An difríocht idir athruithe ar: "Fiannaíocht"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: de:Finn-Zyklus
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Íomhá:Finn Mccool Comes to Aid the Fianna.png|deas|200px|thumb|[[Fionn mac Cumhaill]] agus na [[Fianna]]]]
Is éard atá san '''Fhiannaíocht''' ná an chraobh den scéalaíocht dhúchasach a phléann le [[Fionn mac Cumhaill]] agus na [[Fianna]]. An chraobh is bisiúla díobh uile. Téann na scéalta seo i bhfad siar i [[seanchas]] agus i litríocht na nGael agus tá siad ar eolas ó [[Éire|Éirinn]] agus ó [[Alba|Albain]]in. Tá roinnt iarsmaí ar eolas ó [[Oileán Mhanann]] chomh maith. Bhíodh an-chion go deo ag Ghaeil ar na scéalta fiannaíochta ar feadh breis agus míle bliain agus d’fhág siad a rian ar an teanga le nathanna ar nós ‘cothrom na Féinne.’ Is cosúil gur tháinig fás ar an seánra i dtréimhse na [[Meán-Ghaeilge]] (900-1200AD). I dteannta na scéalta bhíodh dánta Fiannaíochta thar a bheith coitianta. Bhídís scríofa i [[meadaracht]] ar leith agus thugtaí [[Laoithe]] orthu. Dhéantaí iad a chantaireacht síos go dtí ár linn féin.
 
== Scéalta Fiannaíochta ==
Líne 16:
* [[Tóraíocht Shaidhbhe Iníne Eoghain Óig]]
 
== Téacsanna Tábhachtacha Fiannaíochta ==
I measc na téacsanna nó díolaim thábhachtacha den sheanchas Fiannaíochta a mhaireann seasann [[Agallamh na Seanórach]] amach mar shárshaothair. Téacs ó dheireadh ré na Meán-Ghaeilge (c. 1100) atá ann. Tá breis agus dhá chéad aistí ann idir scéalta agus laoithe a chuirtear i láthair i bhfoirm agallaimh idir [[Naomh Pádraig|Pádraig Naofa]] agus [[Oisín Mac Fhinn|Oisín mac Fhinn]].
 
Líne 24:
* [[Fionn mac Cumhaill]] mhic Thréanmhóir, Taoiseach na Féinne, ba de [[Clanna Baoiscne|Chlanna Baoiscne]] é agus bhíodh imreas ann i gcónaí idir iad agus [[Clanna Morna]]. Bhíodh cáil ar a mhadraí [[Bran]] agus [[Sceolán]] chomh maith.
* [[Oisín Mac Fhinn|Oisín]] mac Fhinn, Ceannaire de chuid na Féinne a bhí ann a d’imigh go [[Tír na nÓg]] i dteannta [[Niamh Chinn Óir]].
* [[Diarmuid Ó Duibhne]], Leannán ban [[Éire|Éireann]]ann a d’éalaigh le [[Gráinne]] iníon [[Cormac Mac Airt|Chormaic Mhic Airt]].
* [[Caoilte]] mac Cronchair mhic Rónáin, Ceannaire eile de chuid na Féinne.
* [[Goll Mac Morna]], Taoiseach Chlanna Morna agus bhíodh imreas ann i gcónaí idir iad agus Clanna Baoiscne.
 
Seo sampla de Laoi Fiannaíochta a bhí i mbéal gach Gael tráth :
Líne 61:
:Guth gadhar ar Leirg an bhFiann,
:Bheith ‘na shuidhe i measc na ndámh
:Ba h-é sin de ghnáth a mhian!
 
''Faoidh : fuaim''
''Os : fia''
 
== Leabhair ==
 
* [http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=1709&osCsid=9ba71464c474fa26efdf3cf6461e9f1b ''Seanchas na Féinne'', Niall Ó Dónaill, ISBN 1 857911 76 8]