An difríocht idir athruithe ar: "Gerry Ryan"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 16:
Ba chraoltóir [[raidió]] agus teilifíse [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]] é '''Gerard "Gerry" Ryan''' ([[4 Meitheamh]] [[1956]] – [[30 Aibreán]] [[2010]]).<ref>[http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/northern_ireland/8655114.stm BBC News - Gerry Ryan 1956-2010]</ref> Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí ba rathúla agus ba chonspóidí in Éirinn agus ba é ''The Gerry Ryan Show'' ar [[RTÉ 2fm]] an clár ba mhó a thuill clú dó. Bhíodh sé le cloisteáil gach maidin ar an gclár sin ó Luan go hAoine idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae, ó [[1988]] go lá a bháis. Fuarthas a chorp ina árasán ar [[Sráid Líosain|Shráid Líosain Uachtarach]] i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain 2010. Fuarthas amach níos déanaí gur dócha go raibh baint ag alcól agus cócaon lena bhás.
 
== Óige ==
D'fhás Gerry Ryan aníos i g[[Cluain Tarbh]] i mBaile Átha Cliath. Bhí a athair ina fhiaclóir agus a mháthair páirteach i gcúrsaí drámaíochta sa chathair. Bhain sé céim dlí amach ó [[Coláiste na Tríonóide|Choláiste na Tríonóide]] sula ndeachaigh sé le craoltóireacht mar ghairm bheatha.
 
== Gairm bheatha ==
 
=== Raidió ===
Chuir sé tús lena ghairmréim mar láithreoir raidió sa chraoltóireacht raidió bhradach agus d'éirigh leis post gairmiúil a fháil in RTÉ nuair a bunaíodh stáisiún raidió nua darb ainm ''Radio 2'' ([[RTÉ 2fm]] sa lá atá inniu ann) sa bhliain [[1979]]. Chaith sé cuid mhaith de na hochtóidí mar láithreoir oíche sa stáisiún go dtí gur éirigh leis clár príomh-ama a bhaint amach dó féin idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae. Clár é seo a bhí dírithe ar chaint agus ar phlé seachas ceol agus chuaigh sé i mbun an chúraim sin go díograiseach. Bhain sé cáil amach mar láithreoir conspóideach nach gcuirfeadh aon fhiacail ann sa phlé a spreagadh sé ar an gclár agus níor loic sé roimh thabhairt faoi ábhair mhóra cainte na linne sin. Samhlaítear é le cuid mhaith den athrú sóisialta a bhí ar siúl in Éirinn san am sin agus é lánsásta an t-athrú sin a úsáid mar ábhar iomarbhá. Bhí an clár seo ar cheann de na cláir raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn go lá a bháis.
 
== Bás ==
Chuir Gerry Ryan glaoch ar a fhostóirí in [[RTÉ]] oíche Dhéardaoin [[29 Aibreán]] [[2010]], le rá go raibh sé in ísle brí agus nach mbeadh sé in ann a chlár raidió a chur i láthair an lá dar gcionn agus fuarthas [[Fiona Looney]], [[iriseoir]], chun an dualgas sin a chur i gcrích ar a shon. D'éirigh Melanie Verwoerd, a pháirtí, buartha nuair a chuala sí nach mbeadh an clár á chur i láthair aige agus toisc nach raibh a fhón á fhreagairt aige ach an oiread. Thug sí cuairt ar a árasán agus nuair nár éirigh léi tabhairt air an doras a oscailt, fuair sé cúnamh ó oibrí tógála chun an doras a bhriseadh isteach. Fuarthas corp Uí Riain ina sheomra codlata thart ar 12.30in agus é ina luí ar an urlár in aice lena leapa. Dearbhaíodh é a bheith marbh ar an láthair. Ceaptar go raibh taom croí mar thrúig bháis.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Ryan, Gerry}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1956]]
[[Catagóir:Básanna i 2010]]