An difríocht idir athruithe ar: "Fiodh Ard"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: en:Fethard, South Tipperary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Baile mór i gContae Thiobraid Árainn is ea '''Fiodh Ard''' (an ''choill ard'') ([[Béarla]]: ''Fethard''), agus é suite ar an nGlais Álainn. Tagann fuaimniú an ainm i mBéarla ó /fið ard/ na seanGhaeilge. Tá os cionn 1,300 duine ina gcónaí ann.
 
[[ImageÍomhá:FethardCentre3473.jpg|thumb|Lár Fhiodh Ard]]
B’ábhar suntais Fiodh Ard riamh mar cheann de na bailte daingnithe margaidh a bunaíodh le linn Éadbhard I. Tá na ballaí cúig throigh is fiche ar airde agus tá an chuid is mó díobh ar marthain fós, murab ionann is bailte móra eile dá leithéid in Éirinn.
 
Tá clú na gcapall ar an gceantar: ní beag an t-iomrá atá ar Ghraí na Cúile Móire, agus tá a lán stáblaí rásaíochta ann.
Líne 9:
 
Timpeall na bliana 1200 is dócha gur roghnaigh tiarna Normannach – Uilliam III de Braose, an 11ú tiarna d’Abergavenny sa Bhreatain Bheag – cnoc Fhiodh Ard mar áit a mbunófaí baile mór. Bhí teampall agus reilig ann, agus bhí tábhacht ar leith leis an log margaidh, ó bhí rath an bhaile mhóir ag brath chomh mór sin ar an gcuradóireacht a bhí ar siúl ina thimpeall. (Ar éigean a tháinig malairt dealraimh inniu féin ar pháirceanna an cheantair: tá rian na meánaoiseanna orthu fós.) Tugadh cairt buirgéise d’Fhiodh Ard, rud a bhronn pribhléidí áirithe ar na buirgéisigh – cíosanna socraithe, a gcúirt féin agus fíneálacha socraithe ach amháin sna cásanna ba thromchúiseacha. Meastar gur tháinig cuid mhaith den phobal anoir ó Shasana nó ón mBreatain Bheag.
[[FileÍomhá:King John from De Rege Johanne.jpg|thumb|Eoin Rí ó ''De Rege Johanne''.]]
 
Chaill Uilleam de Braose Fiodh Ard sa bhliain 1208 toisc é a bheith in aighneas leis an Rí Eoin, agus sa bhliain 1215 bronnadh an baile mór ar ardeaspag Chaiseal. Ba leis an ardeaspagóideacht é anuas go dtí an 16ú haois. Bhí teacht isteacht ag dul don Eaglais ó na tailte, agus bhronn Uilleam ar Ospidéal Naomh Eoin Baiste i mBaile Átha Cliath é. (Níor bhuan an socrú é, mar thug Ab an Ospidéil an teacht isteach úd ar ais do na hardeaspaig go luath sa 14ú haois.)
 
Bhí rath ar Fhiodh Ard sa 13ú haois; bhí síoda, iasc mara, salann, gual, tairní, adhmad agus pucáin fhíona á ndíol ann. Ní raibh an ceantar amuigh saor ó chontúirt; bhí ropairí ann, agus i lár na haoise ba ghá coillte a leagan in aice leis an mbaile mór toisc gur creachadh agus gur maraíodh roinnt ceannaithe. I dtús an 14ú bhunaigh na hAgaistínigh mainistir lasmuigh den bhaile mór.
I dtreo dheireadh an 13ú haois bhí Éire ag éirí suaite, agus ba léir go raibh gá le múradh. Sa bhliain 1292 cheadaigh an Rí do na buirgéisigh balla a thógáil le hairgead a gearradh ar feadh seacht mbliana ar earraí a díoladh sa bhaile mór. Sa bhliain 1375 ceadaíodh deontas eile, agus luadh ballaí cloiche, rud a thabharfadh le tuiscint gur bhallaí adhmaid agus cré a bhí ann roimhe sin. Sa 15ú haois ceadaíodh dhá dheontas mhúrtha eile ar a laghad, agus múradh talamh breise lastuaidh agus laistiar den seanbhaile mór: bhí Fiodh Ard ag méadú.
[[ImageÍomhá:Echafaud.donjon.Coucy.2.png|thumb|left|Daingniú ar siúl sna meánaoiseanna le scafaill agus le saoir.]]
[[ImageÍomhá:Sheelanagigfethardwall.jpg|thumb|right|Síle na Gig i mballa Fhiodh Ard]]
 
