An difríocht idir athruithe ar: "Micheál Ó Domhnaill"

Content deleted Content added
m Athainmníodh Micheal Ó Domhnaill mar Micheál Ó Domhnaill
m wikify
Líne 1:
'''Micheál Ó Domhnaill''' (1952-2006) Ceoltóir. Rugadh é i gContae na Mí ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhí a athair, Aodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste i dTírd[[Tír Chonaill]], agus d'fhoghlaim sé go leor de thraidisiún ceoil a shinsir agus é ina ghasúr.
 
Bhí dúil mhór sa spórt aige i gcónaí agus d'imir sé [[Peil Ghaelach|peil]] do [[Contae na Mí|Chontae na Mí]] mar mhionúr, ach díbríodh é as a bheith ag imirt [[rugbaí]] chomh maith nuair a bhí toirmeasc ar a leithéid. Bronnadh giotár air nuair a bhí sé tinn san ospidéal agus é dhá bhliain déag d'aois agus bhain sé ardscil amach san uirlis sin. Thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa ''Skara Brae'' (Mícheál Ó Domhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule agus Maighréad Ní Dhomhnaill) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois agus bhí baint aige féin agus ag a dheirfiúracha Tríona agus Maighréad le grúpaí cáiliúla eile ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Bhí sé ina bhall bunaidh de ''[[The Bothy Band]]'' i 1974 agus ardcháil air ar son a chuid amhránaíochta agus a chuid ceoil ar an ngiotár. Chuaigh sé leis an ngrúpa ''Relativity'' ar feadh tamaill sna hochtóidí. Rinne sé an-chuid taighde ar amhráin dhúchais a mhuintire, go háirithe lena aintín Neilí Ní Dhomhnaill, agus ar amhráin na [[Albain|hAlban]] agus [[Sasana|Shasana]].
 
Fuair sé bás ar an [[7 Iúil]] [[2006]].
 
[[Catagóir:Ceoltóirí Éireannacha]]
 
[[en:Mícheál Ó Domhnaill]]