An difríocht idir athruithe ar: "Helen Suzman"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: vi:Helen Suzman
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Polaiteoir de chuid na h[[Afraic Theas|Afraice Theas]] ab ea '''Helen Suzman''' ([[17 Samhain]] [[1917]] - [[1 Eanáir]] [[2009]]).
 
Ba inimircigh [[Giúdaigh|Giúdacha]] ón [[An Liotuáin|Liotuáin]] darbh ainm Gavronsky a tuismitheoirí. Rugadh í n[[Germiston]] i gceantar [[Witwatersrand]] agus oileadh í i scoil [[Caitliceach]]. Phós sí Dr Mosie Suzman nuair a bhí sí fiche bliain d'aois agus bhí beirt iníonacha acu. Bhain sí céim amach in Ollscoil Witwatersrand.
 
Toghadh í do pharlaimint na hAfraice Theas don chéad uair sa bhliain [[1953]]. Bhí cead vótála ag an gcine geall amháin ag an am sin. Bhí sí ina ball den [[United Party]] ar dtús ach ba bhunaitheoir í de pháirtí liobrálach nua, an [[Progressive Party]], sa bhliain [[1959]]. Ba í an t-aon ionadaí den pháirtí tofa in olltoghchán na bliana [[1961]] agus idir 1961 agus [[1974]] ba í an t-aon ionadaí sa pharlaimint a sheas in éadan na cinedheighilte (nó ''[[apairtéid]]''). Cháin sí polasaithe an rialtais go géar. Bhí sí ciaptha ag na péas agus tapáladh a guthán.