An difríocht idir athruithe ar: "Gaillimh"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: vi:Galway
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 11:
sfx_cóor = left: 100px; top: 55px|
eangach = M300254 |
daonra = 72,729<br />''Cathair: 72,414''<br />''Bruachbhailte: 315'' |
daonáireamh = 2006 |
}}
 
Cathair in iarthar na h[[Éire|Éireann]]ann is ea '''Gaillimh''' ({{lang-en|Galway}}) agus tuairim is 70,000 duine ina gcónaí inti. Is í Gaillimh príomhbhaile [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]]. De réir cuntais [[Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh|Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh]], tagann ainm an bhaile ó [[Abhainn na Gaillimhe]].
[[ImageÍomhá:Galway cannons.jpg|right|200px| ]]
 
== Iompar ==
Tá [[calafort]] sa gcathair féin, ag béal [[cuan na Gaillimhe|chuain na Gaillimhe]]. Is féidir le báid an-mhóra dul ann de bharr go bhfuil an t-uisce domhain. Tá [[aerfort]] beag lámh leis an gcathair freisin, sa g[[Carn Mór]], agus tá ceangal [[traein|traenach]] go [[Baile Átha Cliath]]. Tá an-chaint le tamall ar an líne traenach as Sligeach go hInis i gContae an Chláir a athnuachan, rud a chuirfeadh feabhas mór ar an gcóras traenach. I mBaile Átha an Rí a bhí, agus a cheaptar go mbeidh an ceangal seo idir an dá líne.
 
== Oideachas ==
Tá dul chun cinn déanta ag [[Gaelscoileanna]] na Gaillimhe le 10 mbliana anuas. Cé nach bhfuil an cháil chéanna ar Choláiste Éinne agus a bhíodh, tá dornán bunscoileanna lán-Ghaelacha anois sa gcathair féin, agus tá Coláiste na Coiribe ina mheánscoil lán-Ghaelach.
Tá [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh]] (a dtugtaí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh uirthi cheana) suite sa gcathair le 150 bliain, chomh maith leis an bpríomhchraobh d'[[Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo]].
 
== Creideamh ==
Tá ardeaglais [[Caitliceachas|Chaitliceach]] sa gcathair a tógadh nuair a scoilteadh an chathair ó Dheoise Thuama, agus tá formhór lucht na cathrach ceangailte leis an eaglais sin. Tá líon beag [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] sa gcathair, agus freastalaíonn cuid acu ar eaglais stairiúil San Niocláis.
 
== Gnó ==
Tá fás mór tagtha ar an gcathair le 20 bliain anuas, ó thosaigh tionscail ar nós an tionscal bogearraí ag cur fúthu ann. Bhíodh monarcha mór ag Digital Equipment as [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]] ann, ach nuair a d'fhág siad an baile agus roimhe sin, bhí tionscail áitiúla tosaithe cheana féin.
 
== Caitheamh Aimsire ==
Sruthann [[Abhainn na Gaillimhe]] (an Choirib ón [[Béarla|mBéarla]] ''River Corrib'') tríd an gcathair, agus tá iascaireacht bhreá ar [[Loch Coirib]], aistear gairid ón gcathair. Bíonn an-chuid bádóireachta ar loch agus ar abhainn, agus bíonn báid seoil sa gcuan sa Samhradh, ach beagán sa nGeimhreadh mar gheall ar chruas na farraige. Tá turasóirí ag teacht go Bóthar na Trá, bruachbhaile ar iarthar na cathrach, le os cionn céad blian, agus tagann siad i gcónaí le snámh, rince, agus turais lae chuig áiteanna mar [[Conamara|Chonamara]] agus [[an Bhoireann]] in aice láimhe. Tá tithe leapan agus bricfeasta go fairsing, agus le chúig bhliana déag anuas, tá an-chuid brúnna do thaistealaithe óga freisin.
 
== Stair ==
Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Cuireadh caisleán ar bun sa [[12ú haois|12ú chéad]] ar bhéal abhann ghearr na Gaillimhe. Níos déanaí, tháinig [[Normannaigh]], agus ina ndiaidh siúd bhí an chathair faoi smacht [[Sasana|Shasanach]]. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an [[an Cladach|gCladach]], bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. [[Béarla]] a bhí sa gcathair, agus [[Gaeilge]] i ngach áit eile mórthimpeall. Fiú i ndiaidh an Drochshaoil, áfach, de réir an daonáirimh sa bhliain 1851, bhí Gaeilge ag formhór mhuintir na cathcrach.
[[Íomhá:Old-Galway.jpg|344px|thumb|left|Léarscáil ó 1651.]]