An difríocht idir athruithe ar: "Jacques Labillardière"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 22:
Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc chuaigh sé leis ag bailiú luibheanna in éineacht le heolaithe éagsúla faoi shléibhte Dauphiné agus ansin faoi Alpa Phíodmant.
 
== Sa Mheán-Oirthear ==
Sa bhliain 1786 d’iarr an rialtas air dul ar cuairt chun Ciprise, chun na Pailistíne agus chun na Siria. Choinnigh an phlá agus an cogadh sa tSiria é, agus shiúil sé Sliabh na Liobáine, áit a bhfuair sé amach nach raibh i bhforaois chlúiteach na gcéadras ach cúpla céad crann. Bhailigh sé plandaí agus fuair eolas ar bhéasa na nDrúsach agus na Marainíteach. Chrom se ar an tomhas freisin agus rinne amach airde na sléibhte. Tá sléibhte na Liobáine chomh hard sin go raibh aeráidí éagsúla le fail aige de réir na hairde – plandaí na dtíortha teo thíos, plandaí na dtíortha measartha leath slí suas, plandaí na dtíortha fuara láimh leis an mullach.<ref>Duyker (2003) lgh 37–51.</ref>
 
Thug se a aghaidh ar an Damaisc agus ansin ar an bhFrainc, agus é ag tabhairt cuairt ar an gCréit, ar na tSairdín agus ar an gCorsaic, áiteanna a sholáthair mórán plandaí dó. Ar ais sa Fhrainc dó thosaigh sé ag foilsiú cuntais ar a raibh déanta aige, saothar dar teideal ''Icones Plantarum Syrix rariorum descriptionibus et observationibus illustratæ'' (Páras 1791) nár chríochnaigh sé go dtí an bhliain 1812.
 
== San Aigéine ==
Sa bhliain 1791 d’ordaigh an rialtas go gcuirfí sluaíocht ar lorg longa [[Jean François de Galaup, comte de La Pérouse|La Pérouse]], taiscéalaí, san Aigéine. Bhí [[Antoine Bruny d'Entrecasteaux|Bruny d’Entrecasteaux]] agus [[Jean-Michel Huon de Kermadec|Huon de Kermadec]] i gceannas ar chabhlach beag ceithre long, agus d’éirigh le La Billardière imeacht leis.
[[FileÍomhá:Recherche and Espérance-François Roux mg 0574.jpg‎|thumb|280px|Na frigéid ''Recherche'' agus ''Espérance'']]
 
D’imigh sé ar bord ''La Recherche'' ar 28 Meán Fómhair 1791, agus nuair a baineadh amach Rinn an Dóchais shiúil sé na sléibhte agus fiú chuaigh amach faoin tuath chomh fada le Fransche-Hoek chun bualadh le coilíneacht Úgónach a d’fhódaigh iad féin ann sa bhliain 1675. Bhailigh sé neart plandaí nach raibh an oiread sin eolais orthu go dtí sin.
 
Tar éis breis is dhá mhí de sheoltaireacht dheacair tháinig an cabhlach chomh fada le cósta Thír Van Diemen ([[An Tasmáin|an Tasmáin]]) agus thug tamall i gcuan ar tugadh Entrecasteaux air sa bhliain 1792. Chuaigh La Billardière agus nádúraithe eile amach ag féachaint ar an tír. Rinne na Francaigh taiscéaladh ar iardheisceart na hAstráile agus ar an Nua-Shéalainn freisin, taiscéaladh ar bhain La Billardière agus a pháirtithe leas as chun samplaí geolaíocha, luibheolaíocha agus míoleolaíocha a bhailiú agus cuntas a thabhairt ar bhéasa agus ar theangacha Bhundúchasaigh na hAstráile.
Shroich an cabhlach oileán [[Iáva]] i Mí Dheireadh Fómhair 1793 tar éis dó a cheannaire agus ocht bhfear is ceithre fichid den fhoireann a chailleadh. Thosaigh na cogaí réabhlóideacha idir an dá linn, agus dá bhrí sin ghabh na hOllannaigh na Francaigh agus cuireadh bailiúcháin La Billardière chun na Breataine.
Líne 39:
Coinníodh La Billardière i Samarang agus sa Bhatáiv, agus níor scaoileadh saor é go dtí 29 Márta 1795. Bhain sé amach Île de France, ach bhí breis is ceithre mhíle planda caillte aige agus gan eolas ar bith ar dhá thrian acu go dtí sin. Ach cuireadh ar ais chun na Fraince iad, a bhuíochas sin ar an Ridire Joseph Banks.
 
== Sa bhaile arís ==
 
D’fhill La Billardière ar Pháras sa bhliain 1796 agus chrom sé ar an ábhar go léir a chur in ord agus in eagar agus ar chuntas air a fhoilsiú.
Líne 47:
D’fhoilsigh sé cuntas ar a thuras chun na hAigéine (''Relation du voyage à la recherche de La Pérouse'', [[1799]]), leabhar a raibh an-ráchairt air san Eoraip, agus rinneadh ball d’Acadamh na nEolaíochtaí de as bhliain 1800. Idir na blianta 1800 agus 1806 d’fhoilsigh sé ''Novae Hollandiae plantarum specimen'', mionchuntas ar fhlóra na hAstráile.
 
== Tréithe an fhir ==
Duine borb ba ea La Billardière<ref>Duyker (2003), lch 3.</ref> agus é thar a bheith ceanndána<ref>Carr & Carr (1981), lch 79.</ref>. Os a choinne sin, dúradh go raibh sé an-fhial.<ref>Duyker (2003), lch 24.</ref> Bhí ainm an ionracais air maidir le hairgead<ref>Carr & Carr (1981), lch 80.</ref> ach cáineadh é as samplaí nár bhailigh sé a úsáid gan admháil.
Fear láidir ionnúsach éirimiúil ba ea é agus an-ghreim aige ar theangacha. Bhí a chuid Laidine gan locht.
Ó thaobh na polaitíochta de, ba phoblachtach diongbháilte é.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
== Leabhair ==
* Duyker, Edward Duyker, ''Citizen Labillardière: A Naturalist’s Life in Revolution and Exploration (1755—1834)'', Miegunyah/Melbourne University Press, Melbourne, 2003, ISBN 0 522 85010 3, athchló le clúdach bog, 2004, ISBN 0 522 85160 6.
* Carr, S. G. M. and Carr, D. J. (1981) ‘A charmed life: The collections of Labillardière,’ lgh 79–15, ''People and plants in Australia'', Carr, D. J. agus Carr, S. G. M. (eag.), Sydney, Academic Press ISBN 0-12-160720-8
 
{{DEFAULTSORT:Labillardiere, Jacques}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1755]]
[[Catagóir:Básanna i 1834]]