An difríocht idir athruithe ar: "Hugh Lane"
Content deleted Content added
Ceartú naisc |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Sargent - Sir Hugh Lane.jpg|thumb|deas|Portráid de Hugh Lane ó 1906]]
Ba dhéileálaí [[Ealaín|ealaíne]] [[Éire
== Óige ==
Rugadh Hugh Lane do James William Lane agus Frances Adelaide Persse. Ba as [[Contae Chorcaí|Corcaigh]] muintir Lane agus as [[Contae na Gaillimhe|Gaillimh]] muintir Persse agus bhí [[Lady Gregory]] ina aintín leis. Tógadh Hugh Lane i g[[Corn na Breataine]] i [[Sasana]], cé gur rugadh é in Éirinn, i g[[Contae Chorcaí]]. Bhí sé ina dhéileálaí ealaíne i Londain faoin mbliain 1901.
== Coincheap na Dánlainne Nua-Ealaíne ==
Tar éis dó cuairt a thabhairt ar a aintín, Lady Gregory, in Éirinn agus taispeántas péintéireachta comhaimseartha a fheiceáil ansin, shamhlaigh Lane go bhféadfaí dánlann a bhunú ina bhféadfaí an chuid is fearr d'ealaín nua-aimseartha na hÉireann agus an domhain mhór a chur ar taispeáint, taobh le taobh. Ón am sin ar aghaidh, dhírigh Lane a chuir iarrachtaí go léir ar bhailiú na healaíne nua-aimseartha ó Éirinn, Sasana agus ón Mór-Roinn, don dánlann nua. Osclaíodh an dánlann nua seo ar 20 Eanáir 1908 i dTeach Clonmell ar Shráid Fhearcair, i m[[Baile Átha Cliath]]. Ach bhí deacrachtaí le hionad buan a fháil don bhailiúchán agus bhí Lane féin imithe ar shlí na fírinne sular lonnaíodh an bailiúchán i ndánlann bhuan, i dTeach Charlemont ar Chearnóg Pharnell.
== Bás ==
Fuair Lane bás mar phaisinéir ar an [[Lusitania (long)|RMS Lusitania]], nuair a cuireadh an long sin go tóin poill le toirpéad ó fhomhuireán [[An Ghearmáin|Gearmánach]] le linn [[An Chéad Chogadh Domhanda|an Chéad Chogaidh Dhomhanda]].
== Naisc Sheachtracha ==
* [http://www.hughlane.ie/ Suíomh gréasáin Dhánlann Hugh Lane]
{{síol}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1875|Lane, Hugh]]
[[Catagóir:Básanna i 1915|Lane, Hugh]]
|