An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: zh:蓋爾族
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
'''Gaeil''' a tugadh riamh ar bhunmhuintir na h[[Éire|Éireann]]ann, na h[[Albain|Alban]] (''na Gàidheil'') agus [[Oileán Mhanann|Mhanann]] (''ny Gaeil''), agus é le tuiscint go raibh saghas éigin [[an Ghaeilge|Gaeilge]] á labhairt acu uile. Ainm é a thagann ó ''Goídil'' (gοi:δil') na [[sean-Ghaeilge]]. (D'fhéadfadh siúd teacht ón ainm a thug na [[An Bhreatain|Breatnaigh]] ar choilínigh Éireannacha in iarthar na Breataine tar éis thitim na hImpireachta Rómhánaí.)<ref>Féach Dillon agus Chadwick agus iad ag plé stair thosaigh na gcríoch Ceilteach.</ref>
 
Is fada na Gaeil á samhlú leis [[na Ceiltigh]], ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.
 
== Tíortha ==
==== Éire ====
Tamall éigin tar éis 8000 RC tháinig na chéad daoine Méasailiotacha chun na hÉireann agus iad ina bhfiagaithe agus ina gcnuasaitheoirí. Ní fios cén teanga a bhí acu, ach idir 4500 agus 4000 RC tháinig daoine Neoiliotacha agus iad ina bhfeirmeoirí. Thug siad caoirigh, gabhair, beithígh agus barra (go háirithe cruithneacht agus eorna) leo. Áitíonn scoláirí éigin gur leosan a tháinig an chéad teanga Ind-Eorpach, teanga a n-eascródh an Ghaeilge aisti níos faide anonn.<ref>Féach Renfrew agus é ag plé chomhleathnú na curadóireachta agus na hInd-Eorpaise.</ref>
 
Líne 12:
 
Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach, agus leachtanna móra á dtógáil. Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha. Sa Iarannaois tosaíodh ag tógáil dúnta móra agus an chuid is mó acu le fáil in iarthar na tíre.
[[ImageÍomhá:Carrowmore tomb, Ireland.jpg|thumb|left|Tuamaí clochaoise sa Cheathrú Mhór, Sligeach]]
 
Cibé athruithe cultúrtha a tharla i measc na scothaicme, is léir go raibh an-leanúnachas ag baint le saol na ngnáthdhaoine: tá an fhianaise le fáil sna hiarsmaí a thugann léargas ar bheatha mhuintir na tuaithe ó ghlúin go glúin, agus iad á gcur féin in oiriúint go dlúth d'aeráid agus do luí na tíre maidir le modhanna curadóireachta, le cothú, le ceirdeanna. Neartódh sin leis an tuairim go raibh na Gaeil ann ón aimsir Neoiliotach amach, béascna agus teanga ar leith acu agus iad in ann pobail nua a Ghaelú de réir mar a tháinig siad siúd isteach. D'fhágfadh sin gur tábhachtaí cultúr ná cine.<ref>Féach Mitchell agus Ryan, Nolan, agus E. Estyn Evans i ngeall ar chúrsaí tíreolaíochta agus dúchais.</ref>
Líne 18:
Tá rian na seandachta ar chuid mhaith de na logainmneacha freisin,<ref>Féach Room.</ref> rud eile a chuireann an leanúnachas in iúl.
 
==== Manainn ====
Sa ré Mhéasailiotach a tháinig na chéad daoine chun Oileán Mhanann, agus lean feirmeoirí iad sa ré Neoiliotach, mar a tharla in Éirinn. Tháinig an t-athrú céanna ar na tuamaí agus eile de réir na tréimhse. B'fhéidir gur ón mBreatain a tháinig na chéad fheirmeoirí, ach meastar gur tháinig dream nua isteach ó Éirinn timpeall 700 AD, rud atá le haithint ar na hinscríbhinní oghaim.
[[FileÍomhá:Isle of Man Peel Castle.jpg|right|250px|thumb|[[Caisleán na hInse, Manainn]].]]
 
Maidir le cúrsaí teanga, is féidir na Manannaigh a áireamh ar na Gaeil. Bhí an teanga Ghaeilge acu ón 8ú haois amach, agus mhair sí fiú tar éis theacht agus lonnú na Lochlannach. Bhí sí láidir go leor mar theanga phobail chomh déanach leis an 18ú haois.
 
==== An Albain ====
P-Cheiltis a bhí á labhairt i ndeisceart na tíre le linn na Rómhánach, agus glacann a lán scoláirí leis gur theanga P-Cheiltise í an [[na Cruithnigh|Phiochtais]] a bhí á labhairt sa tuaisceart sa luathmheánaoiseanna. Bunaíodh Ríocht na bPiochtach roimh an 6ú haois AD agus mhéadaigh de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge, Lochlainnis agus Béarla (san oirdheisceart) le cloisteáil ann.
[[ImageÍomhá:Alexander III and Ollamh Rígh.JPG|thumb|left|300px|Corónú Alasdar III na hAlban i Sgàin ar 13 Iúil 1249. Tá an ''ollamh rígh'' ag beannú dó agus é ag rá: "Benach De Re Albanne" (''Beannachd Dé Rígh Alban''). Ansin ríomhann sé ginealach an Rí.]]
 
