An difríocht idir athruithe ar: "Iaidín"

Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: yi:יאד
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 9:
|Íomhá=I-TableImage.png
}}
[[FileÍomhá:Iod kristall.jpg|thumb|Iaidin]]
Is é an t-'''iaidín''' [[dúil cheimiceach]] uimhir a 53 sa [[Tábla peiriadach|tábla pheiriadach]], rud a chiallaíonn go bhfuil 53 [[prótón|phrótón]] i núicléas an iaidín. Is í an t[[siombail cheimiceach]] a sheasann don iaidín ná I. Níl an t-iaidín chomh haraiciseach chun imoibriúcháin agus na halaiginí níos éadroime (an [[fluairín]], an [[clóirín]] agus an [[bróimín]]), ach mar sin féin, ní féidir teacht ar an iaidín sa dúlra nach mbeadh nasctha de dhúile eile i [[móilín]]í nó i gcriostail ianacha. Má aonraítear iaidín as na [[comhdhúil]]e seo, gheofar criostail chrua dhubha a bhfuil imir nó loinnir chorcra iontu. Bíonn sé deacair iaidín a leá le gnáthbhrú an [[Atmaisféar|atmaisféir]], nó is dual dó iompú go sciobtha ina ghás chorcra. Is minic a chreidtear go néalaíonn an t-iaidín go gás sula leáitear é, ach ní mar a shíltear a bhítear: le fírinne, leánn an t-iaidín ag 113.7&nbsp;°C, agus is é an fiuchphointe ná 184.3&nbsp;°C. Tá an t-iaidín - idir sholad, leacht agus ghás - comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha, I<sub>2</sub>.