Comhartha eile ar an méadú sin ba ea na tithe a bhí á dtógáil taobh amuigh de na ballaí, agus bhí tábhacht le Fiodh Ard mar ionad riaracháin: sa chuid dheiridh den 15ú haois bhíodh Iarlaí Dheasmhumhan i láthair ag cúirteanna Fhiodh Ard agus ag foilsiú reachtanna ann. Sa bhliain 1552 fuair sé cairt ríoga ó Éadbhard VI a cheadaigh do na húdaráis déileáil le cúrsaí dlí gan chur isteach ón taobh amuigh, pribhléid ar dhíol siad aisti le cíos bliantúil aon mharc déag.
Líne 24:
==== An 17ú hAois ====
D’éirigh leis an gcorparáid cairt ríoga eile a fháil sa bhliain 1608, a bhuíochas sin ar an Ridire John Everard, mórán. Dream suntasach i ngnóthaí Fhiodh Ard ba ea muintir Everard chomh luath leis an 15ú haois, agus rinne John Everard móid dílseachta d’Eilís I, cé gur Chaitliceach é. Bhí lé ag an mBainríon leis, agus fuarthas cairt dá bharr; méadaíodh an Chorparáid, agus bronnadh breis pribhléidí le tráchtáil a chur chun cinn. Ordaíodh go dtógfaí halla tionóil, agus sa bhliain 1612 cheadaigh Séamas I dhá theach dídine a thógáil, ceann do mhná agus eile d’fhir. Bhí tithe nua cónaithe á dtógáil agus méadaíodh an fhaiche mhargaidh.
[[ImageÍomhá:Elizabeth I (Armada Portrait).jpg|thumb|An Bhainríon Eilís I]]
 
Sa 17ú haois thosaigh na cogaí arís. Ghéill Fiodh Ard do [[Murchadh Ó Briain (Murchadh an Dóiteáin)| Mhurchadh Ó Briain, Tiarna Inse Uí Chuinn]], a bhí ag troid ar son Pharlaimint Shasana, agus ghéill arís do [[Cromail in Éirinn 1649-1650|Chromail]] trí bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1650. Bhí Cromail ar an mbealach chun Cill Chainnigh, agus scríobh sé chun Spícéir Dháil Shasana faoi Fhiodh Ard, "as having a very good wall with round and square bulwarks, after the old manner of fortification". Bhí a chuid saighdiúirí ar stáisiún sa Mhainistir Agaistíneach.
 
==== An Nua-Aois ====
Líne 32:
O'Donnell, ''Tipperary Historical Journal'' (1988), lgh 22-38.</ref> Ba é réiteach an scéil sa 19ú haois na iarsmaí a leagan in áit iad a dheisiú, rud a d’fhág bearna mhór in oidhreacht na háite. Chaill an Mhainistir Agaistíneach an túr thiar sa bhliain 1835, agus níl ach aon gheata amháin fágtha i mballaí an bhaile mhóir.
 
== Cúrsaí Teanga ==
Tá Fiodh Ard suite sa Trian Meánach in oirdheisceart an chontae, barúnacht a n-áiríodh 9,167 duine (26.4% den phobal) mar chainteoirí Gaeilge sa bhliain 1851, cé nach dóichí scéal ná gur fomheastachán an méid sin - níor dheacair 5% a chur leis ar a laghad. Daichead bliain ina dhiaidh sin, i ndaonáireamh na bliana 1891, áiríodh 1,258 duine (7.9% den phobal) mar chainteoirí Gaeilge. Dá fhad siar a rachfá is ea is treise a bheadh an teanga, agus níl aon amhras ná go mbíodh an teanga á labhairt i mbailte móra Chúige Mumhan sna meánaoiseanna agus chomh déanach leis an 19ú haois. I lár an 18ú haois chloisfeá idir Bhéarla agus Ghaeilge á labhairt i bhFiodh Ard, agus mhéadódh ar an méid Gaeilge lá margaidh nó aonaigh nuair a thiocfadh muintir na tuaithe isteach ag díol agus ag ceannach.
 
Líne 43:
 
== Caisleán Chnoc an Choiligh ==
Éamonn mac Shéamais de Buitléir, Barún Dhún Búinne agus tiarna Chaisleáin Chill Teimhneáin, a thóg an chéad chaisleán ag Cnoc an Choiligh timpeall na bliana 1465 dá dhara mac Peadar. Bhí na Buitléaraigh úd i dteann a réime i gContae Thiobraid Árann idir na blianta 1448 agus 1517. Maraíodh Peadar sa bhliain 1502, agus sa bhliain 1536 thug a mhac Piaras cuid de thailte Chnoc an Choiligh uaidh d’Iarla Urmhumhan agus do Thomás Buitléar. Nuair a treascraíodh Iarla Dheasmhumhan sa bhliain 1592 treascraíodh na Buitléaraigh freisin, agus chaill siad an caisleán agus na tailte a bhain leis. Chuaigh Cnoc an Choiligh ó dhuine go duine ina dhiaidh sin, agus is le húinéir príobháideach inniu é.
 
Tá an caisleán gan díon, ach is maith an bhail atá air mar sin féin. Tá sé ar an mbeagán caisleán in Éirinn a bhfuil bábhún fós acu.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Féach freisin ==
 
* O'Keeffe, Tadhg, ''Fethard - A Guide to the Medieval Town''. Fethard Historical Society, ISBN 0-9518168-1-0
Líne 62:
* Ó Maolchathaigh, Séamas (1974 - an dara cló). ''An Gleann agus A Raibh ann''. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teo.
 
== Naisc ==
 
* [[Cromail in Éirinn 1649-1650]]
 
* [[Contae Thiobraid Árann]]
 
* [[Mainistreacha Chontae Thiobraid Árann]]
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.fethard.com Suíomh Fhiodh Ard]