An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 13:
daonáireamh = 2002|
}}
'''Gaoth Dobhair''' (''Gweedore'' i m[[Béarla]]): ceantar [[Gaeltacht|Gaeltachta]]a i g[[Contae Dhún na nGall]], [[Éire]]. Anseo atá oifig réigiúnach sheirbhís [[Raidió na Gaeltachta]], agus is é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in [[Éirinn]] (daonra 4,065). Is iad na príomhbhailte fearainn ná Croithlí, Dún Lúiche, An Bun Beag, Doirí Beaga agus Cnoc Fola. Tá Gaoth Dobhair faoi scáth [[an Earagail|na hEaragaile]], an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall.
 
== Ainm ==
 
''An Gaoth'' an t-ainm atá ar ghóilín atá ag bun Abhainn Chroithlí atá ina theorainn idir Gaoth Dobhair agus [[na Rosa]]. Is seanfhocal é ''Dobhar'' fá choinne uisce. ''Inbhear uisciúil'' an chiall bhunúsach atá leis an ainm Gaoth Dobhair.<ref>http://www.gaothdobhair.com/gaothdobhair.htm</ref>
 
== Teanga ==
 
Is í [[an Ghaeilge]] príomhtheanga na ndaoine sa pharóiste, ach tuigtear an [[Béarla]] freisin. Meallann an Ghaeilge na mílte turasóirí agus scoláirí gach bliain chuig na coláistí samhraidh, le tuigbheáil níos fearr a fháil ar an teanga. Faigheann páistí agus déagóirí na háite [[oideachas]] s'acu fríd mheán na Gaeilge, agus bíonn na seirbhísí reiligiúnacha agus an chuid is mé de na fógraí poiblí i n[[Gaeilge]]. Ach, is cosúil go bhfuil meath ag teacht ar an Ghaeilge sa cheantar le cúpla bliain anuas.
[[Íomhá:Doiribeaga.jpg|300px|thumb|An bóthar R257 a théann fríd Ghaoth Dobhair, le feiceáil anseo i nDoirí Beaga.]]
Siocair go bhfuil an dá theanga ag muintir na háite, is minic a chuireann siad focail Bhéarla isteach sa Ghaeilge agus a mhalairt fosta. Dá bhrí sin tá stór focal neamhghnách forbartha ag muintir Ghaoth Dobhair. Tá siad ag tarraingt aird foclóirithe dá dheasca seo. Seo a leanas roinnt samplaí de na frásaí agus focail seo:
* Bammy - 1. éalárnach; amaideach. 2. Ag léiriú feirge. [Athrú ar an fhocal Bhéarla - Barmy]
* Shy (ball) - Úsáidtear seo in áit an téarma 'throw-in' i sacar [Foinse anaithnid.]
* Big wow - Ag léiriú nach bhfuil rud éigin mórthaibhseach.(Is téarma searbhasach é.)
(Úsáidtear na téarmaí seo i n[[Glaschú]]. Chuaigh léar daoine as an cheantar seo go h[[Albain]] blianta ó shin, agus tá cuid mhór nascanna idir an dá thír fós.)
* áilte nó eáilte - Gaelú ar bhriathra Bhéarla: wreckáilte - tuirseach.
 
== Stair an cheantair ==
 
Chuir [[Plandáil Uladh]] casadh ar stair an pharóiste sa bhliain [[1609]]. B'éigean do dhaoine Ghaelacha talamh torthúil s'acu a fhágáil sa Lagáin agus imeacht go dtí iarthar [[Contae Dhún na nGall|Dhún na nGall]], agus shroich cuid mhaith acu Gaoth Dobhair. Ag an am chéanna thosaigh lonnaitheoirí [[Sasana|Sasanacha]]cha agus [[Albain|Albanacha]] a theacht, agus d'athraigh siad an talamh go barúntachtaí. De réir chosúlachta ní raibh mórán de dhaonra sa pharóiste suas go dtí an [[17ú haois]]. Chónaigh na daoine ar na hoileáin agus ar imeall na farraige i ngráigeanna, thóg siad na tithe in aice a chéile i bpócaí beaga.
 
