An difríocht idir athruithe ar: "Emiliano Zapata"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 11:
Bhí '''Emiliano Zapata Salazar''', a rugadh ar an [[8 Lúnasa]] [[1879]] in Anenecuilco (stát Morelos) agus a maraíodh ar an [[10 Aibreán]] [[1919]] i Chinameca sa stát chéanna, ar na ceannairí ba tábhachtaí i [[Réabhlóid Mheicsiceo]] in aghaidh an deachtóra [[Porfirio Díaz]] sa bhliain [[1910]].
 
== Saol ==
Rugadh faoin tuath é, ach ní raibh sé chomh bocht leis an gcuid is dearóile de mhuintir na tuaithe, agus bhí ról ceannasach aige ina phobal féin sula ndeachaigh sé leis an réabhlóid. Cé go raibh sé féin réasúnta sócúlach, luigh a chroí le cosmhuintir Anenecuilco, agus theastaigh uaidh buille a bhualadh ar a son siúd. Eisean a d'earcaigh Arm Fuascailte an Deiscirt, fórsa tábhachtach réabhlóideach, agus bhí sé féin ina ghinearál ar an bhfórsa seo, freisin. Dá réir sin, thugtaí ''El Caudillo del Sur'', "Taoiseach an Deiscirt", air.
 
Líne 20:
D'éirigh le Carranza, áfach, sluaite Villa a chur ag cúlú, agus sa bhliain 1916, bhris a chuid trúpaí an cath ar Zapata ina lán áiteanna. Nuair a maraíodh Zapata i luíochán ar an 10 Aibreán 1919, ní raibh ann ach taoiseach treallchogaíochta a raibh na trúpaí ag rith gann air.
 
== Oidhreacht ==
Mar sin féin, i ndiaidh a bháis, d'iompaigh sé ina naomh i súile na mbochtán, agus scríobh duine acu na focail seo ar chros a uaighe: ''Níl ach marbhán éigin ina luí anseo. Ní anseo atá Zapata.'' Mhair Arm Fuascailte an Deiscirt ag troid tréimhse mhaith i ndiaidh bhás Zapata, agus sa bhliain 1994, tháinig gluaiseacht fhuascailte nua ar an bhfód i measc na mbocht i ndeisceart na tíre a luann Zapata mar réalta eolais: na ''Zapatistas'', nó ''Ejército Zapatista de Liberación Nacional'' ("Arm ''Zapatista'' na Fuascailte Náisiúnta").
 
Líne 26:
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Stair Mheicsiceo|Zapata, Emiliano]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1879|Zapata, Emiliano]]