An difríocht idir athruithe ar: "Gailliam"

15 bytes added ,  9 mbliana ó shin
m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (r2.7.1) (róbat ag suimiú: yi:גאליום)
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Is [[dúil cheimiceach]] é an '''gailliam'''. Ceann de na [[Miotal trasdultach|miotail iar-thrasdultacha]] atá ann. Is é dúil [[Uimhir adamhach|uimhir]] a 31 é, agus is í an [[Siombail cheimiceach|tsiombail]] atá air ná '''Ga'''. Níl sé ar fáil sa dúlra ina dhúil, agus níl mórán [[mianra]]í ann ach an oiread ina mbeadh an gailliam ar ceann de na príomh-chomhábhair. Ó tá sé in aon ghrúpa leis an [[alúmanam]], tá sé cosúil leis ó thaobh na ceimice de, agus mar sin bíonn an bháicsít truaillithe le hiarsmaí gailliam go minic.
 
Miotal sobhriste é an gailliam le teocht an tseomra, ach is é a leáphointe ná 29.7646  °C, agus mar sin, leáfadh sé sa lámh agat dá bhfaighfeá greim air. Cosúil leis an [[uisce]], forbróidh an gailliam nuair a iompóidh sé ina sholad, agus déanfaidh gailliam leáite dochar do na [[miotal|miotail]] eile, ós féidir leis seangú isteach tríothu agus a struchtúr criostalta a chur as a riocht.
 
Ba é Paul Émile Lecoq de Boisbaudran, an ceimiceoir Francach an chéad duine a d'aithin an gailliam mar dhúil ar leith, ar an dá líne vialait a fhágann sé ar an speictream.<ref name="Bois">{{cite journal|title = Caractères chimiques et spectroscopiques d'un nouveau métal, le gallium, découvert dans une blende de la mine de Pierrefitte, vallée d'Argelès (Pyrénées)| first = Lecoq |last = de Boisbaudran |page=493|journal = Comptes rendus|volume = 81|url = http://gallica.bnf.fr/ark:/12148/bpt6k3038w/f490.table}}</ref> Rinneadh an fhionnachtain seo sa bhliain 1875, ach bhí [[Dmitrí Meindeiléiv]], athair an [[Tábla peiriadach|tábla pheiriadaigh]], in ann saintréithe an ghailliam a thuar roimhe sin féin, nó thuig sé go raibh dúil ar lár go fóill sa bhearna sin. Is é an t-ainm a bhí ag Meindeiléiv ar an ngailliam ná ''eka''-alúmanam; ón t[[Sanscrait]] a fuair sé an réimír sin ''eka''. Ba é Boisbaudrain a bhaist an t-ainm sin gailliam ar an dúil nua, agus is é ''An Ghaill'' - ainm stairiúil na Fraince - is bun leis an ainm seo. Bhí lucht an ghrinn i saol na ceimice barúlach, áfach, gurb as féin a d'ainmnigh sé an dúil. Nó is amhlaidh gurb é ''gallus'' an focal [[Laidin]]e ar "coileach", agus is é is brí le ''le coq'' san Fhraincis ná "an coileach"!<ref name="Weeks">{{cite journal |title = The discovery of the elements. XIII. Some elements predicted by Mendeleeff |pages = 1605–1619|last = Weeks|first = Mary Elvira |journal = Journal of Chemical Education |volume =9 |issue =9 |year = 1932}}</ref> Ní mó ná sásta a bhí Boisbaudran féin leis an scéilín magaidh seo, agus fuair sé riachtanach é a shéanadh in alt a scríobh sé na blianta fada i ndiaidh na fionnachtana.
 
[[FileÍomhá:Gallium crystals.jpg|thumb|left|Gailliam (criostail)]]
Inniu, úsáidtear an gailliam i ndópáil na leathsheoltóirí. Sular tháinig teicneolaíocht na leathsheoltóirí chun tosaigh, ba iad na príomhúsáidí a bhaintí as an miotal seo ná teirmiméadair agus cóimhiotail sholeáite.
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn ag an ngailliam ina chuid comhdhúl ná +3. Bíonn [[comhdhúil]]e gailliam (+1) ann chomh maith, ach tá sé de chlaontacht iontu díréiriú a dhéanamh go gailliam miotalach agus gailliam (+3). Le teocht an tseomra, éighníomhófar an gailliam agus é i dteagmháil leis an aer, nó tiocfaidh brat ocsaíde air cosúil leis an alúmanam. Má théitear é, áfach, imoibreoidh sé le h[[ocsaigin]] an aeir, ionas go gcruthófar trí-ocsaíd an ghailliam, Ga<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Ceimiceán tábhachtach é an trí-ocsaíd seo sa teicneolaíocht. Mar shampla, is féidir sreanga agus plátaí micreascópacha a dhéanamh aisti, agus mar sin, táthar ag baint trialach as an dé-ocsaíd sa nanaitheicneolaíocht.
 
Má théitear gailliam agus dé-ocsaíd go 500 &nbsp;°C, imoibreoidh siad le chéile, ionas go bhfaighfear aonocsaíd ghailliam, Ga<sub>2</sub>O, ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin úd +1 ag an ngailliam. Is dí-ocsaídeoir láidir í an aonocsaíd, ós rud é go bhfuil gailliam (+1) an-fhonnmhar chun é féin a ocsaídiú go gailliam (+3). Tá sé, fiú, in ann aigéad sulfarach H<sub>2</sub>SO<sub>4</sub> a dhí-ocsaídiú go suilfíd hidrigine H<sub>2</sub>S.<ref name="downs">{{cite book | title= Chemistry of aluminium, gallium, indium, and thallium | author = Anthony John Downs | publisher = Springer | year = 1993 | isbn = 075140103X }}</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
19,799

edits