Ní raibh daonra mór ann suas go dtí an [[19ú haois]] agus tuigtear go raibh caidreamh measartha maith idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún. Tháinig laghdú mór ar chaighdeán an tsaoil le linn theacht na dtiarnaí talún úra san [[19ú haois]], go háirithe an Tiarna George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur. Threoraigh an sagart Seán Mac Pháidín muintir na háite agus iad ag troid leis na tiarnaí talún seo nuair a bunaíodh [[Conradh na Talún]] agus an Plean Feachtais. Ba é eachtra ''Marú an Mháirtínigh'' (An Cigire Dúiche William Martin) taobh amuigh de theach pobail [[Dhoirí Beaga]] buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.
Líne 38:
Tá léar leabhar staire foilsithe faoi stair Ghaoth Dobhair. Ba í Cáit Nic Giolla Bhríde (nach maireann) duine de na staraithe ba chlúití sa cheantar.
 
== Eacnamaíocht ==
[[Íomhá:Cnocfola.jpg|left|300px|thumb|Íomhá lánléargais do Ghaoth Dobhair ó Chnoc Fola.]]
Bunaíodh cuid mhór monarchana i nGaoth Dobhair sna [[1970idí]], [[1980idí]] agus sna [[1990idí]], nuair a chuir coiste áitiúil brú ar na húdaráis gníomh dearfach a dhéanamh mar chomóradh ar [[Éirí Amach na Cásca]]. Ach dhruid an chuid is mó acu seo sa bhliain [[2001]] mar gheall ar tháirgíocht níos saoire in [[Oirthear na hEorpa]], agus bhuail seo buille an-olc ar gheilleagar na háite agus na gceantar máguaird. Táthar ag táirgeadh bábóga phoircealláin i nGaoth Dobhair ó 1939 faoin ainm ''Bábógaí Chroichshlí'' nó ''Crolly Dolls''. Cé nach bhfuil ionad uirbeach ar bith ann tá dlús daonra an-ard i nGaoth Dobhair le blianta fada, agus chuaigh daoine ar imirce shéasúrach go hAlbain ar feadh na mblianta. Le fás na tionsclaíochta agus na turasóireachta tógadh na céadta teach úr ar fud an cheantair, iad uilig spréite amach ar fud an pharóiste.
Líne 44:
Athainmníodh an t-eastát tionsclaíoch go dtí ''Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair'' in [[2003]], agus chuir [[Údarás na Gaeltachta]] feachtas ar bun chun níos mó comhlachtaí a mhealladh go dtí an ceantar. D'éirigh go measartha leis an fheachtas seo. Sa cheantar anois tá roinnt ollmhargaí, siopaí áise, sciamheolaithe, gruagairí, conraitheoirí, garáistí, poitigéirí, tithe leanna, caiféanna, agus sé theach ósta.
 
== Oideachas ==
 
Tá cúig bhunscoil i nGaoth Dobhair, sna bailte fearainn seo a leanas: Doirí Beaga, An Bun Beag, Mín an Chladaigh, Dobhar agus An Luinneach. Is í Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon mheánscoil sa pharóiste. Bunaíodh í sa bhliain [[1977]] ar an Luinnigh, agus is é Noel Ó Gallchóir atá ina phríomhoide inti. Cuirtear an t-oideachas seo uilig ar fáil fríd mheán na [[Gaeilge]] agus déanann na mic léinn na scrúduithe stáit i nGaeilge. Sa bhliain [[2004]] d'oscail [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh]] ionad ''Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'' le hoideachas tríú leibhéal a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge do mhuintir na háite.<ref>http://www.acadamh.ie/ionaid/gaoth_dobhair.html</ref>
 
