An difríocht idir athruithe ar: "Feidhmchláir aistriúcháin"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag mionathrú: es:Traducción asistida por computadora
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Is é is brí le '''feidhmchláir aistriúcháin''' ná [[feidhmchlár ríomhaireachta]] a úsáidtear mar chabhair chun [[aistriúchán]] a dhéanamh idir teangacha éagsúla. Cruthaíonn an t-aistritheoir daonna [[foinsetheanga]] agus [[sprioctheanga]], agus de réir mar a bhíonn aistriúchán á dhéanamh coinnítear taifead i gcuimhne an ríomhaire de na téarmaí a úsáidtear san aistriúchán, ionas gur féidir leis an aistritheoir an t-ábhar céanna a úsáid arís agus aistriúchán nua idir lámha.
Briseann an feidhmchlár an téacs ina bhlúirí, abairtí nó altanna a éascaíonn obair an aistritheora agus cuartaíonn sé a chuimhne le teacht ar ábhar atá mar an gcéanna leis nó cosúil leis. Más féidir meaitseáil iomlán a dhéanamh déanfaidh an ríomhaire an t-aistriúchán nó cuirfidh sé moladh ar fáil de réir an chéatadáin meaitseála atá socraithe ag an úsáideoir.
Dá mhéad oibre a dhéantar leis an bhfeidhmchlár is ea is cruinne a bhíonn sé, agus is féidir leis an aistritheoir a tháirgiúlacht a mhéadú dá réir.