An difríocht idir athruithe ar: "An tSualainnis"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 93:
 
Bhí na foirmeacha iolra imithe as an ngnáthchaint agus as na canúintí le fada, áfach, agus iad i léig sa Danmhairgis agus san Ioruais freisin. ''Vi gick, ni gick, de gick; vi går, ni går, de går'' a deirtí, agus de réir a chéile, thosaigh an córas simplí nádúrtha seo ag éirí coitianta sa litríocht freisin. Is léir gur chuir an litríocht nua-aimseartha, agus an bhéim a chuir sí ar aithris nádúrtha na cainte, luas leis an bhforbairt seo. De réir a chéile, d'éirigh na foirmeacha iolra tearc sna stíleanna éagsúla, go dtí gur glacadh leis an gcóras simplithe sna doiciméid oifigiúla féin sna caogaidí. Inniu, ní úsáidtear foirmeacha cosúil le ''vi gingo'' ar aon nós, agus is dócha nach mbeadh mórán daoine in ann an úsáid cheart a bhaint astu ach an oiread, cé gur dócha go bhfaca siad sa tseanlitríocht iad.
 
Is léir go bhfuil a lán focal Béarla in úsáid i Sualainnis an lae inniu. Go tipiciúil, áfach, cuirtear in oiriúint do litriú agus d'fhuaimeanna na teanga iad, cf. ''jobb'' (< ''job'' an Bhéarla; cosúil le ''y'' an Bhéarla a fhuaimnítear an ''j'' sa tSualainnis), ''tajt'' (< ''tight'' an Bhéarla), ''fajtas'' (< ''to fight'' an Bhéarla), agus araile.