An difríocht idir athruithe ar: "George Martin"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: fa:جورج مارتین
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[FileÍomhá:George Martin.jpg|mion|Sir George Martin.]]
Is léiritheoir [[ceol|ceoil]] é '''Sir George Martin''' (a rugadh ar [[3 Eanáir]], [[1926]] i [[Londain]], [[Sasana]]). Ba é Martin a shínigh conarthaí ceoil leis an mbanna [[rac-cheol|rac-cheoil]] [[The Beatles]], agus léirigh sé fórmhór a gcuid albam. Dá bhrí sin is minic a thugtar "an cúigiú Beatle" air.
 
== Cúlra ==
Rugadh Martin i Holloway i dtuaisceart Londan sa bhliain 1926. Siúinéir ba ea a athair, agus teaghlach bocht a bhí ann, rud a d’fhág nach raibh Martin ábalta stáidéar a dhéanamh ar an gceol. Ba mhór an tsuim a bhí aige ann, áfach, agus d'fhoghlaim sé conas an [[pianó]] a sheinm uaidh féin. Sa bhliain 1943, agus é in aois a sheacht mbliana déag, rinneadh píolóta agus oifigeach de sa Chabhlach Ríoga, ach chríochnaigh an cogadh sula raibh deis aige dul ag troid, agus d’fhág sé an tseirbhís sa bhliain 1947. Bhí sé sa Guildhall School of Music and Drama idir na blianta 1947 agus 1950, áit a ndearna sé staidéar ar an bpianó agus ar an óbó, agus suim aige i gceol Rachmaninov, Ravel, Cole Porter agus Johnny Dankworth.
 
Ar 3 January 1948 phós sé Sheena Chisholm, agus bhí beirt pháistí acu: Alexis agus Gregory. Phós sé Judy Lockhart-Smith ar 24 June 1966, agus rugadh beirt pháistí eile: Lucy agus Giles.
[[ImageÍomhá:Parlophone LP PMC 1202.jpg|thumb|left|150px|An chéad cheirnín a rinne The Beatles faoi choimirce Parlophone. Martin a léirigh.]]
Ina dhiaidh sin fuair sé post sa [[BBC]] sa rannóg chlasaiceach. Sa bhliain [[1950]] chuaigh sé ag obair le [[Parlophone]], comhlacht a bhain le [[EMI]], agus é ag taifeadadh ceol clasaiceach agus barócach, ceol réigiúnach na Breataine agus foireann bhunaidh drámaí mór-ratha, in éineacht leis na fuirseoirí [[Peter Sellers]], [[Rolf Harris]], [[Peter Ustinov]], [[Peter Cook]], [[Dudley Moore]] agus na [[Goons]]. Níos déanaí dúirt [[John Lennon]] go raibh sé sásta dul ag obair le Martin toisc gur thaitin na Goons chomh mór sin leis. Tháinig rath air mar léiritheoir de bharr an tseó ''Beyond the Fringe'', agus ba í dea-obair Martin a chuir Parlophone chun cinn.
 
Líne 19:
Rinne Martin mórán ceoltóirí eile a thaifeadadh, agus chum sé ceol le haghaidh trí scannán de chuid sraith [[James Bond]]. Sa bhliain 1979 d’fhoilsigh sé leabhar dar theideal ''All You Need is Ears'' (le cúnamh Jeremy Hornsby) a chuir síos ar a ndearna sé leis na Beatles agus le ceoltóirí eile, agus sa bhliain 2001 chuir sé amach ''Produced by George Martin: 50 Years In Recording'', sé dhlúthdhiosca a d’fhéach siar ar a chuid léirithe go léir.
 
== Dioscaí ==
* ''Off the Beatle Track'' (1964)
 
* ''Help!'' (1965)
 
* ''George Martin Instrumentally Salutes The Beatle Girls'' (1966)
 
* ''Yellow Submarine (albam)'' (taobh 1; The Beatles, taobh 2: The George Martin Orchestra) (1969)
 
* ''Live and Let Die (fuaimrian)'' (Martin a léirigh amhrán Paul McCartney agus a chum ceol an scannáin) (1973)
 
* ''In My Life (albam George Martin'' (1998)
 
* ''Produced by George Martin'' (2001)
 
* ''The Family Way'' (2003)
 
== Tagairtí ==
* {{cite book | author=Lewisohn, Mark |authorlink=Mark Lewisohn | title=The Beatles: Recording Sessions | publisher=Three Rivers Press; Reprint edition| year=1990 |isbn=978-0517581827}}
 
Líne 51:
* {{cite book | author= The Beatles | authorlink=The Beatles| title=[[The Beatles Anthology]] (DVD) | publisher=[[Apple records]] | year=2003 | id=ASIN: B00008GKEG (Bar Code: 24349 29699)}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.camanagement.co.uk/roster2.htm Scéal a chuid oibre]