Ba í an Ghaeilge teanga Dhál Riada, ríocht Ghaelach a bhí le fáil in Earra-Ghaidheal in oirdheisceart na tíre timpeall an 4ú haois AD. Is léir go raibh Éireannaigh á bhfódú féin ann, agus déarfadh scoláirí éigin go raibh Gaeilge á labhairt ann i bhfad roimhe sin.<ref>A mhalairt de bharúil atá ag Dillon agus ag Chadwick.</ref> Leathnaigh an teanga leis an gCríostaíocht agus ghéill an Phiochtais de réir a chéile; faoin 12ú haois bhí Gaeilge á labhairt sa chuid ba mhó den tír. Ach bhí limistéar an Bhéarla ag méadú agus nósanna nua ag teacht isteach: cuireadh an feodachas agus na chéad bhailte móra cairte ar bun, agus tháinig uasalaicme nua isteach - ridirí agus eaglaisigh Fhrancacha agus Angla-Fhrancacha. Is dócha, freisin, go raibh an dátheangachas ag éirí coitianta i gceantair an oirthir agus go raibh buntáiste na cumhachta ag an mBéarla. Faoin 13ú haois bhí an Ghaeilge ag cúlú; bheadh na ''Gàidheil'' le fáil thiar feasta, sna Garbhchríocha, in Inse Gall agus feadh Mhaol na nGall.
 
== Na Gaeil sa Bhaile ==
Má tá ceangal idir cine agus teanga, is léir gur ar éigean atá na Gaeil ann inniu. Tá Gaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban ag meath i gcónaí, agus cailleadh an cainteoir dúchais deireanach ar Oileán Mhanann sna seachtóidí. In Éirinn tháinig an meath mór sa 19ú haois thar aon aois eile; bhí an dátheangachas (nó saghas dátheangachais) ag fás, bhí an [[Béarla]] i réim i gcúrsaí poiblí, agus ba é an [[an Gorta Mór|Drochshaol]] an babhta marfach. In Albain (Inse Gall agus na Garbhchríocha) sa tréimhse chéanna is beag baint a bhí ag an teanga in intinn na ndaoine le dul chun cinn, agus ní dhearnadh freastal uirthi. Meas béarlagair a bhí ar an teanga in Oileán Mhanann; b'fhearr duit Béarla.
 
==== Na hÉireannaigh ====
Sa bhliain 2006 ba í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail agus an tí ag 3% den daonra. <ref>Government of Ireland, {{PDFlink|[http://www.pobail.ie/en/IrishLanguage/StatementontheIrishLanguage2006/file,7802,en.pdf Statement on the Irish Language 2006]|919 KB}}. Aimsíodh ar 21 Eanáir 2008 le haghaidh [[Irish Language]].</ref> (4,422,100 duine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 2008).<ref>[http://www.cso.ie/releasespublications/documents/population/current/popmig.pdf CSO Ireland - April 2008 Population Estimates]</ref> Meastar go bhfuil idir 20,000 agus 80,000 cainteoir dúchais ann (cé go mbeadh a bhformhór meánaosta nó ina seandaoine).<ref>[http://www.helsinki.fi/~tasalmin/europe_report.html#IGaelic Endangered languages in Europe: report]</ref><ref>{{cite book |title=Linguistic Minorities in Multilingual Settings: Implications for Language Policies |last=Christina Bratt Paulston |publisher=J. Benjamins Pub. Co |page=81}}</ref><ref>{{cite book |title=Irish Writing in the Twentieth Century |last=Pierce |first=David |year=2000 |publisher=Cork University Press |page=1140}}</ref> <ref>{{cite journal |last=Ó hÉallaithe |first=Donncha |authorlink= |coauthors= |year=1999 |month= |title= |journal=Cuisle |volume= |issue= |pages= |id= |url= |accessdate= |quote= }}</ref> Sa bhliain 2007 mheas an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go raibh timpeall 17,000 duine le fáil i gceantair mar a raibh neart Gaeilge á húsáid.<ref>[http://www.oceanfm.ie/onair/donegalnews.php?articleid=000002629 Welcome to Ocean fm<!-- Bot generated title -->]</ref> Ach tá an meath ar siúl sa [[an Ghaeltacht|Ghaeltacht]] gan stad fiú ó bunaíodh an Stát – ó 250,000 cainteoir líofa sa Ghaeltacht ansin go dtí timpeall 30,000 anois (má tá a líon chomh mór sin féin).
 
