginneach agus é ar a shlí abhaile ón [[Aifreann]] go luath tar éis an toghcháin. Mar fhreagra ar an ngníomh sin, reachtaíodh an tAcht um Shlándáil Phoiblí a chuir tús le pionós an bháis sa Saorstát. Thairis sin, chuir siad Acht eile i bhfeidhm a bhain na cearta ionadaíochta d'aon [[Teachta Dála]] nach dtabharfadh an [[Mionn Dílseachta]]. Mar sin, ní raibh de rogha ag na Poblachtánaigh ach a suíocháin a ghlacadh sa Dáil. Bhí freasúra ceart ag an Rialtas don chéad uair riamh.
 
Ón am sin ar aghaidh, bhí meath ag teacht ar an bpáirtí, agus cuid mhór den tacaíocht ag dul go [[Fianna Fáil]], an páirtí nua a bhunaigh Eamon de Valera tar éis scoilt eile a theacht ar Shinn Féin. I súile an pobal, bhí Cumann na nGaedheal róthógtha leis an gConradh agus róghafa le cúram na slándála pobail. Bhí sé mar pholasaí airgeadais acu freisin treisiú leis an tsaorthrádáil. Ag an am céanna, bhí Fianna Fáil ag moladh polasaí caomhnaitheach eacnamaíochta. Buile mór ab ea é an Spealadh Mór do rialtas Chumann na nGaedhael freisin, agus bhuaigh Fianna Fáil orthu i dtoghchán na bliana 1932. Ní bhfuair siad ach 57 suíochán, i gcoinne an 72 cheann a bhí ag Fianna Fáil.
 
== Cónascadh ==
 
Chaill an páirtí níos mó suíocháin san olltoghchán in Eanair na bliana 1933, agus chuaigh sé i ndáil chomhairle leis an Lárpháirtí agus leis na Léinte Gorma faoi chónascadh an trí pháirtí seo. Timpeall ar Mheán Fómhair sa bhliain 1933, tháinig páirtí nua as an gcónascadh seo. [[Fine Gael]] an t-ainm a bhí air, ach i ndáiríre ní raibh ann ach leagan fairsingithe de Chumann na nGaedheal.