An difríocht idir athruithe ar: "An tSualainnis"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ce:Şvedhoyn mott
No edit summary
Líne 16:
[[Íomhá:Svenska spåkets utbredning.PNG|thumb|right|250px|Na críocha ina labhraítear Sualainnis. Tabhair faoi deara gur leis an gcósta is mó a shamhlaítear an teanga san Fhionlainn.]]
 
Ceann de na [[teangacha Lochlannacha]], nó na [[teangacha Gearmáinice]] Thuaidh, is ea í an t'''Sualainnis''' (''svenska'', ''svenska språket'', mar a deir lucht labhartha na teanga féin). Labhraíonn timpeall naoi milliún duine an teanga sa [[An tSualainn|tSualainn]] agus ar fud chóstaí na [[An Fhionlainn|Fionlainne]]. An duine a bhfuil an tSualainnis go paiteanta aige, is féidir leis adhmad maith a dhéanamh den chaint [[Ioruais]]e, ach cuireann fuaimniú aisteach na [[Danmhairgis]]e go mór isteach air an teanga labhartha a thuiscint, cé go bhfuil an Danmhairgis scríofa soiléirsothuigthe go leor aige. Tugtar ''rikssvenska'', nó "Sualainnis na Ríochta", ar an teanga chaighdeánaithe a úsáidtear sna meáin chumarsáide, agus í bunaithe ar na canúintí a labhraítear timpeall [[Stócólm]] agus sa ghleann timpeall an locha [[Mälaren]]. Mar sin féin, níl sé as an ngnáth canúintí tuaithe a chloisteáil ar an raidió ó am go ham.
 
Cé go n-imríonn na canúintí áitiúla a dtionchar féin ar an tSualainnis labhartha in áiteanna éagsúla sa tír, ní bhíonn na difríochtaí mór, a fhad agus atá an teanga scríofa nó an chaint ghalánta i gceist. In áiteanna iargúlta, áfach, is féidir teacht ar chanúintí atá sách doiligh le tuiscint ag an muintir isteach, agus iad difriúil leis an teanga chaighdeánach ó thaobh an fhoclóra, na gramadaí agus na bhfuaimeanna de. I rith na fichiú haoise, áfach, chúngaigh an t-uirbeachas agus bánú na tuaithe go mór mór ar na canúintí seo, agus an teanga ag éirí níos aonchineálaí in aghaidh an lae de réir mar atá na cathracha ag sú chucu daoine ón tuaith.
Líne 22:
== Aicmiú agus gaolta na Sualainnise ==
 
Ceann de na [[teangacha Ind-Eorpacha]] is ea í an tSualainnis, agus baint aici leis an gcraobh thuaisceartach de na [[teangacha Gearmáinice]]. Is é sin, ceann de na [[teangacha Lochlannacha]] atá ann. Is iad na teangacha eile sa ghrúpa seo ná an [[Ioruais]], an [[Danmhairgis]], an [[Íoslainnis]], agus an [[Faróis|Fharóis]]. Is féidir, áfach, foghrúpa Iartharach agus foghrúpa Oirthearach a aithint thar a chéile sa ghrúpa seo féin. Is iad an Danmhairgis agus an tSualainnis a bhaineann leis an bhfoghrúpa Oirthearach, ansin. Níl an cineál seo aicmiú ach stairiúil, áfach. De réir na hintuigtheachta, tá sé níos fearr an teorainn a tharraingt idir na teangacha Lochlannacha oileánda (an Fharóis agus an Íoslainnis) ó thaobh amháin, agus teanga Lochlannacha na Mór-Roinne (an Danmhairgis, an Ioruais agus an tSualainnis) ón taobh eile.
 
De réir na hintuigtheachta, bheadh sé chomh maith againn a rá gur canúintí aon teanga iad an trí theanga Lochlannacha a labhraítear i Mór-Roinn na h[[An Eoraip|Eorpa]]. Bhí sraith fhada cogaí idir na tíortha éagsúla seo, go háirithe sa séú agus sa seachtú haois déag idir an tSualainn agus an Danmhairg. Chothaigh na himeachtaí seo comhnaimhdeas agus náisiúnachas a spreag na tíortha chun béim ar leith a chur ar na difríochtaí idir na teangacha féin, díreach nuair a bhí siad á gcaighdeánú. Inniu féin, áfach, níl sé as cosán a rá gur canúintí aon teanga iad an Ioruais, an Danmhairgis agus an tSualainnis - d'fhéadfaí "Lochlainnis" a thabhairt ar an teanga sin. Níl sé deacair ach an oiread teacht trasna ar áiteanna in aice leis an teorainn ina labhraítear canúint atá idir eatarthu.