Lasmuigh den Ghaeltacht bhí an Stát ag brath ar na scoileanna riamh chun ‘Gaeil Nua’ a dhéanamh. Theip air sin; tá daltaí na hÉireann ag foghlaim Gaeilge de dheoin nó d’ainneoin le timpeall seachtó bliain, agus gan ach Béarla ag a bhformhór mór tar éis an tsaoil. Le tamall de bhlianta anuas, áfach, tá borradh ag teacht faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu de bharr scolaíocht lánGhaeilge. Astu sin a fáiscfear an chéad ghlúin eile de chainteoirí dúchais. Tá an teanga ag lonnú i measc cuid den mheánaicme chathrach, go háirithe sna cathracha móra - Baile Átha Cliath sa deisceart, Doire agus Béal Feirste sa tuaisceart. Dream uirbeach na Gaeil feasta, cé gur deacair a líon a mheas faoi láthair.
 
==== Na hAlbannaigh ====
In Albain tá líon na gcainteoirí dúchais ag dul i laghad i gcónaí, ach tá líon na ndaoine le Gàidhlig mhaith ag dul i méid i n[[Dún Éideann]] agus i n[[Glaschú]], áiteanna a bhfuil tumoideachas ar fáil.
 
Líne 44:
Is cosúil go mbeidh sláinte na Gàidhlig ag brath ar an meánaicme feasta, mar a tharla cheana in Éirinn. Béarla ar na hoileáin, Gàidhlig sna sráideanna.
 
==== Na Manannaigh ====
San 19ú haois is mó a mheath an Mhanainnis, mar theanga (mar a síleadh) gan feidhm gan éifeacht; ach sa bhliain 1899 bunaíodh ''Yn Çheshaght Ghailckagh''. Nuair a cailleadh na cainteoirí dúchais deireanacha i lár an 20ú haois bhí daoine eile ag foghlaim na teanga.
[[FileÍomhá:Douglas Isle of Man welcome sign.jpg|thumb|right|Comhartha dátheangach i nDúlais, príomhbhaile Mhanann.]]
 
Anois tá tumoideachas le fáil i mbunscoil amháin agus an Mhanainnis á múineadh mar theanga bhreise i scoileanna eile; is féidir céim sa teanga a fháil ó Choláiste Mhanann agus ó Lárionad an Léinn Mhanannaigh. I gcúig cinn de na naíscoileanna baintear feidhm as Manainnis amháin, a bhuíochas sin ar chomhlacht darb ainm ''Mooinjer Veggey''. Is féidir a rá anois go bhfuil Gaeil arís i Manainn, más í an teanga féin an tomhas.
 
== Na Gaeil i gCéin ==
 
==== Meiriceá Thuaidh ====
 
==== An Astráil ====
 
== Tagairtí ==
 
{{Refbegin}}
* Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín, ''Traididisún Liteartha na nGael''. An Clóchomhar Tta 1979.
* Dillon, Myles and Chadwick, Nora, ''The Celtic Realms''. Cardinal 1973. ISBN 0-351-158-0815808-1
* Estyn Evans, E., ''Irish Folk Ways''. Routledge 1989 (an dara heagrán).
* Mitchell, Frank and Ryan, Michael, ''Reading the Irish Landscape''. Town House, Dublin 1997. ISBN 0-946172-54-4
* Nicholls, Kenneth, ''Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages''. Gill & MacMillan 1981 (an 3ú heagrán). ISBN 7171-0561-X
* Nolan, William (ed.), ''The Shaping of Ireland: The Geographical Perspective''. Mercier 1986. ISBN 88342-765-8
* Renfrew, A.C., ''Archaeology and Language: The Puzzle of Indo-European Origins'', London: Pimlico 1987. ISBN 0-7126-6612-5
* Room, Adrian, ''A Dictionary of Irish Place-Names''. Appletree Press 1998. ISBN 0-86281-202-X
{{Refend}}
{{Reflist}}
 
== Féach freisin ==
 
* [[Gaeilge]]
Líne 84:
* [[Na Cruithnigh]]
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
==== Éire ====
* [http://www.bci.ie/documents/jan05e.pdf BCI: Staidreamh oifigiúil teanga]
* [http://www.forasnagaeilge.ie/default1.asp?lang=en Foras na Gaeilge]
Líne 96:
* "[http://www.bbc.co.uk/northernireland/irish/blas/learners/ Learning Irish?]," ''[[BBC]]''
 
==== Albain ====
* [http://www.learn-gaelic.info Learn Gaelic] Ranganna agus cúrsaí ar fud an domhain]
* [http://www.scottish.parliament.uk/gaidhlig/ Parlaimint na hAlban]
Líne 115:
* [http://abairthusa.ning.com/ Abair Thusa] Gréasán sóisialta.
 
==== Manainn ====
 
* [http://www.mv.chrislittler.co.uk/ Mooinjer Veggey]