An difríocht idir athruithe ar: "Euro"

Content deleted Content added
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: ksh:Euro
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 5:
Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtáí san [[an Eoraip|Eoraip]] ón [[an Impireacht Rómhánach|Impireacht Rómhánach]] i leith. Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an [[An Comhphobal Eorpach|Cómhargadh Eorpach]] a aontú trí [[Saorthrádáil|shaorthrádáil]] idir na ballstáit a éascú, shíl lucht a bheartaithe go mbeadh dlúthbhaint aige le comhaontú polaitiúil na hEorpa.
 
== Lasmuigh den AE ==
 
[[Franc (airgeadra)|Franc]] na [[An Fhrainc|Fraince]] a bhí in úsáid i [[Monacó]] roimh theacht an euro, agus an lira a bhí á úsáid i [[San Mairíne]] agus i g[[Cathair na Vatacáine]]. As an euro a bhaintear feidhm sna tíortha úd anois, agus cead acu boinn euro dá gcuid féin a bhualadh, cé nach ballstáit den Aontas Eorpach iad.
Líne 11:
Úsáidtear an euro chun fiacha a íoc i dtíortha Eorpacha lasmuigh den AE, leithéidí [[Montainéagró|Mhontainéagró]], [[an Chosaiv|na Cosaive]] agus [[Andóra]].
 
== Riar an euro ==
 
Is iad na forais a riarann an euro an [[Córas Eorpach Banc Ceannais]] (CEBC) a riarann an euro, agus príomhoifig aige in [[Frankfurt|Frankfurt am Main]] sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]], agus bainc cheannais na mballstát mar chuid den Eorachóras. An CEBC amháin a shocraíonn an beartas airgeadais. Tá an tEorachóras freagrach as bualadh, clóbhualadh agus dáileadh an euro agus riar na gcóras íoctha san eorailimistéar.
Líne 17:
Chuir Conradh Maastricht na bliana 2002 iachall ar fhormhór na mballstát an euro a úsáid dá gcomhlíonfaí roinnt coinníollacha airgeadais agus buiséid, cé nach ndearna na ballstáit uile amhlaidh.
 
== Dearadh ==
Tá céad ceint san euro. Tá dhá thaobh ar na boinn: taobh coiteann a thaispeánann léarscáil agus luach an bhoinn forshuite uirthi, agus taobh náisiúnta a thaispeánann íomhá a bhaineann le tír ar leith. Is féidir bonn euro de chuid ballstáit ar bith a úsáid in aon bhallstát eile.
 
Tá íomhá choiteann ar gach taobh de na nótaí: tá a dhath féin ar gach nóta, agus tréimhse áirithe d'ailtireacht na hEorpa á léiriú ann. Bíonn fuinneoga nó geataí ar aghaidh an nótaí agus droichid ar a chúl.
 
== Rátaí ==
Shocraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh na bunrátaí malairte de réir molaidh a thug an Coimisiún Eorpach i bhfianaise rátaí margaidh ar 31 Nollaig 1998. Socraíodh gurbh ionann aon Ionad Eorpach Airgeadra (ECU) amháin agus euro amháin. Níorbh airgeadra é an [[ECU]] féin ach ionad cuntasóireachta de chuid an AE agus é bunaithe ar airgeadraí na mballstát. Níorbh fhéidir an socrú a dhéanamh níos luaithe toisc go raibh an IEA taobh le ráta malairte deiridh na n-airgeadraí neamh-euro (go háirithe an punt steirling) an lá sin.
Malartaíodh nótaí agus boinn na sean-airgeadraí ar an euro ar feadh timpeall dhá mhí go dtí 28 Feabhra 2002. An dáta a stad na hairgeadraí úd de bheith ina n-airgead dlíthairgthe bhí sé de réir na mballstát féin.
Ó tugadh an euro isteach tá sé ar an airgeadra cúlchiste is coitianta ar domhan cé is moite den dollar Meiriceánach.
 
== Buntáistí ==
Síleadh riamh gurb é an buntáiste is mó a bhainfeadh le hairgeadra aontaithe fáil réidh le costas malartaithe, rud a ligfeadh do lucht gnó trachtáil a dhéanamh a bhí neamhthairbheach roimhe sin.