An difríocht idir athruithe ar: "Enya"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag baint: hi:ऍन्य
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 21:
Ba as [[Gaoth Dobhair]] agus [[Contae Shligigh]] dá muintir. Bhí clú agus cáil ar bhaill eile den teaghlach agus iad sa ghrúpa [[Clannad]]. Chaith Enya seal gearr ina ball den ghrúpa, agus bhí an-chion ag an lucht éisteachta uirthi i gcoirmeacha ceoil, agus chuaigh sí leo ar chúpla camchuairt san Eoraip. D'éirigh sí Clannad chun gairm a dhéanamh di féin san amhránaíocht chlasaiceach.
 
Tógadh i n[[Gaeltacht Dhún na nGall]] í agus tá [[Gaeilge|Gaeilge]] aici ón gcliabhán. D'aistrigh sí go [[Baile Átha Cliath]] de bharr easpa áiseanna ina ceantar dúchais. Tá sí ina cónaí faoi láthair i gcaisleán i g[[Cill Iníon Léinín]] ar an dtaobh ó dheas den chathair. Tá ceithre dhuais [[Grammy]] bainte ag Enya, níos mó ná ceoltóir aonar ar bith eile as Éirinn.
 
Bíonn sí ag obair le Nicky Ryan agus an scríbhneoir amhrán Roma Ryan. Bhí Nicky ina bhainisteoir ar [[Clannad|Chlannad]] sular chaill sé a phost i ndiaidh troid a thoiseacht, mar adúirt sé féin ar Good Morning America, seans mhór faoi thaisme.