An difríocht idir athruithe ar: "Uragua"

3,677 bytes added ,  14 bliain ó shin
no edit summary
 
Ar an bhfeirmeoireacht is mó a mhaireadh Uragua go dtí le déanaí, ach tá an tír ag dul chun tionsclaíochta ar na saolta seo, agus an ríomhaireacht ag dul chun cinn. Is í Uragua an tír is mó a easpórtálann bogearraí ríomhaireachta i Meiriceá Theas.
 
==Stair Uragua==
 
Bhí Uragua, nó [[Banda Oriental]], mar a thugtaí uirthi roimh an neamhspleáchas, ina cnámh spairne idir [[an Bhrasaíl]] agus [[an Airgintín]] ar feadh i bhfad. D'fheicfeá a rá gur comhréiteach ab ea é stát ar leith a ghairm den chúige seo. Ar dtús, bhí an chuma ar an scéal nach raibh ann ach ceann de chúigí na hAirgintíne, nó nuair a tháinig gluaiseacht fhrith-[[An Spáinn|Spáinneach]] ar bun i mBanda Oriental, bhí a ceannaire, iar-bhuachaill bó agus iar-oifigeach in arm na Spáinne, darbh ainm [[José Cervasio Artigas]], - bhí sé ag cur troda ar na Spáinnigh le tacaíocht na nAirgintíneach.
 
Tháinig scoilt idir Artigas agus na hAirgintínigh, áfach, nuair a bhí siad siúd ag ullmhú tionól bunreachtúil don stát nua s'acu. Chuir Artigas in iúl do mhuintir [[Buenos Aires|Bhuenos Aires]] go raibh rialtas dúchais le cumhachtaí fairsinge de dhíth air do Bhanda Oriental. Ní raibh muintir Bhuenos Aires sásta a leithéid a ghéilleadh dó. A mhalairt ar fad, chuir siad díormaí armtha go [[Montevideo]] le scaradh Bhanda Oriental ón Airgintín a chosc. San am céanna, bhí na [[An Phortaingéil|Portaingéiligh]] ag iarraidh an cúige a fhorghabháil, rud a d'éirigh leo sa bhliain 1820. B'éigean d'Artigas dul ar deoraíocht óna bhólaí dúchais, agus chaith sé a raibh fágtha dá shaol ar imirce san Airgintín agus i bParagua.
 
Sa bhliain 1822, d'fhógair an Bhrasaíl neamhspleáchas ar an bPortaingéil agus, rud follasach, ghlac na Brasaíligh leis gur cúige dá gcuid féin ab ea í Banda Oriental anois. Trí bliana ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh drong de lucht leanúna Artigas amach in aghaidh na Brasaíle le tacaíocht ón Airgintín. Is é an chiall a bhain na Brasaíligh as seo go raibh an Airgintín á n-ionsaí, agus chuaigh siad chun cogaidh lena dtír féin a chosaint ar an ionradh. Mhair an Airgintín agus an Bhrasaíl ag cur cogaidh ar a chéile go ceann trí bliana, ach ansin, rinne Sasana eadráin eatarthu, agus sa deireadh thiar thall, bhí siad sásta neamhspleáchas a fhágáil ag Banda Oriental. Mar sin a tháinig Poblacht Oirthearach Uragua ar an bhfód, nó an Phoblacht Taobh Thoir d'Abhainn Uragua, mar a d'fhéadfá an t-ainm a thuiscint freisin. Nó is amhlaidh gur ainm abhann é ''Uruguay'' ar dtús, agus go bhfuil stát Uragua suite ar bhruach thoir na habhann áirithe seo.
 
Saoirse gan só a bhí ann, i dtús báire. Bhí Uragua á stróiceadh agus á streachailt as a chéile ag an dá phríomhpháirtí polaitíochta, nó ní raibh siad sásta treabhadh le chéile ar aon nós. B'iad na Liobrálaigh agus na Coimeádaigh na páirtithe sin, agus bhí trioblóidí den chineál chéanna ag crá go leor tíortha eile san ilchríoch san am sin. In Uragua, thosaigh an faltanas polaitíochta seo mar chath pearsanta idir [[Fructuoso Rivera]], an Liobrálach, agus [[Juan Lavalleja]], an Coimeádach. Go minic, bhí na comharsana, an Airgintín agus an Bhrasaíl, ag cur a ladair i gcúrsaí inmheánacha Uragua. Sa bhliain [[1832]], d'éirigh Lavalleja amach in aghaidh Rivera. Sa bhliain [[1836]], arís, d'éirigh Rivera amach in aghaidh [[Manuel Oribe]], an tUachtarán nua a bhí róchairdiúil le Lavalleja, dar leis. Bhain Rivera amach an Uachtaránacht sa bhliain [[1839]], i ndiaidh cathanna fada i gcoinne na dtrúpaí Airgintíneacha a bhí ag cabhrú le hOribe. Ansin, chuaigh Rivera i gcomhghuaillíocht leis na reibiliúnaigh a bhí ag cur cogaidh ar [[Juan Manuel de Rosas]], deachtóir na hAirgintíne. B'é seo ba chúis leis an gCogadh Mór, nó [[Cogadh na hAirgintíne agus Uragua|Guerra Grande]], idir an Airgintín agus Uragua.
 
==Cultúr Uragua==