An difríocht idir athruithe ar: "Michel Tremblay"

197 bytes added ,  15 bliain ó shin
m
Wikify
m
m (Wikify)
Drámadóir agus úrscéalaí a rugadh i [[Montréal]], Québec, [[Ceanada]] i [[1942]] is ea '''Michel Tremblay'''. Baineann a chuid saothair go dlúth le dúchas Québec agus baineann sé úsáid as béarlagar áitiúil, 'joual', teanga na sráide i Montréal. Ghnóthaigh sé aitheantas agus duaiseanna lena chéad dráma, ''Les Belles-Soeurs'', faoi mhná den aicme oibre. Thug an t-údar dúshlán na hEaglaise agus na bunaíochta sa dráma agus thug a shaothar spreagadh do ghluaiseacht an neamhspleáchais i Québec. Aistríodh drámaí go mórán teangacha agus léiríodh ar fud an domhain iad.
 
Thosaigh Tremblay ag obair mar chlódóir nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus chaith sé tamall de bhlianta leis an obair sin agus na drámaí  luatha á scríobh aige. Foilsíodh a chéad úrscéal Contes pour buveurs i [[1966]]. Is iomaí  gradam agus duais atá  buaite aige ó shin.
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí|Tremblay, Michel]]
 
[[de:Michel Tremblay]]
[[el:Μισέλ Τραμπλαί]]
[[eo:Michel Tremblay]]
[[fr:Michel Tremblay]]
[[sv:Michel Tremblay]]