B'é '''Cíoras Mór''' (Sean-Pheirsis: ''Kūruš, Peirsis: بزرگ کوروش, Kūrosh-e-Bozorg''; c. 600 RC nó 576 RC - 5 Nollaig 530 BC), ar a dtugtar freisin '''Cíoras II''' nó '''Cíoras na Persia''', an chéad impire Peirseach [[An Sorastrachas|Sóróstarach]]. Bhunaigh sé [[Impireacht na Peirse]] faoin ríshliocht Achaemenach.
Faoin a riail féin, chuimsigh an impireacht gach stát sibhialta a bhí ann roimhe sa Neasoirthear Ársa, agus leathnaigh sé an impireacht amach go suntasach agus, ar deireadh thiar, chloígh sé an chuid is mó den [[an Áise Thiar Theas|Áise Thiar Theas]], maille le cuid mhaith de Lár na hÁise, ón [[An Éigipt|Éigipt]] agus [[an Heilléaspontas]] san iarthar go dtí an [[an Iondúis|Abhainn hIondúise]] san oirthear. Sa deireadh, bhí an impireacht ba mhó riamh go dtí sin ar an domhan cruthaithe aige.