== Gnéithe fisiceacha ==
 
Tá Gaoth Dobhair cáiliúil mar gheall ar a áilleacht mara agus tíre. Is dócha gurb í [[an Earagail]] os cionn Loch Dhún Lúiche an ghné is so-aitheanta sa cheantar. Is é an sliabh is airde é i g[[Contae Dhún na nGall]]. Thart ar Ghaoth Dobhair tá gleanntáin fhairsinge, ina measc tá Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an pháirc náisiúnta is mó sa tír. Radharc suntasach eile i nGaoth Dobhair ná 'Bád Eddie', bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna [[1970idí]] agus atá ann go fóill.
Líne 54:
Ar chósta Ghaoth Dobhair tá cuid mhór tráigheanna agus aillte le fáil, chomh maith le hoileáin cosúil le Toraigh agus [[Gabhla]] agus na caoráin atá forleathan timpeall na háite.
 
== Iompar ==
 
D'oscail stáisiún traenach i nGaoth Dobhair ar [[9 Márta]] [[1903]], dúnadh é mar sheirbhís do phaisinéirí ar [[3 Meitheamh]] [[1940]], agus dúnadh é go hiomlán ar [[6 Eanáir]] [[1947]]. Tá roinnt cóistí a théann ó Ghaoth Dobhair go háiteanna ar nós [[Gaillimh]], [[Béal Feirste]] agus [[Baile Átha Cliath]] ann freisin. Chuir Comhlacht Iarnród Loch tSúillí (''Lough Swilly Railway Company'') seirbhísí bhusanna ar fáil don cheantar ar feadh na blianta fada.
 
== Spórt ==
[[Íomhá:Clgghaothdobhair.jpg|500px|thumb|Clubtheach CLG Ghaoth Dobhair, suite i Machaire Gathlán.]]
Tá tábhacht mhór ag spórt i saol an pharóiste, mar shampla [[peil Ghaelach]], [[sacar]], [[galf]] agus a leithéidí. Tá [[CLG]] Ghaoth Dobhair ann a thugann áiseanna peile Gaelaí ar fáil do dhaoine sa cheantar, agus tá na clubanna sacair Ceiltigh Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair Aontaithe agus Ceiltigh Dhún Lúiche. Tá neart peileadóirí iomráiteacha sa cheantar ar nós Hugh Rua Gallagher, Niall Ó Gallchóir, Jack Phaddy Óig, Jim Mc Fadden, Kevin Cassidy, Antoin Carroll, Hiúdaí Beag Ó Gallchóir agus Hughie Tim Boyle. Is as Gaoth Dobhair máthair agus seanmháthair na peileadóirí Albanacha [[Pat Crerand]] agus [[Aiden McGeady]].
 
== Na healaíona ==
 
Tá aird [[An Domhan|an domhain]] tarraingthe ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomhamhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa [[Skara Brae]] fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (á stiúradh ag Máire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (á stiúradh ag Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.
Líne 72:
Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.
 
== Grianghraif ==
<gallery>
Image:Gaothdobhairamharclann.JPG|Amharclann Ghaoth Dobhair
Líne 82:
</gallery>
 
== Daoine clúiteacha as Gaoth Dobhair ==
 
* [[Aoife Ní Fhearraigh]], amhránaí
Líne 102:
* Tarlach Mac Suibhne, ''An Píobaire Mór''
 
== Logainmneacha i nGaoth Dobhair ==
* Ard na gCeapairí
* Baile an Droichid
Líne 132:
* Srath Máirtín
 
== Oileáin ==
* Inis Sionnaigh
* [[Gabhla]]
Líne 138:
* Inis Oirthir
 
== Féach freisin ==
* [[Gaeltacht]]
* [[Gaeilge Uladh]]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc ==
* [http://www.clgghaothdobhair.com/ Cumann Lúthchleas Gael Ghaoth Dobhair]
* [http://www.crannog.ie/gaothbear.htm An Chrannóg, lárionad Gaeilge i nGaoth Dobhair]
 
 
[[Catagóir:Gaeltacht]]